Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie

Harry Potter as Gaeilge

Options
  • 13-06-2003 8:50pm
    #1
    Registered Users Posts: 1,286 ✭✭✭


    Leagan Gaeilge de Harry Potter le foilsiú


    Tá foilsitheoirí Harry Potter, Bloomsbury Publishing, i ndiaidh tabhairt le fios go bhfuil siad chun leagan Gaeilge de leabhar Harry Potter a chur ar fáil.
    Bhí línte gutháin Lá te, an lá inné, i ndiaidh dúinn tabhairt le fios go raibh plé ann faoi fhoilsiú leagan Gaeilge de leabhar de chuid Harry Potter.
    Tráthnóna inné, d’fhíor-aigh Bríd Ní Chuilinn ó Bloomsbury Publishing, fís gach páiste gaelscoile nuair a thug sí le fios do Lá go raibh an comhlacht ag beartú aistriúchán Gaeilge ar chéad leabhar Harry Potter a fhoilsiú.
    “Foilseofar leagan Gaeilge den chéad leabhar sa tsraith, i lár na bliana seo chugainn,” arsa Bríd.
    “Tá suim mhór le mothú i measc páistí le Gaeilge oiread is atá le mothú i measc páistí le teangacha eile agus táimid i ndiaidh iarraidh ar Mháire Nic Mhaoláin an leabhar a aistriú.
    “Bhí aistriúchán s’aici go Gaeilge den leabhar, Under the Hawthorn Tree – ‘Faoin Sceach Gheal’ – thar a bheith maith agus tá muid ag dúil go mór leis an leagan seo de Harry Potter.”
    Tá leabhair Harry Potter á bhfáil anois sna scórtha teanga.


Comments

  • Closed Accounts Posts: 10,730 ✭✭✭✭simu


    góc*

    Is dóigh liom nach fada go mbeidh níos mó cóipeanna do Harry Potter díolta ná mar atá don mBíobla.


    *gáire ó chroí (lol as Gaeilge:))


  • Registered Users Posts: 1,286 ✭✭✭Gael


    Dúirt cara liom, go raibh an bhean a d'aistrigh chéad leabhar Harry Potter go Gaeilge ar chlár Gerry Ryan inniu. Ar chuala aon duine í?

    A friend told me that the woman who has translated the first Harry Potter book into Irish was on Gerry Ryan's show today. Did anybody hear her?


  • Registered Users Posts: 1,853 ✭✭✭Yoda


    Seolfar an leabhar go hoifigiúil ag 12:00 Dé Sathairn, 9 Deireadh Fómhair, i siopa leabhar Kenny's i nGaillimh.


  • Registered Users Posts: 1,286 ✭✭✭Gael


    Cé mhéad a bheidh air sna siopaí, an bhfuil a fhios ag aon duine?

    How much will it cost in the shops does anyone know?


  • Registered Users Posts: 2,055 ✭✭✭snickerpuss


    Nil a fhios agam an freagair don ceist sin, ach ceard é pointe é a chuir amach i gaeilge?
    Is brea liom an teanga ach cé mhéad daoine a bhfuil chun é a léamh?
    Tá mé an-duairc tá fhios agam! :p

    I dont know the answer to that question, but whats the point in putting it out through irish?
    I love the language but how many people are going to read it?
    Im very pessimistic i know!
    :p


  • Advertisement
  • Closed Accounts Posts: 10,730 ✭✭✭✭simu


    Nil a fhios agam an freagair don ceist sin, ach ceard é pointe é a chuir amach i gaeilge?
    Is brea liom an teanga ach cé mhéad daoine a bhfuil chun é a léamh?
    Tá mé an-duairc tá fhios agam! :p

    I dont know the answer to that question, but whats the point in putting it out through irish?
    I love the language but how many people are going to read it?
    Im very pessimistic i know!
    :p

    Do leanaí scoile is dócha - beidh sé níos fusa dóibh é a léamh toisc go bhfuil an scéal ar eolas acu cheanna féin. Sin é atá á rá ag na foilsitheoirí (publishers) pé scéal é.


  • Registered Users Posts: 1,286 ✭✭✭Gael


    I mo chás-sa, dá mbeadh Harry Potter ar fáil i mbéarla amháin sa tír seo, ní bheadh suim dá laghad agam ann. Nílim ró-thógtha le leabhair fantasy mar sin. Ach seans maith go gceannóidh mé an leagan Gaeilge de bharr fiosrachta.


  • Registered Users Posts: 1,853 ✭✭✭Yoda


    Nil a fhios agam an freagair don ceist sin, ach ceard é pointe é a chuir amach i gaeilge?
    Lenar féidir le lucht na Gaeilge scéal breá spéisiúil a léamh amach do pháistí, mar shampla.

    Níl aon chiall cosc a chur ar aistriúcháin ón mBéarla. Is féidir Gaeilge mhaith a chur ar leabhair, cuma an bhunteanga. Rinne Nicholas Williams é sin ar Eachtraí Eilíse i dTír na nIontas anuraidh, mar shampla – agus Lastall den Scáthán agus a bhFuair Eilís Ann Roimpí le teacht amach roimh an Nollaig!


  • Registered Users Posts: 1,286 ✭✭✭Gael


    Seo píosa faoin seoladh i Kenny's:

    http://www.kennys.ie/News/


Advertisement