Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie

Gaelscoil i ngach contae

Options
  • 26-10-2004 7:23pm
    #1
    Registered Users Posts: 1,286 ✭✭✭


    Faoi dheireadh beidh ar a laghad gaelscoil amháin i ngach contae, nuair a osclóidh an chéad ghaelscoil i gContae Liatroma.

    Finally there will be at least one gaelscoil in every county in Ireland when one finally opens in Leitrim.

    ó nuacht.com

    32 i 32 – Gaelscoil in achan chontae


    An lúb ar lár.
    Go míchompordach a d’iompair Gaeil Liatroma an lipéad úd leis na blianta.
    Ach ní a thuilleadh.
    Nó tá Gaelscoil Liatroma ar an tslí agus tá an contae deiridh sa tír gan Gaelscoil ann ar tí theacht ar bord.
    Bánaithe ag an eisimirce, fágtha in áit na leathphingine ag lucht atarraingte na dteorainneacha toghlaigh agus gan de dhaonra ann ach 20,000 duine san iomlán, is iomaí fáth go raibh Liatroim ar chúl le forbairt na Gaelscolaíochta.
    Ach ar 1 Meán Fómhair 2005, tá dréim leis go dtriallfaidh corradh is scór dalta ón chontae ar Ghaelscoil Liatroma i gCora Droma Rúisc agus is maith a thuigeann muintir an chontae ciall na hócáide.
    “Iontach an scéal é,” arsa Adrian McNamara, duine acu sin atá taobh thiar den ghaelscoil nua.
    “17 páiste nua atá de dhíth le haghaidh bhunú na scoile ach is cinnte go mbeidh thar scór againn ar mhéid na spéise atá léirithe go dtí seo.
    “Níor cheart dúinn an fia a mharú go bhfeicimid é cinnte ach déanta na fírinne, ag an phointe seo, táimid thar a bheith dóchasach go bhfuil gach rud déanta againn de réir an leabhair agus gur chóir go mbeadh an scoil ag feidhmiú ó 1 Meán Fómhair seo chugainn.
    “Go dtí seo, ní raibh Gaelscoil sa chontae agus b’éigean do pháistí turas tríocha míle ar a laghad a chur orthu féin le freastal ar ghaelscoil sna contaetha máguaird.
    “Ach tá deireadh leis sin anois agus ní fada uainn céad lá Ghaelscoil Liatroma.
    “Agus thig a bheith cinnte de go dtuigtear ciall na nuachta sin sa chontae seo.”
    32 i 32.
    Ar íoróiní an tsaoil, is sa 32ú bliain de Ghaelscoileanna Teo, 2005, a fíorófar an fhís bhunaidh, is é sin go mbeadh rogha na Gaelscolaíochta ar fáil in achan cheann de na 32 chontae.
    Is iomaí léargas a thugann cás Liatroma ar na constaicí atá sa bhealach ar ghaelscoileanna, an lá inniu.
    2,500 duine daonra Chora Droma Rúisc, 20,000 daonra Liatroma ar fad.
    Ach tá na critéir cheannanna chéanna do bhunú Gaelscoile i bhfeidhm i Liatroim is atá ann i Leamhcán mar shampla, dúiche a bhfuil daonra 70,000 ann.
    Ó thuaidh, thug Martin McGuinness aird ar an éagóir sin nuair a laghdaigh sé na critéir do ghaelscoileanna tuaithe taobh leis na critéir atá ann do scoileanna i gceantair uirbeacha.
    Ceist nár miste a phlé i gcomhthéacs bhunú gaelscoileanna ó dheas.
    Ceacht eile do ghluaiseacht na Gaelscolaíochta ab ea go raibh ról nach beag ag an eagras ‘Comhluadar’ i dtabhairt le chéile cuid de na daoine a bheadh rannpháirteach san iarracht le Gaelscoil Liatroma a bhunú.
    Gnó Comhluadar is ea timpeallacht Ghaelach agus ócáidí teacht le chéile a sholáthar do pháistí atá á dtógáil le Gaeilge.
    Constaic eile a bhí sa bhealach i gcás Liatroma nach raibh aon taithí ag muintir an chontae ar an ghaelscolaíocht agus iad ar bheagán eolais dá bharr faoina raibh i gceist.
    Coincheap úr ar fad a bhí ann agus mar is eol ó thaithí fhada Gaelscoileanna, bíonn iarracht mhór de dhíth chun daoine a mhealladh chuig a leithéid.
    Ach d’imigh sin agus tháinig seo agus tá Gaelscoil Liatroma ag druidim níos cóngaraí dúinn le himeacht gach lá.
    Ar bharr taoide a bheidh Gaeil Liatroma le hoscailt na scoile úire, tógáil chroí ní hamháin dóibh féin ach don chontae ar fad, contae atá ag troid ar ais i ndiaidh roinnt blianta thar a bheith crua.
    Diaidh ar ndiaidh, tá daonra Liatroma ag méadú arís, sin mar gheall ar theacht abhaile imirceach agus as siocair go bhfuil go leor leor daoine ón taobh amuigh ag teacht isteach a chónaí ann.
    Ó thaobh cúrsaí fostaíochta de, tá biseach ann chomh maith, na céadta duine ag teacht isteach ag obair i leithéidí mhonarcha MBNA.
    Agus tá gach cosúlacht ann gur i bhfeabhas a rachaidh cúrsaí oibre nó tá rannóg rialtais le dílárú go Liatroim mar chuid de phlean díláraithe an rialtais.
    Cuid eile den dul chun cinn sin a bheidh sa Ghaelscoil.
    “Tionólfar cruinniú poiblí i mbéal na Nollag,” arsa Adrian Mc Namara, “agus beidh faill againn ag an am sin bonn ceart a chur faoin fhiontar.
    “Ach is cinnte go bhfuil corradh is scór dalta ag iarraidh theacht isteach sa chéad bhliain agus de réir mar atá an focal ag dul thart, tá an líon sin féin ag méadú.”
    Má tá aoibh an gháire greanta ó chluas go cluas ar Adrian, na saolta seo, ní amhlaidh a bhí sé trí bliana ó shin.
    As Cabhán do Adrian agus as Baile Átha Cliath a bhean agus ghlac siad leis go mbeadh gaelscoil ann nuair a tháinig siad go Liatroim ar dtús.
    Ba mhór an díoma a bhí orthu ar fháil amach dóibh nach amhlaidh a bhí agus mar sin, i gcomhar le tuismitheoirí eile, thosaigh siad ar thuras a mbeidh Gaelscoil Liatroma mar cheann scríbe ann.
    Obair mhór a rinne siad, oiread is go raibh an togra réidh le seoladh anuraidh ach amháin go raibh fabht éigin sa chóras riaracháin maidir le cead pleanála agus b’éigean é a chur siar go ceann bliana.
    Scéal eile é i mbliana, áfach, agus tá gach rud faoi réir.
    Údar spéise é go bhfuil Gaeilge ag gach duine ar an choiste bunaithe, faobhar breise ar an scéal.
    Tá an comhaireamh síos faoi lánseol, ní hamháin do mhuintir Liatroma ach do Ghaeil na tíre ar fad.


Advertisement