Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie

Cláir TG4

  • 06-01-2006 4:19pm
    #1
    Closed Accounts Posts: 541 ✭✭✭


    An bhfaca aon daoine na cláir ar an TG4 ar na mallaibh, "Pimp my Ride" "The fabulous life of.." srl...

    Céard a cheapann sibh??


Comments

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 605 ✭✭✭Crania


    Ceapaim go bhfuil iad uafasách ar fad, tá TG4 staisiún gaelige ach tá siad ag táispéaint cláir bearla. Bhí ionadh agus déistíneach orm!


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 593 ✭✭✭Scráib


    Sea, ta a lán clar béarla ag dul ar TG4 le déanaí. Ta fonn orm a níos mó clar mar Paisean faisean agus a leithéad a fheiceáil.


  • Closed Accounts Posts: 541 ✭✭✭GaryOR


    aontaím libh, ach, ar an meán le linn Nollag d'fhéach 1,281,00 duine ar TG4 gach lá....mar gheall ar cláracha Bearla agus Gaeilge!!

    méadú mór ar fhigiúirí 2004


    (Cláir nó cláracha ????)


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,286 ✭✭✭Gael


    GaryOR wrote:
    aontaím libh, ach, ar an meán le linn Nollag d'fhéach 1,281,00 duine ar TG4 gach lá....mar gheall ar cláracha Bearla agus Gaeilge!!

    méadú mór ar fhigiúirí 2004


    (Cláir nó cláracha ????)

    Tá an dá leagan ceart i ndáiríre. Braitheann sé ar an gcanúint. Ach is é "cláir" an leagan sa caighdeán oifigiúil. Fútsa atá sé cibé leagan is fearr leat a úsáid.


  • Closed Accounts Posts: 541 ✭✭✭GaryOR


    Gael wrote:
    Tá an dá leagan ceart i ndáiríre. Braitheann sé ar an gcanúint. Ach is é "cláir" an leagan sa caighdeán oifigiúil. Fútsa atá sé cibé leagan is fearr leat a úsáid.

    grcma a Ghael

    Is fearr liom "Cláracha", beidh mé a úsáid é sa todhchaí..


  • Advertisement
  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire


    Ní maith liom iad ach ag an am céanna níl aon clár an do déagóirí as gaeilge.
    Faigh fiú cartoon maith as gaeilge. Is maith liom 'samurai Jack'


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,286 ✭✭✭Gael


    Cliste wrote:
    Ní maith liom iad ach ag an am céanna níl aon clár an do déagóirí as gaeilge.

    Chuala mé go bhfuil sraith ghrinn do dhéagoirí á cruthú ag a stáisiún faoi láthair. Rud éigin cosúil le Malcolm in the Middle. Ní cuimhin liom an t-ainm atá air.


  • Closed Accounts Posts: 541 ✭✭✭GaryOR


    Chuala mé go bhfuil sraith ghrinn do dhéagoirí á cruthú ag a stáisiún faoi láthair. Rud éigin cosúil le Malcolm in the Middle. Ní cuimhin liom an t-ainm atá air.

    Chuala mé faoin clár céanna, "Adharca fada" an t-ainm atá air.....ceapaim!!!


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,286 ✭✭✭Gael


    GaryOR wrote:
    Chuala mé faoin clár céanna, "Adharca fada" an t-ainm atá air.....ceapaim!!!

    Ní hea is dóigh liom. Sin clár eile go bhfios dom. Tá ainm cailín ar an gclár seo más buan mo chuimhne. "Sinéadín" nó rud mar sin.


  • Closed Accounts Posts: 541 ✭✭✭GaryOR


    tuigim...


  • Advertisement
  • Closed Accounts Posts: 20 donaghkebab


    Ba chóir dóinbh foththeidil a chur suas i nGaelige leis a leithéid do 'pimp my ride' 7rl Beadh sé greannmhar agus oideachasúil... Tabharfaidh sé foclóir nua ddo Pharis Hilton agus a cairde.


  • Closed Accounts Posts: 10,730 ✭✭✭✭simu


    Ba chóir dóinbh foththeidil a chur suas i nGaelige leis a leithéid do 'pimp my ride' 7rl

    :D

    Ba mhaith liom an post sin a bheith agam!


  • Closed Accounts Posts: 541 ✭✭✭GaryOR


    Ba chóir dóinbh foththeidil a chur suas i nGaelige leis a leithéid do 'pimp my ride' 7rl Beadh sé greannmhar agus oideachasúil... Tabharfaidh sé foclóir nua ddo Pharis Hilton agus a cairde.

    Beadh sé go hiontach :D


  • Closed Accounts Posts: 541 ✭✭✭GaryOR


    úps , is é a bhí i gceist agam ná: Bheadh sé sin go hiontach :D


  • Closed Accounts Posts: 541 ✭✭✭GaryOR


    An bhfaca aon duine "Adharca Fada" aréir, chuala mé ní raibh sé ró maith....


  • Registered Users Posts: 130 ✭✭Dave3x


    Mar gheall ar 'pimp my ride' agus 'samurai jack'- nach mbeadh sé níos fearr, dá mbeadh níos mó cláir siumúil éireannach ar síul, cosúil le 'Léargas' agus, le déanaí, 'Béan an Tí'? Mar b'fhearr leo (an tromlacht) 'samarai jack' as Bearla, má tá sé ar siúl.

    [Tá brón orm faoi mo chaighdeán...níl aon duine agam chun bheith ag cleachtadh liom ar feadh cúpla mí.....]


  • Closed Accounts Posts: 337 ✭✭odhran


    I mo thuairimse, tá an iomarca cláireacha faoi daoine aosta agus iad ag cánadh agus ag insint scéalta faoi Eire mar a bhí sé 50 bliaina ó shin. Is gá le cláireaca nua-aimseartha is suimiúila atá spéisiúil don sochaí ginearálta.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 261 ✭✭Diorraing


    I mo thuairimse ba cheart go mbeadh clár polaitíochta ceart acu. Tá neart polaiteoirí le Gaeilge acu agus ba cheart do TG4 díospóireachtaí a eagrú agus muid ag druidim i dtreo an toghcháin. Bíonn an clár sin 7 lá ar siúl ó am go ham ach ní clár polaitíochta ceart é agus táim bréan den Lionárdach ag an stáitse seo. Freisin bíonn an cumannach sin Eoin Ó Murchú air go minic - A Mhaighdean!!


  • Closed Accounts Posts: 20 donaghkebab


    Tá spás ann i gcóir cláracha ráiméiseach ar nós 'pimp my ride'...
    Taitníonn ráiméis l'Éirinnigh. Ba gcóir go mbeadh sé ar fáil i nGaeilge...


  • Closed Accounts Posts: 541 ✭✭✭GaryOR


    Gael wrote:
    Chuala mé go bhfuil sraith ghrinn do dhéagoirí á cruthú ag a stáisiún faoi láthair. Rud éigin cosúil le Malcolm in the Middle. Ní cuimhin liom an t-ainm atá air.

    "Tennage Cics" b'fhéidir.. .

    Clár réasúnta maith atá sé, i mo thuairim


  • Advertisement
Advertisement