Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie

cursaí chun chur le cruinneas na gaeilge

  • 13-02-2006 5:05pm
    #1
    Closed Accounts Posts: 2


    Ba mhaith liom chur le cruinneas mo chuid gaeilge. Tá's agam nach bhfuil sé cruinn a dhóthaint. Freisin ní bhíonn a dhóthaint cleachtadh agam ar labhairt na gaeilge. Táim seacht bliain as an scoil anois, agus táim den bharúil nach bhfuil mo ghaeilge chomh maith is a bhí sé. Tá eagla orm go ndéanfaidh mé dearmad ar go hiomlán. Ceapaim gurb slí maith chun é a choiméad ná cúrsa déine ó thaobh na gramadach 7rl a dhéanamh. Bheadh suim agam i gcúrsa ollscoile, ar nós Dioplóma nó Máistreacht san Aistriúcháin nó aon rud mar sin ach níl céim agam san ghaeilge agus mar sin ní dóigh liom go n-éireoidh liom. (Tá céimithe eile agam i n-ábhair eile, agus tá dioplóma ghaeilge agam ó Ollscoil na hÉireann, Gaillimh). (Nílim ag iarraidh obair i gcúrsaí aistriúcháin, ach ba mhaith liom bheith in ann obair as ghaeilge más gá sa todhchaí, agus bheith in ann é a úsáid gan na mílte botúin!)

    An bhfuil tuairimí ag éinne?

    (Ní cuireadh sé amach orm cá mbeinn ag freastal ar an chúrsa, ach, sin ráite, tá gaeilge na mumhan agam, agus mar sin, b'fhearr liom bheith in áit éigin ina bhfuil gaeilge na mumhan go láidir.)

    Míle buíochas as aon chabhair ar bith!
    :)


Comments

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,286 ✭✭✭Gael


    Cá háit a bhfuil tú. Déarfainn gur ceart duit dul ag an gConradh. Bíonn ranganna ag leibhéil éagsúla acu ó thosaitheoirí go daoine atá beagnach líofa. Téigh i dteagmháil leo ag eolas@cnag.ie


Advertisement