Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie

Cartúin na Darmhairge

  • 21-02-2006 12:22am
    #1
    Registered Users, Registered Users 2 Posts: 261 ✭✭


    Sílim féin go raibh na cartúin seo ionsaitheach agus maslach don chreideamh islamach gan mórán cúise. Mar sin féin sílim go raibh agus go bhfuil freagra na muslamach thar fóir. Pé dochar a rinne na cartúin ní leithscéal iad le círéibeanna a thosú gan trácht ar dhaoine a mharú!
    Caithfear saoirse cainte a chaomhnú go pointe áirithe ach má ghríosaíonn an chaint fuath nó a leithéid sílimse go bhfuil an ceart ag an stáit an ceart sin a bhaint. Bronann an stáit cearta ar an saoránach ach chun na cearta is tábhachtaí a chosaint, tá cead aici cearta nach bhfuil ar aon tábhacht céanna a bhaint. Sa chás seo ní dóigh liom gur spreag na cartúin fuath don chomhluadar muslamach i measc críostaithe mar sin níor chóir an saoirse cainte a bhaint. É sin ráite níl sé ró-chliste ag daoine an chreideamh muslamach a ionsú. Cé nach bhfuil muide ró-bhuartha faoin Eaglais Chaitliceach tá an reiligiún Ioslamach ar an rud is tábhachtaí i measc Arabaigh.


Comments

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,286 ✭✭✭Gael


    Ag an am céanna níl moslamaigh áirithe sásta go ndéanfaí aon cháineadh ar Mhoslamaigh ná ar a gcreideamh. Tá siad sásta daoine a mharú as cáineadh ar bith a dhéanamh, amhail an fear sin Van Gogh san Ísiltír. Tuigim gur mionlach iad siúd, ach ar ceart géilleadh dóibh siúd agus cosc a chur ar rudaí mar seo?


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 261 ✭✭Diorraing


    Ní ag caint faoi dream beag anseo. Is faoin domhain moslamach go léir atá muid ag caint. Chúisigh na cartúin seo círéibeanna agus fuath agus dá bhrí sin ba cheart go dtitfeadh sé faoin dlí a deir go bhfuil sé mídhleathach fuath a ghríosadh - Dála an scéil, an gcialaíonn "incitement of hatred" fuath a spreagadh i measc do lucht leanúna i gcoinne 3ú páirtí nó fuath a spreagadh i do choinne?


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,286 ✭✭✭Gael


    Fuath i gcoinne an triú páirtí. Ní chreidim gur spreag sé fuath i gcoinne na Moslamach.


Advertisement