Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie

Blog Nua: Chetwynde Downs

Options
  • 27-03-2006 11:19pm
    #1
    Registered Users Posts: 634 ✭✭✭


    http://chetwyndedowns.blogspot.com/

    Nílim ach tosnaithe agus nílim in ann an córas a láimhseáil i gceart fós. Athchraoladh ar an ráiméis a bhíonn á seoladh agam ar Clár Plé Beo. Tá sé ar intinn agam roinnt den sean-stuif a athfhoilsiú amach anseo.

    Scaipigí an dea/droch-scéal.

    Fáilte roimh cheartúcháin agus moltaí.


Comments

  • Closed Accounts Posts: 20 donaghkebab


    Caithfidh mé ceist a chur, Cá bhfuil an áit seo Chetwynde Downs? Sasana? Is an-sasanach an ainm é! An uair deirineach a bhíos sa bhaile i gCorcaigh, chonachas estáit conáithe i mBaile an Chollaigh darbh ainm 'Waltham Abbey', is áit i Londain í Waltham!

    Cad atá ar súil anseo? Is muide ár naimhde féin!


  • Registered Users Posts: 634 ✭✭✭Míshásta


    Caithfidh mé ceist a chur, Cá bhfuil an áit seo Chetwynde Downs? Sasana? Is an-sasanach an ainm é! An uair deirineach a bhíos sa bhaile i gCorcaigh, chonachas estáit conáithe i mBaile an Chollaigh darbh ainm 'Waltham Abbey', is áit i Londain í Waltham!

    Cad atá ar súil anseo? Is muide ár naimhde féin!

    Caithfidh mise ceist a chur chomh maith. Cén saghas bia é an 'Kebab'? Cad as dó? An Mheán Oirthir? Ní bia é atá oiriúnach don chine geal in ao' chor gan na Gaeil a bhac. Ní focal é atá i bhfoclóir De Bhaldraithe, ní glacaim leis. Nach mbeifeá sásta le prátaí, bagún agus cabáiste. Ó! fan nóimeat, nár tháinig na prátaí ó Mheiriceá ar dtúis, agus nárbh iad na plandóirí Sasanacha a thug isteach iad go dtí an tír seo?

    Maidir le "Chetwynde Downs", dream de phlandóirí Sasanacha ab ea na Chetwyndes freisin, ó aimsir Chromail. Thógadar 'Castle Chetwynde' an suíomh ar a bhfuil "Chetwynde Downs" suite anois. Ainm sean-bhunaithe é fén am seo. Caithfidh tú glacadh leis.

    Cá bhfuil "Chetwynde Downs? eastáit tithíochta mhean-aicmeach duilleogach i mbaile satailíte, Carraig na mBan, taobh amuigh de Chathair Chorcaí.

    Caithfidh tú mo bhlag a leanúint agus beidh tuilleadh eolais fé "Chetwynde Downs" a stair ahus a mhuintir. Geallaim duit nach raibh a leithéid de scéal ann ó chead-chraoladh "Dallas" ar an dteilifís na blianta ó shin. Ach is dócha go bhfuilir ró-óg chun an clár san a bheith ar d'eolas.


  • Closed Accounts Posts: 541 ✭✭✭GaryOR


    Caithfidh mé ceist a chur, Cá bhfuil an áit seo Chetwynde Downs? Sasana? Is an-sasanach an ainm é! An uair deirineach a bhíos sa bhaile i gCorcaigh, chonachas estáit conáithe i mBaile an Chollaigh darbh ainm 'Waltham Abbey', is áit i Londain í Waltham!

    Cad atá ar súil anseo? Is muide ár naimhde féin!

    Bhí mé ag smaoineamh an rud ceannann cheana,
    Ba cheart go mbeadh cosc a cur ar forbairtí ainmneacha Gall a usáid le haghaidh eastát tithíochta.
    Táim i mo chónaí san foirgneamh leis an ainm "Camden Lock" Oh I do say (Posh English Accent).

    Tá a lán eastát tithíochta leis ainmneacha Gaelach i gCorcaigh chomh maith.
    Tá a lán ainmneacha Gaelach ar na tithíochta saiore in iarthar Contae Shligigh chomh maith leis sin, mar Ghort na Cladach, Clúinín na mBó, Croí na Gréine s7l


  • Registered Users Posts: 1,286 ✭✭✭Gael


    Go n-éirí le d'iarrachtaí scríbhneoireachta a Mhíshásta!


  • Closed Accounts Posts: 541 ✭✭✭GaryOR


    Mísh&#225 wrote: »
    http://chetwyndedowns.blogspot.com/

    Nílim ach tosnaithe agus nílim in ann an córas a láimhseáil i gceart fós. Athchraoladh ar an ráiméis a bhíonn á seoladh agam ar Clár Plé Beo. Tá sé ar intinn agam roinnt den sean-stuif a athfhoilsiú amach anseo.

    Scaipigí an dea/droch-scéal.

    Fáilte roimh cheartúcháin agus moltaí.

    Mar a dúirt Gael cheana, go n-éirí leis do Bhlag, beidh mé ag breathnú air go rialta..


  • Advertisement
  • Closed Accounts Posts: 541 ✭✭✭GaryOR


    Fáilte roimh cheartúcháin agus moltaí.


    níl mé chomh tugtha leis an dath ar do Bhlag... ach níl sé sin ach mo thuairim


  • Closed Accounts Posts: 541 ✭✭✭GaryOR


    Chuir Míshasta an cheist seo thíos ar a Bhlag:
    Fhios ag éinne an Ghaeilge ar Aherlow?

    De réir "AN tORDÚ LOGAINMNEACHA" http://www.irishstatutebook.ie/ZZSI133Y1975.html
    Sí Eatharlach an t-ainm Gaelach le haghaidh Aherlow.

    Níl mé in ann an freagra a gcuir suas ar do bhlag mar níl aon Blogger account agam.


Advertisement