Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie

David McWilliams agus Gaeilge

Options
  • 28-03-2006 8:24pm
    #1
    Registered Users Posts: 261 ✭✭


    Léigh mé alt i Lá ag rá go raibh McWilliams i láthair ag Tóstal na Gaeilge, é ag ra go raibh athbheochnú i ndán di. Bhí sé ag caint faoin bhféiniúlacht a thugann sé dúinn agus na buntáistí a bhaineann le sochaí dá-theangach. Níor cheap mé go mbeadh sé moltach faoin nGaeilge toisc é a bheith chomh tógtha leis an ngéilleagar agus go gceapfadh sé gur cur amú airgid a bheadh sa nGaeilge. Féir plé dhó


Comments

  • Registered Users Posts: 1,286 ✭✭✭Gael


    An bhfuil tú ag caint faoi seo thíos:

    http://www.nuacht.com/story/?newsid=9876&cat_id=1


  • Registered Users Posts: 261 ✭✭Diorraing


    Yeah, go raibh maith agat as an nasc a sholáthar. Ní raibh mé in ann teacht air


  • Registered Users Posts: 1,286 ✭✭✭Gael


    Diorraing wrote:
    Yeah, go raibh maith agat as an nasc a sholáthar. Ní raibh mé in ann teacht air

    Chonaic mé an t-eagrán a luaigh tú. Ní dhéanann an t-alt thuas ach McWilliams a lua mar chuid amháin den Tóstal. Bhí alt eile ann a rinne cur síos níos cruinne ar an méid a dúirt sé féin, ach níl sé ar an idirlíon faraor.


  • Closed Accounts Posts: 541 ✭✭✭GaryOR


    ó Lá
    Bhí an slua is mó den Tóstal i láthair, maidin Dé Sathairn,chun éisteacht leis an tráchtaire aitheanta, David McWilliams, is é ag caint faoina thuairim go bhfuil athbheochan i ndán don nGaeilge amach anseo. Thosaigh sé an óráid in Gaeilge agus dúirt sé go raibh súil aige óráid iomlán Gaeilge a thabhairt i gceann dhá bhliain eile.

    "Tá mo chuid Gaeilge beagánín bacach, ach níl sé go léir caillte.
    "Tá na mílte duine cosúil liomsa sa tír; tá neart Gaeilge acu ach níl seans acu í a labhairt.
    “Tá mé cinnte go bhfuil athnuachan na Gaeilge le teacht agus is bunús láidir iad na daoine seo nó tá níos mó bá acu leis an teanga ná mar
    a thuigtear." (Thug sé an chuid eile den chaint spraíúil i mBéarla) “Bhí suim agam i gcónaí sa teanga ach rinneadh dochar uafásach don tsuim sin nuair a bhí mé féin agus cúpla cara ó bhliain na hArdteiste thíos i mBéal an Daingin (i gConamara) ar feadh deireadh seachtaine. “D’éirigh le ceann de na buachaillí scóráil le cailín áitiúil ag dioscó. Ní raibh mórán áidh orm de bharr na gruaige rua, ach níos déanaí, tháinig grúpa chuig an bpuball ina rabhamar agus thugadar léasadh ceart dúinn."
    Dúirt sé go raibh suim nua aige sa teanga, áfach, rud a bhí ag a chomrádaí ó Choláiste na Carraige Duibhe, an fuirseoir, Ardal O'Hanlon, chomh maith. Bunaíonn McWiliams a theoiric faoin nGaeilge ar a bharúil go bhfuil daoine meánaicmeacha ag lorg rud éigin difriúil ina saol seachas an tomhaltachas. “Tá iomaíocht ait ar siúl sa tír. Má cheannaíonn duine i Raghnallach SUV, caithfidh duine i Ráth Maonais ceann níos mó a cheannach. “Tá iomaíocht fiú amháin i dtaobh lomairí féir de. Dúirt m’athair liom faoi cheann san ionad garraídóireacht áitiúil a chosnaíonn €1,600 – is féidir leis an féar a ghearradh ar anSierra Nevada, de réir
    dealraimh! Cén gá atá leis sin i nDún Laoghaire?
    “Féach ar cé chomh mór is atá cuisneoirí agus cistiní, tá na teaghlaigh ag fáil níos lú ach tá na cuisneoirí ag fáil níos mó. “Is saghas víris é an
    tomhaltachas, víreas a scaipeann timpeall na
    mbruachbhailte. Cén gá atá le SUV i nDomhnach Broc? Dar leis, is í an ghlúin a rugadh i 1979, ‘Páistí an Phápa’, an dream atá ag roth stiúrtha na sochaí faoi láthair. “I Meiriceá, shroich an babyboom a bhuaic i 1957. Tharla sé sa Bhreatain i 1967 agus in Éirinn naoi mí tar éis chuairt an Phápa. “Tá 'Páistí an Phápa' mar chuid den gheilleagar Angla- Mheiriceánach ach mothaíonn siad go bhfuil níos mó ann sa saol ná SUVs, decking agus a bheith ag ceannach rudaí. Tá siad ag fiafraí, ‘cé muid féin?'" Dar leis, tá trí dhream sa tír atá buartha faoin treo ina bhfuil an tír ag dul, daoine reiligiúnda, daoine atá
    buartha faoin timpeallacht agus na ‘confused cosmopolitans'. Bhí an dream deireanach seo ag iarraidh aithris a dhéanamh ar shochaí liobrálach na Danmhairge, de réir McWilliams, ach dhúisigh siad i 2006 agus chonaic siad go raibh siad in Denver. “Tá fuath acu don Ghaeilge – ar fáth ar bith.
    Ceapann siad gur teanga ar gcúl agus cultúr ar gcúl atá i dteanga agus i gcultúr s'againne. “Tá an chuma ar an scéal go bhfuil gach teanga eile ceart go leor seachas an Ghaeilge. “Tá a lán acu sna meáin agus déanann siad ionsaithe fíochmhara ar ár gcultúr. Níl a fhios agam cén fáth atá leis seo. B’fheidir go bhfuil baint ag an iar-choilíneachas leis.” Rinne sé cur síos ar dhá ré a tharla sa tír, an ré Éireannach‘ idir 1916 agus 1966, agus an ré ‘Iltíreach’ dir 1966 agus 1996, a rinne iarracht fáil réidh le gach rud eisceachtúil faoin tír. “Ó 1996 ar aghaidh, tá meascán den dá ré againn, tá Gael-Iltírigh againn anois. “Mar shampla, tráth den saol, ba é an Pink Elephant, rud a chuireann Las Vegas i gcuimhne, an club oíche ab fhaiseanta i mBaile Átha Cliath. “Ansin tháinig áit nua, Rí- Rá. Ní fhéadadh rud mar sin tarlú sna 1980í. "Níor theastaigh ón dream meánaicmeach seo a bheith báite san Angla- Mheiriceánachas. Bhíodar ag lorg rud éigin barántúil, agus is í an Ghaeilge an comhartha is láidre atá againn go bhfuil muid difriúil. “Anois tá daoine a rinne Gaeilge bunleibhéil ag seoaldh Saoirse, Lear agus Setanta óg chuig na Gaelscoileanna. Is rud í an Ghaeilge a bhfuil an mheánaicme báúil léi, den chéad uair riamh, agus is rud ana-tábhachtach é seo. “Tá an talamh don
    Ghaeilge i bhfad níos torthúla ná mar a bhí le fada an lá. “Táthar braon de dhaoine thar lear ag ceapadh gur Sasanaigh iad agus de bharr shampla na n-imirceach sa tír seo, tá sé feicthe acu gur féidir a bheith dátheangach, gan aon stró.” Is acmhainn an-láidir iad na daoine nua atá ag lorg a bhféiniúlachta agus bheadh rath, dar leis, ar fheachtas margaíochta ar son na teanga, feachtas atá “cliste agus fóbartach". “Ní chreidfinn é dá mba rud é gur dhúirt duine liom, 20 bliain ó shin, go mbeadh CLG in ann, ar a dtéarmaí ceannasacha féin, staid den scoth a chur ar fáil do 'lucht iltíreach sacair agus rugbaí'. “Faoi láthair, tugann an comhlacht tithíochta, SherryFitz, urraíocht d’fhoireann spóirt amháin i nDún Droma, cumann CLG Cúlagh. I gcónaí roimhe seo, ba í an fhoireann rugbaí a gheobhadh an t-airgead seo. “Tá matáin eacnamíochta ag an bhféiniúlacht Ghaelach seo. “Tá gá le taicticí gnó agus branda chun an teanga a chur chun cinn. Caithfidh patrúin a
    bheith ann do dhaoine ionas go mbeidh siad in ann a rá ‘ba mhaith liom a bheith cosúil leis an duine sin.'"


    Tá sé ar fáil ar an idirlíón anois :D


  • Registered Users Posts: 1,286 ✭✭✭Gael


    Is féidir éisteacht le cuid den Tóstal ar chomhaid MP3 anseo

    Tá óráid David McWilliams ina measc.


  • Advertisement
Advertisement