Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie

Gearáin!!!

Options
  • 13-04-2006 1:13am
    #1
    Closed Accounts Posts: 10,730 ✭✭✭✭


    Mo ghearán-sa don oíche anocht (bunaithe ar na "rant threads" go léir sin a bhíonn ar AH agus in áiteanna eile):

    Nuair a úsáideann iriseoirí an Bhéarla "cúpla focal" ach é scríofa "cúpla focail"! Cránn sé seo go mór mé!

    :mad: :D


Comments

  • Closed Accounts Posts: 541 ✭✭✭GaryOR


    Is fuath liom an téarma "Cúpla focail" mar atá sé, seachas "Cupla Focal"


  • Registered Users Posts: 1,286 ✭✭✭Gael


    simu wrote:
    Mo ghearán-sa don oíche anocht (bunaithe ar na "rant threads" go léir sin a bhíonn ar AH agus in áiteanna eile):

    Nuair a úsáideann iriseoirí an Bhéarla "cúpla focal" ach é scríofa "cúpla focail"! Cránn sé seo go mór mé!

    :mad: :D

    Mise mar an gcéanna a Shimu. Tá go leor alt ann as Béarla na laethanta seo faoin nGaeilge agus faoin áit atá aici i saol an lae inniu agus déantar an botún gramadaí sin iontu go léir. N'fheadar cén fhoinse lochtach atá acu go léir.
    Is dóigh nach dtuigeann siad go mbíonn ainmfhocal tar éis 'cúpla' sa uatha i gcónaí. Botún coitianta a dhéanann foghlaimeoirí na teanga.


  • Administrators, Entertainment Moderators, Social & Fun Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 18,727 Admin ✭✭✭✭✭hullaballoo


    Caithfidh mé a rá nach dtuigim an difríocht. Tá a fhios agam ná fuil ann ach m'aineolachas féin, tá brón orm.


  • Closed Accounts Posts: 10,730 ✭✭✭✭simu


    ^^^

    Mar a dúirt Gael, bíonn ainmfhocal a thagann tar éis "cúpla" san uimhir uatha - cúpla focal, cúpla rud, cúpla duine 7rl


  • Administrators, Entertainment Moderators, Social & Fun Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 18,727 Admin ✭✭✭✭✭hullaballoo


    Go raibh maith agat. Is dócha go bhfuil an botún céanna déanta agam cheana. Mar sin, mo bhrón!


  • Advertisement
  • Closed Accounts Posts: 10,730 ✭✭✭✭simu


    ^^^

    Bhuel, ní iriseoir proifisiúnta tusa - ba chóir dóibh siúd taighde cheart a dhéanamh sula scríobhann siad alt!


  • Administrators, Entertainment Moderators, Social & Fun Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 18,727 Admin ✭✭✭✭✭hullaballoo


    Bhuel, is féidir linn gearánadh faoin fadhb céanna nuair a scríobhann siad i mBéarla freisin! Ba mhaith liom sliocht ón Independent nó ceann eile dá guid a thógáil agus a rith tríd le peann* dearg lá éigin, 7 é a seoladh ar ais chucu!

    *Cuireann sé isteach go mór orm nuair a deirtear "peann luaidhe" in áit "peann". Tá daoine i gcónaí ag déanamh é sin!


  • Closed Accounts Posts: 575 ✭✭✭JustCoz


    Tuigim do fhulaingt a Shimu, ach níor fhoghlaim mé an difriocht sin sa scoil, D'fhoghlaim mé é sa Gaeltacht. Ní chuireann muinteoirí an iomarca béime ar rudaí mar sin le linn cúrsaí Gaeilge ar scoil dar liom. Is é mo ghearánsa, nuair nach bhfreagraíonn daoine leis an mbriathar ina bhfuil an ceist curtha. Mar shampla, An bhfuil tú go maith? ...... 'Sea.

    Cuireann sé sin isteach orm go mór mór!!


Advertisement