Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie

Post le Gaeilge?

Options
  • 27-04-2006 9:29pm
    #1
    Registered Users Posts: 2,055 ✭✭✭


    Táim ag déanamh gaeilge san ollscoil agus táim ag lorg post don samhradh. Níl aithne agam ar éinne eile le gaeilge agus mar sin ba mhaith liom post le gaeilge (is fuath liom gan é a labhairt ar feadh trí mhí). Aon tuaraim agaibh?


Comments

  • Closed Accounts Posts: 10,730 ✭✭✭✭simu


    Bhuel, d'fhéadfá taisteal go dtí Gaeltacht éigin agus post a lorg in óstán nó i dtigh tábhairne nó rud éigin. Nó an dteastaíonn uait fanacht i mBÁC?


  • Closed Accounts Posts: 5,366 ✭✭✭luckat


    Cad faoi an seachtain Foinse?


  • Registered Users Posts: 2,055 ✭✭✭snickerpuss


    An seachtain Foinse??
    Ba mhaith liom fanacht i mBÁC más feidir liom.


  • Registered Users Posts: 261 ✭✭Diorraing


    Gael Linn, Conradh na Gaeilge, Foras na Gaeilge, Radio na Life, TG4 b'fhéidir. Táim cinnte go mbeidh tú in ann post a fháil i gceann amháin de na háiteanna sin ar a laghad. Céard faoi chúrsa samhradh Gaeilge a stiúradh nó rud éigin.


  • Closed Accounts Posts: 10,730 ✭✭✭✭simu


    An bhfaca tú Foinse na seachtaine seo - lch 36? Tá cúntóir á lorg ag siopa leabhar Chonradh na Gaeilge i mBÁC (Sráid Fhearchair). B'fhéidir go mbeadh sé seo oirúnach duit!


  • Advertisement
  • Closed Accounts Posts: 440 ✭✭Shyster


    Cad faoi post samhraidh a fháilt i gcúrsa gaeltachta éigin, is dócha go bhfuil fós cinn i gContae na Mí. Sin atáimse chun a dhéanamh ach ar an dtaobh eile den tír ar fad! Is slí iontach é chun do chuid gaelinne a chleachtadh!


Advertisement