Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie

No Béarla

Options
  • 07-07-2006 4:43pm
    #1
    Closed Accounts Posts: 541 ✭✭✭


    Ar chuala sibh faoi chlár is déanaí ag TG4, Is "No Béarla" an t-ainm atá air agus beidh Manchán Magan ag taisteal na tíre agus ní bheidh sé ag labhairt ach Gaeilge amháin chun rudaí simplí a dhéanamh. ag ceannach rudaí, artola srl..

    tá alt i Lá inniu faoi.

    beidh sé sin suimiúil a fheiceáil


Comments

  • Closed Accounts Posts: 324 ✭✭JaysusMacfeck


    Sounds interesting alright. When's it on? I can't find anything on Google.


  • Closed Accounts Posts: 541 ✭✭✭GaryOR


    níl mórán eolas eile agam seachas an t-eolas atá ar fáil ar Lá inné. seo é sliocht as an alt sin thíos:

    I don't have much information other than that shown in Lá yesterday, here's an extract below from that article:

    Tá 1.4 milliún Gaeilgeoir sa tír,seo más fíor do na daonáirimh thuaidh is theas.
    Ní chreideann Manchan sin. Agus ar a thuras ceithre seachtaine, ó Laighin go hUlaidh go Connachta go dtí an Mhumhain, déanfaidh sé na statisticí a thástáil. Tá an chéad chlár sa tsraith ceithre chlár seo, ‘No Béarla’, réidh. Déanfar an dara ceann a scannánú ag deireadh na míosa seo. An dá cheann eile ag tús Mheán Fómhair. Sraith de chuid RTÉ atá ann, cuid de na cláir a chuireann RTÉ ar fáil do TG4. Mar sin, feicfear é ar TG4 i mí na Samhna agus ar RTÉ ar ball beag.

    Sa chéad chlár, mar shampla, b’éigean do Mhanchan dul a chur artola sa charr agus gan ach Gaeilge a labhairt! Bia a fháil don turas. Dlúthdhíoscaí. Agus léarscáil. Léarscáil i nGaeilge amháin.


  • Closed Accounts Posts: 10,730 ✭✭✭✭simu


    Bheul, bímís ag faire amach don gclár ar na sceidil teilifíse!

    Déarfainn go mbainfidh sé geit as lucht freastail 7rl duine a chlos ag caint leo as Gaeilge gan choinne mar sin! D'fhéadfadh an clár a bheith seoigh go maith!


  • Registered Users Posts: 1,286 ✭✭✭Gael


    Sin coincheap cláir an-suimiúil!


Advertisement