Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie

is inspioráideach/inspioráidí

  • 24-07-2006 10:37am
    #1
    Closed Accounts Posts: 541 ✭✭✭


    Céard é an litriú ceart le haghaidh an frása, "most inspirational"? An mbeadh sé "is inspioráideach" nó "is inspioráidí"?

    bíonn an-fhadhb mhór i gcónaí agam leis seo

    agus an frása "most important" an bhfuil sé "is tábhachtach" nó "is tábhachtachtaí" nó rud éigin!!


Comments

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,238 ✭✭✭Kwekubo


    Sna céimeanna comparáide (.i. níos...agus is...), is ionann foirm an aidiachta agus an ginideach uatha baininscneach. Mar shampla, déarfá "an choill dhathúil", "teach na coille dathúla" => mar sin, is í "níos dathúla" an bhreischéim agus is í "is dathúla" an shárchéim.

    "Inspioráidí" an ginideach uatha baininscneach ar "inspioráideach" - mar sin, is iad "níos inspioráidí" agus "is inspioráidí" na leaganacha cearta, agus "níos tábhachtaí" agus "is tábhachtaí" chomh maith.


  • Closed Accounts Posts: 541 ✭✭✭GaryOR


    Kwekubo wrote:
    Sna céimeanna comparáide (.i. níos...agus is...), is ionann foirm an aidiachta agus an ginideach uatha baininscneach. Mar shampla, déarfá "an choill dhathúil", "teach na coille dathúla" => mar sin, is í "níos dathúla" an bhreischéim agus is í "is dathúla" an shárchéim.

    "Inspioráidí" an ginideach uatha baininscneach ar "inspioráideach" - mar sin, is iad "níos inspioráidí" agus "is inspioráidí" na leaganacha cearta, agus "níos tábhachtaí" agus "is tábhachtaí" chomh maith.

    Grma a Kwekubo, bhí an ceist sin ag cur isteach orm ar feadh i bhfad.


Advertisement