Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie
Hi there,
There is an issue with role permissions that is being worked on at the moment.
If you are having trouble with access or permissions on regional forums please post here to get access: https://www.boards.ie/discussion/2058365403/you-do-not-have-permission-for-that#latest

Mí-úsáid (nó mar sin) na Gaeilge a cuireann isteach ar éinne.

  • 22-11-2006 8:16pm
    #1
    Registered Users, Registered Users 2 Posts: 6,889 ✭✭✭

    An rud is mó a cuireann isteach ormsa ná na fógraí agus mar sin de atá as Gaeilge. I mo thuairim, níl an aistriúcháin a rinne siad ceart, ar chor ar bith.

    Mar shampla -
    Béarla:"The next station is: Sutton"
    Gaeilge:"Stáisiún eile: Cill Fhionntain"

    Cad a ceapann sibhse?

Comments

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,286 ✭✭✭Gael

    obl wrote:

    An bhfuil an fógra sin ar an DART? Tá sé sin mícheart, cinnte. "(An) Chéad stáisiún eile : Cill Fhionntain", a ba cheart a bheith ann.

  • Closed Accounts Posts: 541 ✭✭✭GaryOR

    Gael wrote:
    An bhfuil an fógra sin ar an DART? Tá sé sin mícheart, cinnte. "(An) Chéad stáisiún eile : Cill Fhionntain", a ba cheart a bheith ann.

    Sílim go bhfuil sé scríofa ar an gcomhartha digiteach mar sin, más buan mo chuimhne

  • Closed Accounts Posts: 541 ✭✭✭GaryOR

    Is fuath liom Clann na Gael seachas Clann na nGael

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,286 ✭✭✭Gael

    GaryOR wrote:
    Sílim go bhfuil sé scríofa ar an gcomhartha digiteach mar sin, más buan mo chuimhne

    Mura bhfuil ann ach comhartha digiteach, ní bheadh sé deacair ná costasach dóibh é a athrú. Ba cheart daoibh ríomhphost a chur chucu á rá go bhfuil sé mícheart. Bíonn an ceart ag an gcustaiméir i gcónaí! :)

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 7,017 ✭✭✭uch

    Gael wrote:
    Bíonn an ceart ag an gcustaiméir i gcónaí! :)

    Go díreach

    21/25

  • Advertisement
  • Closed Accounts Posts: 10,730 ✭✭✭✭simu

    Rud amháin a ritheann liom ná nuair a chuireann daoine béim ar fhocail mar a dhéanfaí sa Bhéarla m.sh. "Sin é mo cheann" in ionad "Sin é mo cheannsa".

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,286 ✭✭✭Gael

    simu wrote:
    Rud amháin a ritheann liom ná nuair a chuireann daoine béim ar fhocail mar a dhéanfaí sa Bhéarla m.sh. "Sin é mo cheann" in ionad "Sin é mo cheannsa".

    Má úsáideann siad an chopail in aon chor, "Tá sé mo cheann."

  • Closed Accounts Posts: 541 ✭✭✭GaryOR

    Gael wrote:
    Mura bhfuil ann ach comhartha digiteach, ní bheadh sé deacair ná costasach dóibh é a athrú. Ba cheart daoibh ríomhphost a chur chucu á rá go bhfuil sé mícheart. Bíonn an ceart ag an gcustaiméir i gcónaí! :)

    Ní raibh mé ag rá go bhfuil aon rud mícheart leis an gcomhartha ar an Dart, sílim go bhfuil sé scríofa go ceart air mar “An chéad stáisiún eile Cill Fhionntain” srl
    Ach níl a leithéid de chomhartha ar an Luas, so beidh mé ag seoladh r-phoist chucu faoi sin go luath.

Advertisement