Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie

An Foclóir Oifigiúil boards.ie de Théarmaíocht Fhóram Idirlíne

Options
  • 07-03-2007 12:06am
    #1
    Closed Accounts Posts: 7,794 ✭✭✭


    Bhí mé ag smaoineamh, níl Gaeilge dhaingean ar théarmaíocht fhóraim, agus ní bheadh sé rómhaith Béarlachas a úsáid an t-am ar fad do rudaí mar "posts" nó "threads". Ach níl Gaeilge chaighdeánach ar fhocail den chineál sin i gcomhthéacs na hidirlíne(go bhfios dom....). Mar shampla, dar liom, níl an focal Gaeilge "post" oiriúnach don fhocal "post" as Béarla.

    Agus freisin, beidh sé seo úsáideach do dhaoine gan mórán Gaeilge.

    Níl am agam mórán cheann a scríobh síos anois, ach mar shampla:

    Post - Teachtaireacht? Fógra?
    Thread - Snaithín
    Member - Ball
    Username - Leasainm
    Password - Pasfhocal


    Aon fhocal eile gur mhaith le héinne cur leis an liota sin, nó éinne ag iarraidh aistriúchán eagsúil ar ceann de na focail sin a mholadh?

    Tá súil agam go bhfásfaidh an liosta seo de réir a chéile. Seans go mbéimid ar fad inár saineolaithe ar Ghaeilge na bhfóraim am éigin sa todhchaí....

    Síochán,
    SÓC 2K3


Comments

  • Administrators, Entertainment Moderators, Social & Fun Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 18,727 Admin ✭✭✭✭✭hullaballoo


    Dá bhrí an bunús atá ar an bhfocal, chuirfinn "fógra" ar "post".

    Freisin, chuirfinn "leasainm" ar "username", i.e., "nickname", agus "focail faire" ar "password" mar is é an míniú a cuireann firefox air!


  • Closed Accounts Posts: 235 ✭✭antSionnach


    Féidir leat FF a fháil as Gaeilge?! Iontach, ní raibh fhios agam faoi sin....

    Nasc!


  • Closed Accounts Posts: 7,794 ✭✭✭JC 2K3


    chuirfinn "leasainm" ar "username", i.e., "nickname"
    Aontaím. Athróidh mé é.
    Dá bhrí an bunús atá ar an bhfocal, chuirfinn "fógra" ar "post".
    Smaoinigh mé faoi sin, ach dar liom cloiseann "fógra" ró-oifigiúil nó rud éigin, ach níl "teachtaireacht" foirfe ach an oiread - tá an giúire amach faoin gceann sin...
    "focail faire" ar "password" mar is é an míniú a cuireann firefox air!
    Ah, ach níl Firefox mar údarás saineolach na Gaeilge! Níl 'fhios agam, dar liom tá "pasfhocal" níos simplí agus níos fearr....


  • Registered Users Posts: 5,851 ✭✭✭PurpleFistMixer


    Usáideann livejournal "focail faire" freisin.
    Tá teachtaireacht an-fhada. Well, b'fheidir go bheadh sé gearrtha go ... rud éigin... teach. : p


  • Closed Accounts Posts: 235 ✭✭antSionnach


    Nfheadar... an bhfuil aon 133t5p33k í nGaeilge?! Seo áit is fearr ar an idirlíon chun leagan Gailge a usáid...


  • Advertisement
  • Closed Accounts Posts: 7,794 ✭✭✭JC 2K3


    9431793 :)


  • Administrators, Entertainment Moderators, Social & Fun Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 18,727 Admin ✭✭✭✭✭hullaballoo


    JC 2K3 wrote:
    Smaoinigh mé faoi sin, ach dar liom cloiseann "fógra" ró-oifigiúil nó rud éigin, ach níl "teachtaireacht" foirfe ach an oiread - tá an giúire amach faoin gceann sin...
    Bhuel, aontaím leat ó taobh an oifigiúlachas atá ag baint le "fógra" de, ach is é an míniú a baineann le "teachtaracht" ná "message", agus tá míchruinneas ann. B'fhearr liom rud éicint níos giorra freisin. Tá bunús ag an focail "post" ó taobh an idirlín de san míniú "cros ar fhógráin" nó "post no bills". De réir sin, bhí mé ceaptha gurb fhearr "fógra" a thug do.

    Is cuma, is féidir linn, "post", nó "fógra" nó "teachtaracht" nó ní eile a thabhairt dóibh.

    Ah, ach níl Firefox mar údarás saineolach na Gaeilge! Níl 'fhios agam, dar liom tá "pasfhocal" níos simplí agus níos fearr....
    Tugann http://www.englishirishdictionary.com/dictionary "focal faire" do "password" freisin. Táim socraithe ar sin.


  • Registered Users Posts: 984 ✭✭✭NextSteps


    Céard faoi 'comhrá' nó 'plé' ar 'thread'? Tar éis an tsaoil, níl mórán céile leis an téarma Béarla, agus ní gá aistriúchan lom a dhéanamh air. Sin nó 'snáth', ach caithfidh sé go bhfuil leagan níos fearr ann!


  • Registered Users Posts: 1,238 ✭✭✭Kwekubo


    an-chuid téarmaíochta leagtha amach ag Coiste Téarmaíochta Fhoras na Gaeilge maidir le cláir phlé ar líne:
    • Thread: snáithe
    • Member: ball
    • User name: ainm úsáideora (ach ba féidir leasainm a úsáid sa chás seo)
    • Password: focal faire, pasfhocal (tugtar tosaíocht do fhocal faire)
    • Attachment: ceangaltán, iatán (tosaíocht do cheangaltán)

    Téarmaí eile de chuid an Choiste:
    • Subscriber: síntiúsóir
    • Subscribe (to boards): íoc sintiús (le boards)

    Agus cúpla théarma eile:
    • Blog: blag
    • Wiki: vicí
    • Newbie: núíosach
    • Moderator: modhnóir, ceannasaí, cinnire?


  • Registered Users Posts: 263 ✭✭Aura


    Tá amhras orm faoin teideal Tar Éis na hUaire
    An mbeadh Iar-ama níos fearr mar aistriúchán bhféidir...

    Bhur tuairimí?

    A.


  • Advertisement
  • Administrators, Entertainment Moderators, Social & Fun Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 18,727 Admin ✭✭✭✭✭hullaballoo


    Tá na modhnóirí ag caint faoin dtidéal anois. Iar-ama, sin "beyond time".

    B'fhearr linn cor cainte éicint leis an aidhm a phlé i gceart.

    Is féidir libh pén rud a mhol duinn más bhur dtoill é.


  • Registered Users Posts: 263 ✭✭Aura


    Iar-ama deimhnithe ag focal.ie ach seans nach bhfuil an chomhthéacs céanna i gceist anseo. Is téarma gnó atá i gceist acu siúd sílim...


  • Closed Accounts Posts: 16,793 ✭✭✭✭Hagar


    Kwekubo wrote:
    Wiki: vicí

    Bhuicí, Níl aon "v" as Gaeilge?


  • Registered Users Posts: 1,238 ✭✭✭Kwekubo


    Hagar wrote:
    Bhuicí, Níl aon "v" as Gaeilge?
    Ar chuala tú riamh faoi veidhlíní, nó veirteabraí, nó Véineas (Venus), nó vardrúis (wardrobes)? :) Ní húsáidtear "v" go minic ar chor ar bith, ach amháin chun focail iasachta nua-aimseartha a thosnaíonn le w nó v a tharraingt isteach sa Ghaeilge.


  • Registered Users Posts: 865 ✭✭✭generalmiaow


    Thug mé faoi deara hulla ag rá GRMA (in ait go raibh maith agat) i snaithín eile. Níl mé cinnte ar chruthaigh sé é, ach is mé liom é ar aon nós. Tá droch-cuma ar chuplá cinn de na haistríucháin díreach, bhí me ag ceapadh faoi AGOA mar shámpla (Ag Gáire Ós Ard) agus is fuath liom é. Má eiróidh leis an foram seo beidh focail agus tearmaíocht ag cruthú iad féin go nádurtha (tá sin ag tarlú fiú ar foraim beo.ie)


  • Closed Accounts Posts: 16,793 ✭✭✭✭Hagar


    Kwekubo wrote:
    Ar chuala tú riamh faoi veidhlíní, nó veirteabraí, nó Véineas (Venus), nó vardrúis (wardrobes)? :) Ní húsáidtear "v" go minic ar chor ar bith, ach amháin chun focail iasachta nua-aimseartha a thosnaíonn le w nó v a tharraingt isteach sa Ghaeilge.

    Kad a will aw raw agat? :rolleyes:

    Chuala, ach níl aon "JKQVWXYZ" sa teanga Gaelach.

    ABCDEFGHILMNOPRSTU sin é an méid.
    hullabaloo wrote:
    Bhuel, aontaím leat ó taobh...
    Gan "w" le féicaint...


    Ná bach liom, táim ró aosta bhféidir, cosúil le mo theanga.


  • Closed Accounts Posts: 7,794 ✭✭✭JC 2K3


    Tá J, V, X agus Z sa NuaGhaeilge. Táimid tar éis iad a n-iomportáil isteach ón mBéarla.


  • Closed Accounts Posts: 10,730 ✭✭✭✭simu


    Thug mé faoi deara hulla ag rá GRMA (in ait go raibh maith agat) i snaithín eile. Níl mé cinnte ar chruthaigh sé é, ach is mé liom é ar aon nós. Tá droch-cuma ar chuplá cinn de na haistríucháin díreach, bhí me ag ceapadh faoi AGOA mar shámpla (Ag Gáire Ós Ard) agus is fuath liom é. Má eiróidh leis an foram seo beidh focail agus tearmaíocht ag cruthú iad féin go nádurtha (tá sin ag tarlú fiú ar foraim beo.ie)

    Ta grma feicithe agam in áiteanna eile leis.

    Ach mar a deireann tú, caithfimid ligint dos na rudaí seo fás go nádúrtha.


  • Moderators, Category Moderators, Music Moderators, Regional East Moderators, Regional Midlands Moderators, Regional Midwest Moderators, Regional Abroad Moderators, Regional North Mods, Regional West Moderators, Regional South East Moderators, Regional North East Moderators, Regional North West Moderators, Regional South Moderators Posts: 8,032 CMod ✭✭✭✭Gaspode


    Yore Ma! - Do Mhamai!
    Atari Jaguar - Cluiche Cat
    Amp Test - Scrudu Aimplitheoir


  • Closed Accounts Posts: 7,794 ✭✭✭JC 2K3


    Ní féidir liom mo chéad fógra a chur in eagar. An féidir le modhnóir na téarmaí breise a chur isteach?


  • Advertisement
  • Registered Users Posts: 8 goibhniu


    Téacschaint

    Is brea liom:
    a #ce A thaisce
    an8 anocht
    ABMTAGOA Ag Briseadh Mo Thoin Ag Gaire Os Ard

    An comhair dúinn tearmaí nua a líonadh isteach ar http://wiki.anlionra.com toisc go bhfuil sé dírithe ar an líonra?


  • Closed Accounts Posts: 10,730 ✭✭✭✭simu


    JC 2K3 wrote:
    Ní féidir liom mo chéad fógra a chur in eagar. An féidir le modhnóir na téarmaí breise a chur isteach?

    Gach aon téarma beo a luadh sa tsnáith a chur isteach sa chéad fhógra, an ea?


  • Registered Users Posts: 634 ✭✭✭Míshásta


    Tá stór focal i nGaeilge in úsáid go forleathan ar an idirlíon i gcomhair mórchuid téarmaí cheana. Ní dóigh liom gur chóir don fhóram seo a bheith ag cumadóireacht leo gan gá.

    Tá 'snáithe' agus 'téad' ann cheana i gcomhair 'thread'. Ach is é 'snáithe' an téarma atá ag an gCoiste Téarmaíochta.

    Is é an príomhchiall atá le 'fógra' sa lá atá inniu ann ná 'advertisment' - ní mholfainn é mar aistriúhcan ar 'post' idirlín. Tá 'teachtaireacht' agus 'tcht' in úsaid go forleathan. Feictear 'post' leis i síbearGhaeilge go bhfios dom.

    Tá GRMA agus AGOA an-choitianrta.

    Agus mar a dúradh go minic riamh, ní h-ionann 'Béarlachas' agus focail ar iasacht ón mBéarla. Tugadh míniú beacht ar an dtéarma i dtéad eile ar an gclár seo.

    Uainn go léir anseo in #37 "Chetwynde Downs" - - - Slááán Tamall

    FRC

    http://chetwyndedowns.blogspot.com/
    http://kinja.com/user/gaeilge


  • Closed Accounts Posts: 7,794 ✭✭✭JC 2K3


    simu wrote:
    Gach aon téarma beo a luadh sa tsnáith a chur isteach sa chéad fhógra, an ea?
    'Sea, bhuel de réir do bhreithiúnas féin.


  • Closed Accounts Posts: 10,730 ✭✭✭✭simu


    Má tá na téarmaí ann cheanna mar a deir Míshásta, ní gá dúinn leaganacha speisialta a chumadh do boards. Agus b'fhéidir gur chóir dúinn fanacht féach an bhfásfadh cinn eile go nádúrtha anseo. Cad a cheapann tú?


  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir


    Tá go leor de na téarmaí ríomhaireachta le fáil ag barr do mhéar, ag Focal.ie


  • Closed Accounts Posts: 10,730 ✭✭✭✭simu


    Ceann úsáideach: FRC

    míniú anseo: http://www.boards.ie/vbulletin/showpost.php?p=52945562&postcount=32

    (grma a Mhíshásta!)


Advertisement