Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie

Snaithín Grammadach

  • 07-03-2007 11:28pm
    #1
    Registered Users, Registered Users 2 Posts: 6,889 ✭✭✭


    Táimse ag lorg cead Béarla a úsáid sa snaithín seo chun cabhair agus cúnamh a thabhairt do dhaoine eile ar chúrsaí grammadach. Mar sin, a mhodhnóirí, an féidir liom/linn?
    Ceapaim go mbeidh sé fíor áisiúl do dhaoine agus nach féidir leo Gaeilge a labhairt, nó nach bhfuil siad ró-chinnte faoi pé rud.


Comments

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 5,851 ✭✭✭PurpleFistMixer


    B'fheidir go bheadh sé níos oiriúnaí anseo?
    Ceapaim go bhfuil smaoineamh maith é, b'fheidir sticky no rud éigin, ach tá forum cheana faoi cúrsaí teanga againn.


  • Closed Accounts Posts: 7,794 ✭✭✭JC 2K3


    Is dóigh liom, ach nílim 100% cinnte, gur cheart go mbeadh tideal an snáithín seo mar, "Snáithín Gramadaí".(Tuiseal Ginideach)

    Agus níl fhios agam faoin snáithín seo, nach ceart an forám Gaeilge eile a usáid do snáithín mar seo?


  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir


    obl wrote:
    Táimse ag lorg cead Béarla a úsáid sa snaithín seo chun cabhair agus cúnamh a thabhairt do dhaoine eile ar chúrsaí grammadach. Mar sin, a mhodhnóirí, an féidir liom/linn?
    Ceapaim go mbeidh sé fíor áisiúl do dhaoine agus nach féidir leo Gaeilge a labhairt, nó nach bhfuil siad ró-chinnte faoi pé rud.

    Céard ab fhiú an fóram seo a bhunú má tá daoine chun Béarla a labhairt ann? :confused: Beidh sé díreach cosúil leis an bhfóram eile atá ann cheana. Ba cheart ceisteanna gramadaí as Béarla a chur san fhóram eile.
    JC 2K3 wrote:
    Is dóigh liom, ach nílim 100% cinnte, gur cheart go mbeadh tideal an snáithín seo mar, "Snáithín Gramadaí".(Tuiseal Ginideach)

    Tá an ceart iomlán agat. :)


  • Closed Accounts Posts: 235 ✭✭antSionnach


    Aointaím le obl, tá gá ann snaithín amháin a 'sticky' sa foram seo chun cúrsaí gramadach a phlé. Nach bhfuil seans ann go bhfuil an fóram eile saghas ró-theicniúil nó ro-acadiúil do na Gaeilgeoirí nua a bhuil sé d'aigne acu feabhas a cur ar a gcaighdeán? Sórt 'gramadach shimplí' a bheadh i gceist anseo, m.sh. cabhair leis na forainmneacha agus mar sin de.
    Smaoineamh maith i mo thuairim...


  • Closed Accounts Posts: 7,794 ✭✭✭JC 2K3


    Molaim go mór an suíomh seo: http://www.nualeargais.ie/gnag/gramadac.htm


  • Advertisement
  • Administrators, Entertainment Moderators, Social & Fun Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 18,750 Admin ✭✭✭✭✭hullaballoo


    Is snaithín úsáidte í seo, ach don bhforam gaeilge amháin.


  • Closed Accounts Posts: 177 ✭✭Elfish


    Aontaíom le obl. Cad atá cearr le beagán bearla chun rud a mhíniú?
    Chuir mé ceist faoin gramadach i bpost eile, féach ar http://boards.ie/vbulletin/showthread.php?t=2055062374

    Ní raibh mé in ann mé féin a mhíniú i gceart gan Bearla mar níl na focail agam chun é a rá i gceart (tá mé ag iarraidh a rá "I can't express the question properly in Irish" agus b'fhéidir nach bhfuil duine eile in ann mé a fhreagrú ach in oiread i nGaeilge)

    Ba cheart go mbeadh "Stickie" don cheisteanna/freagraí anseo - nó an nasc ceanna go dtí an áit céanna anseo i "Tar Éis na hU" agus i "Gaeilge"

    Ní thagann aon maith as daoiní a sheachaint (Conas a dhearfá "driving them away by over enforcing rules" as Gaeilge?)

    Fáilte roimh ceartúcháin :o


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 6,889 ✭✭✭tolosenc


    Snaithín Gramadaí! Ní raibh mé im' intinn ceart!!! GML.

    Bhí mé ag lorg é a chur ar fáil do dhaoine nach bhfuil ard-chaighdeán acu, ach teastaíonn uathu 'Tar Éis na hUaire' a úsáid, chun beagán Gaeilge a úsáid. Is dóigh liom go mbeidh siad beagánín sceimhlithe, nó nach mbeadh siad chomh 'bothered', chun úsáid a bhaint as an fhóram seo.

    Ceisteanna simplí, don formhór.


Advertisement