Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie

Do Chearta Gaeilge

Options
  • 09-03-2007 8:24pm
    #1
    Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭

    Ó ritheadh Acht na dTeangacha Oifigiúla i 2003 tá dualgas ar na comhlachtaí stáit freastal a dhéanamh ar na cearta Gaeilge atá againn faoin mbunreacht. An dtuigeann tú céard iad na cearta atá agat maidir le seirbhísí trí Ghaeilge?

    http://www.coimisineir.ie/index.php?page=cearta_faoi_acht&tid=10&lang=

    I measc na gceart teanga atá sonraithe san Acht tá :

    Ceart freagraí a fháil i nGaeilge ar chomhfhreagras i nGaeilge ó gach comhlacht poiblí i scríbhinn nó leis an bpost leictreonach.

    Ceart fáil a bheith ar dhoiciméid ar leith ó chomhlachtaí poiblí na tíre go comhuaineach i nGaeilge agus i mBéarla, ina measc, tuarascálacha bliantúla, cuntais iniúchta, ráitis straitéiseacha nó tograí beartais phoiblí.

    Ceart faisnéis a chuirtear ar fáil i scríbhinn nó leis an bpost leictreonach don phobal nó d'aon aicme den phobal a fháil i nGaeilge.

    Ceart an Ghaeilge a úsáid in aon Chúirt nó i ngnóthaí cúirteanna.

    Ceart le comhairle nó cúnamh eile a fháil ó Oifig an Choimisinéara Teanga maidir le cearta faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003.

    Ceart fáil a bheith ar gach Acht de chuid an Oireachtais go comhuaineach i nGaeilge agus i mBéarla a luaithe agus is féidir tar éis a achtaithe.

    Ceart chun gach seirbhís trí Ghaeilge atá comhaontaithe i "scéim" faoin Acht idir comhlacht poiblí agus an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta a fháil. (30 scéim daingnithe : féach "Scéimeanna").

    Ceart an Ghaeilge a úsáid os comhair Thithe an Oireachtais nó os comhair coistí, fochoistí agus comhchoistí de chuid an Oireachtais.

    Ceart le gearán a dhéanamh le Oifig an Choimisinéara Teanga faoi theip aon chomhlachta phoiblí maidir le soláthar seirbhísí trí Ghaeilge faoin Acht.

    Bígí cinnte go n-úsáideann sibh na cearta Gaeilge atá agaibh chomh minic agus is féidir agus bí cinnte go ndéanann sibh gearán leis an gCoimisinéir Teanga, mura ndéantar freastal ceart ort trí Ghaeilge.

Comments

  • Moderators, Education Moderators, Music Moderators Posts: 4,436 Mod ✭✭✭✭Suaimhneach

    Muna úsáideann muid iad, gcaillfidh muid iad!

    Obríonn mó mháthair don VEC, agus tá sí ag tógaint ranganna Gaeilge! Roghadh a bhí ann iad a thógaint, agus tá an fonn orthí an teanga a húsáid anois!

  • Registered Users Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire

    Ach ar chuaigh muid thar barr? An bhfuil Acht na dTeangacha Oifigiúla ró díon ar an tír? Mar shampla cad é do smaointí faoi daingean nó dingle nó daingean uí cúis nó meascán na dhá teanga, Nó an ceart dúinn an córas a fágail mar a bhfuil.

  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir

    Cliste wrote:

    Is iad muintir 'Dingle' an t-aon dream sa Ghaeltacht iomlán a bhí míshásta leis an leagan oifigiúil. Ní raibh aon cheantar eile ag gearán faoi. Bíodh an diabhal acu. Ba cheart iad a thógáil as an nGaeltacht oifigiúil. B'fhéidir go n-athróidh siad a n-intinn nuair a chaillfidh siad na deontais! :rolleyes:

  • Moderators, Education Moderators, Music Moderators Posts: 4,436 Mod ✭✭✭✭Suaimhneach

    Ann dian ar fad ansin Múinteoir, ach aontíom leat piosa!

    Is rud eagasúil é i mó thuairim úsáid laethúil agus oifigiúil ar dteanga agus an scéal a mbaineann leis an Daingean, ar aon gcuma.

  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir

    Tá mé díreach tar éis gearán a dhéanamh leis an gCoimisinéir Teanga (eolas@coimisineir.ie) mar nach bhfuil aon seirbhís Ghaeilge le fáil ar shuíomh idirlín Iarnród Éireann (http://www.iarnrodeireann.ie/). Ba cheart dúinn go léir gearán a dhéanamh nuair a dhiúltaítear na cearta Gaeilge seo dúinn.

  • Advertisement
  • Registered Users Posts: 263 ✭✭Aura

    Cé go n-aontaím leat go bhfuil dualgas moráltachta orthu a leithéid de sheirbhís a chur ar fáil níl aon dualgais orthu faoin mBunreacht nó faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 é sin a dhéanamh agus ní bheidh go dtí go n-iarann an tAire Gnóthaí Pobail Tuaithe agus Gaeltachta orthu Scéim Teanga a réiteach ina leagtar amach na seirbhísí atá nó a bheas ar fáil trí mheán na Gaeilge. An ról atá ag an pobail anois ná aighneachtaí a chur isteach nuair atá an scéim sin á ullmhú. Tá na fógraí ag lorg aighneachtaí le feiceáil ó comhlachtaí ar nós Iarnród Éireann gach uile lá sna pháipéir náisiúnta.

  • Closed Accounts Posts: 531 ✭✭✭dranoel

    Níl aon scéim faoin Acht aontaithe idir Iarnród Eireann agus an Coimisinéir. Is mór an t-iontas nach dtugadh aon treoir don comhlacht scéim a ullmhú ach an oiread.

    http://www.coimisineir.ie/index.php?page=sceimeanna_comhaontaithe_agus_i_bhfeidhm&tid=17

  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir

    Aura wrote:
    Cé go n-aontaím leat go bhfuil dualgas moráltachta orthu a leithéid de sheirbhís a chur ar fáil níl aon dualgais orthu faoin mBunreacht nó faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 é sin a dhéanamh agus ní bheidh go dtí go n-iarann an tAire Gnóthaí Pobail Tuaithe agus Gaeltachta orthu Scéim Teanga a réiteach ina leagtar amach na seirbhísí atá nó a bheas ar fáil trí mheán na Gaeilge. An ról atá ag an pobail anois ná aighneachtaí a chur isteach nuair atá an scéim sin á ullmhú. Tá na fógraí ag lorg aighneachtaí le feiceáil ó comhlachtaí ar nós Iarnród Éireann gach uile lá sna pháipéir náisiúnta.

    Dheara nach fiú iad a choinneáil ar a mbairicíní (neamh)Gaelacha! ;)

  • Registered Users Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire

    An rud is tábhachtach ná go úsáideann muid gach deis atá againn gaeilge a úsáid, má tá daoine ag úsáid rudaí as gaeilge (mar shampla tá mé ag úsáid Firefox as gaeilge anois) déanfaidh na comhlachtaí earraí eile as gaeilge, agus an rialtas freisin, fiú mar atá níl margadh ceart ann don teanga...

  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir

    Féachaigí air seo. Tá roinnt Gaeilge ar shuíomh idirlín Meteor in ainneoin nach bhfuil aon dualgas orthu é a dhéanamh, mar gur comhlacht príobháideach é, ach níl oiread is focal amháin Gaeilge ar na suímh idirlín ag roinnt de na comhlachtaí stáit!
    Mo náire iad, bíodh scéim teanga acu nó ná bíodh.

  • Advertisement
  • Closed Accounts Posts: 531 ✭✭✭dranoel

    Is maith an rud é a leithéid de sheirbhís á chur ar fáil ag comhlacht priobháideach. Tugann sé íomhá níos Éireannaí do Mheteor augs búntáiste margaidh freisin. Ach níl na comhlachtaí stáit faoin mbrú iomaíochta céanna. Caithfear dlí a chur orthu chun na monaplachtaí a athrú. Ní chreidim go bhfuil Iarnród Eireann an cheann is measa, ar a laghad tá na comharthaí ar na traenacha dátheangach.

  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir

    dranoel wrote:

    Tá sé tugtha faoi deara agamsa go bhfuil iarracht ar siúl acu diaidh ar ndiaidh chun an t-ainm a athrú ó Iarnród Éireann go dtí Irish Rail. (mar shampla http://www.irishrail.ie/) Bhí an chraic chéanna ar siúl ag An Post le déanaí. Níl meas madra ag na comhlachtaí poiblí seo ar an nGaeilge gan an reachtaíocht cheart chun brú a chur orthu. Agus tá an tseirbhís traenach acu go hainnis chomh maith! :rolleyes:

  • Registered Users Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire

    Ach ag an am céanna is túbáiste é tuairisc a dastríodar chuig gaeilge, ach níor tóg fiú duine amháin amach é.... Cad a cheapainn sibh faoin eachtra sin, tharla sé anuraigh nó rud.

  • Closed Accounts Posts: 531 ✭✭✭dranoel

    Cliste wrote:
    Ach ag an am céanna is túbáiste é tuairisc a dastríodar chuig gaeilge, ach níor tóg fiú duine amháin amach é.... Cad a cheapainn sibh faoin eachtra sin, tharla sé anuraigh nó rud.

    Ní cuimhním an eachtra sin ach ní cuireann sé aon iontas orm. Ní léifinn a leithéid de thuairisc leadránach fiú i mBéarla. An rud atá uaim ná gnáth-eolas cosúil le amchláir a bheith ar fáil i nGaeilge.

    A Mhúinteoir, aon seans go dtabharfaidh tú cuntas dúinn ar cén saghas freagra a bheidh acu maidir le do ghéaran?

  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir

    dranoel wrote:
    Ní cuimhním an eachtra sin ach ní cuireann sé aon iontas orm. Ní léifinn a leithéid de thuairisc leadránach fiú i mBéarla. An rud atá uaim ná gnáth-eolas cosúil le amchláir a bheith ar fáil i nGaeilge.

    A Mhúinteoir, aon seans go dtabharfaidh tú cuntas dúinn ar cén saghas freagra a bheidh acu maidir le do ghéaran?

    Níl scéim teanga ullmhaithe acu faoin reachtaíocht go fóill, mar sin níl aon dualgas orthu.

    Seo liosta de na comhlachtaí poiblí a bhfuil scéimeanna teanga ullmhaithe acu agus atá ag cur seirbhísí Gaeilge ar fáil cheana.
    Cliste wrote:
    Ach ag an am céanna is túbáiste é tuairisc a dastríodar chuig gaeilge, ach níor tóg fiú duine amháin amach é.... Cad a cheapainn sibh faoin eachtra sin, tharla sé anuraigh nó rud.

    Bíonn an chuid is mó de na tuarascálacha sin ar fáil ar an idirlíon. Mar sin céard is fiú cóip a phiocadh suas. :confused: Déanann go leor daoine dearmad air sin.

  • Registered Users Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire

    M&#250 wrote: »
    Bíonn an chuid is mó de na tuarascálacha sin ar fáil ar an idirlíon. Mar sin céard is fiú cóip a phiocadh suas. :confused: Déanann go leor daoine dearmad air sin.

    Is fíor é sin, ach chun an fhirinne a rá is cumma liom faoi na rudaí atá á plé acu sna tuairiscí sin. Ní ach déagóir mé!

  • Closed Accounts Posts: 531 ✭✭✭dranoel

    Cliste wrote:
    An rud is tábhachtach ná go úsáideann muid gach deis atá againn gaeilge a úsáid, má tá daoine ag úsáid rudaí as gaeilge (mar shampla tá mé ag úsáid Firefox as gaeilge anois) déanfaidh na comhlachtaí earraí eile as gaeilge, agus an rialtas freisin, fiú mar atá níl margadh ceart ann don teanga...

    Úsáidim Firefox as gaeilge freisin. Chuala mé go bhfuil Windows XP ar fáil as gaeilge ach níor bhain mé triail as go fóill. Mar tá imní orm go ndéanfadh sé dochar don gcóras oibriúcháin atá agam cheana. An bhfuil níos mó eolas ag aon duine faoi seo?:confused:

  • Registered Users Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire

    Chuala mé go aistríonn sé sin do córas ar fad chuig gaeilge... má tá fadhb agat tá tú 'cáced' Ach níl a fios agam... An bhfuil aon uirlisí eile ann as gaeilge?

  • Registered Users Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire

    Chuala mé go aistríonn sé sin do córas ar fad chuig gaeilge... má tá fadhb agat tá tú 'cáced' Ach níl a fios agam... An bhfuil aon uirlisí eile ann as gaeilge?

  • Closed Accounts Posts: 531 ✭✭✭dranoel

    De bharr an méid botúin litrithe atá agam, tá mé díreach tar éis bogearra a íosluchtaigh chun mo chuid phoist a cheartú ar Microsoft Word. Tá sé ag obair maith go leor (ach níl sé foirfe - níor aithin sé an briathra 'íosluchtaigh' sa phost seo)

    http://office.microsoft.com/downloads/2002/ptk.aspx

  • Advertisement
  • Registered Users Posts: 1,238 ✭✭✭Kwekubo

    dranoel wrote:
    ach níl sé foirfe - níor aithin sé an briathra 'íosluchtaigh' sa phost seo)
    "Íoslódáil" an focal caighdeánach ar "download". Is dócha nach n-aithníonn an foclóir MS Office focail neamhchaighdeánacha, os rud é gur chum Foras na Gaeilge na huirlisí Gaeilge do Microsoft.

Advertisement