Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie

An bhfuil tú chun céiliúradh a dhéanamh ar lá le Pádraig?

Options
  • 15-03-2007 7:36pm
    #1
    Closed Accounts Posts: 10,730 ✭✭✭✭


    An bhfuil?

    Nílimse chun mórán a dhéanamh seachas mo bholg a líonadh agus éadaí uaine a chaitheamh, b'fhéidir! :cool:

    Cad mar gheall oraibhse?


Comments

  • Moderators, Education Moderators, Music Moderators Posts: 4,436 Mod ✭✭✭✭Suaimhneach


    Níl ann ach leithscéal do na turasóirí airgead a chaitheamh, lá saor ón oibre ar an Luain, agus daoine ag fháil oilte. Sin uile!

    Beidh mé*féin ag fágail BÁC chun dul faoi tuath agus súil sna slibhte. :)

    Taitníonn an parade liom though!


  • Registered Users Posts: 6,889 ✭✭✭tolosenc


    An bhfuil? Cén sórt ceist é sin! ;)

    Níl a fhios agam fós, ach déanfidh mé rud éigin.


  • Registered Users Posts: 6,649 ✭✭✭Catari Jaguar


    Beidh me ag obair, ach feicfidh me an paraid ag dul thar an tra. Taim ag dul amach an oiche sin cinnte!! :D:D


  • Closed Accounts Posts: 575 ✭✭✭JustCoz


    Beidh mise ag ól san oíche, cosúil le gach duine eile sa tír! Ach níl aon rud ar siúl agam um thráthnóna. Ní maith liom an cathair imBÁC Lá Fheile Pádraig- bíonn an iomarca triobláid ann agus déagoirí ag titim timpeall 's iad ar meisce. Crothaíonn siad íomha gránna don tír dar liom


  • Registered Users Posts: 984 ✭✭✭NextSteps


    Bíonn lár na cathrach gránna an lá sin dar liomsa, agus ní raibh mé ag an bparáid le blianta. Cúpla deoch mar sin féin is dóigh...


  • Advertisement
  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir


    Gnáthshatharn a bheidh ann domsa is dóigh liom. Deoch nó dhó b'fhéidir, ach sin an méid.


  • Registered Users Posts: 5,851 ✭✭✭PurpleFistMixer


    Beidh mé ag dul go dtí an céilí mór, ceapaim, cóisir san oiche, agus an Skyfest dé domhnaigh!


  • Closed Accounts Posts: 315 ✭✭gigglingrat


    Chuaigh mé go dti an céilí an bhliain seo caite, ach ní raibh sé ar fheabhas....ag an am cheanna, bhí sé ag stealladh báistí agus ní raibh einne ag damsha! B'fheidir go rachfainn ar ais, dá mbeadh an ghrian ag taitneamh.


  • Registered Users Posts: 5,851 ✭✭✭PurpleFistMixer


    Chuaigh mé ann dhá bhliain ó shin agus bhí sé ceart go leor. Bhí lá breá ann an bliain sin, áfach. Bhí mé ag damhsa sa pharáid anuraidh... ag cur cloch sneachta agus mise ag rith timpeall gléasta i dtuáille!


  • Registered Users Posts: 4,905 ✭✭✭Aard


    Ní thuigim cad a bheadh á gceiliúradh agam dá ndéanfainn aon cheiliúradh! Bhí sé i gceist agam dul chuig an gCéilí Mór ach níor éirigh mé go moch! Táim ag iarraidh gearradh siar ar an méid ólacháin atá á dhéanamh agam; ní bheidh mé "ag dul ar an scrios", mar a dhéarfá. Ní thaitníonn an pharáid liom, ná an ró-ólacháin ach oiread. Ach táim buíoch as an deireadh seachtaine trí lá!


  • Advertisement
  • Registered Users Posts: 85 ✭✭.:Who:.


    Tá bron orm mar atá mo Gaeilge go dona, ach ní raibh a fhios agam go raibh sé chomh dona seo. :(

    Clúiteach míse mo la and Phadraig iag éirí olta orm, ní raibh dul taobh anonn de
    ach bhi sé go hiontach!!

    tá dóchas pléisiúrtha gach duine!

    Slan
    P:eek:


Advertisement