Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie
Hi there,
There is an issue with role permissions that is being worked on at the moment.
If you are having trouble with access or permissions on regional forums please post here to get access: https://www.boards.ie/discussion/2058365403/you-do-not-have-permission-for-that#latest

An gcaitheann tú Fáinne?

  • 17-03-2007 12:24pm
    #1
    Registered Users Posts: 8

    Fuair mé Fáinne ó http://gaelport.com/index.php?page=fainne&tid=27 i rith na seachtaine agus táim thar a bheith bródúil as. Rinne mé iarracht ceann a fháil cupla bliaina seo chaite agus de réir Conradh na Gaeilge ní raibh siad ar fáil ag an am sin. Tá mé brea sásta gor féidir iad a fháil ar líne anois.
    Cheapaim gor siombal álainn é an Fáinne. Ceard é do bharúil faoí?

Comments

  • Closed Accounts Posts: 575 ✭✭✭JustCoz

    Fuair mé fáinne óir blianta ó shin nuair a bhí mé i mo chinnire tí sa Gaeltacht. Faroar tá sé caillte agam anois! Is rud iontach é an fáinne a chaitheamh, léiríonn sé go bhfuil an teanga beo agus go bhfuil tú bródúil as do chuid Gaeilge

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 4,905 ✭✭✭Aard

    Tugadh fáinní amach inár scoil roinnt blianta ó shin, ach táim tar éis mo cheannsa a chailleadh ;-;

  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir

    Cheannaigh mé fáinne nua le déanaí ó Ghaelport chomh maith. Chaill mé an ceann a bhí agam roimhe sin. Tá sé an-éasca é a chailliúint, os rud é go bhfuil sé chomh beag sin! Ach is maith liom é mar shuaitheantas. Agus níl sé costasach ceann nua a cheannach.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 6,889 ✭✭✭tolosenc

    Chaithfeadh, ach níl an am agam anois chun ceann a cheannach..

  • Closed Accounts Posts: 7,794 ✭✭✭JC 2K3

    Ní fheicim an pointe chun an fhírinne a rá.

  • Advertisement
  • Closed Accounts Posts: 10,730 ✭✭✭✭simu

    JC 2K3 wrote:
    Ní fheicim an pointe chun an fhírinne a rá.

    Tá sé laistiar. :D

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 634 ✭✭✭Míshásta

    Cén sórt fáinne atá i gceist agaibh?

    Fáinne imleacáin, fáinne teanga, fáinne brillín? :eek:

  • Closed Accounts Posts: 10,730 ✭✭✭✭simu

    Is féidir éa chaitheamh aon áit is dócha.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 984 ✭✭✭NextSteps

    Mísh&#225 wrote: »
    Cén sórt fáinne atá i gceist agaibh?

    Fáinne imleacáin, fáinne teanga, fáinne brillín? :eek:

    Fáinne teanga!!

    Ní chaithfinnse ceann, ní le teann leisce ligeann orm gur Gaeilgeoir mé, ach toisc nach maith liom lipéid a chaitheamh. An fáth céanna nach gcaithfinn éadaí le scríbhinn orthu nó aon chineál eile bróiste.

  • Administrators, Entertainment Moderators, Social & Fun Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 18,753 Admin ✭✭✭✭✭hullaballoo

    Caithim mo chuidse ar mo chasóg dinnéir nuair atá eachtra galánta á freastail agam. Ní caitear go coitianta, im' thuairim.

  • Advertisement
  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire

    Chun an fhirinne a rá ní rud faiseanta é an fáinne, ní feictear é ar paisean faisean, ach bíonn sé ar eadaí na polateoirí uilig....

  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir

    Cliste wrote:
    Chun an fhirinne a rá ní rud faiseanta é an fáinne, ní feictear é ar paisean faisean, ach bíonn sé ar eadaí na polateoirí uilig....

    Is beag polaiteoir a chaitheann é de réir mar atá feicthe agamsa. Ní fhaca mé fáinne á chaitheamh ag Bertie riamh, mar shampla. Caitheann Treovr Sargent é go minic agus b'fhéidir Éamó, ach is beag TD eile a chaitheann é go rialta.
    Cliste wrote:
    ní feictear é ar paisean faisean

    Ní fheictear agus ní fheicfear, mise ar Paisean Faiseann riamh ach an oiread. An fáth leis sin ná go bhfuil an iomarca measa agam orm féin. :cool:

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,085 ✭✭✭wow sierra

    Cheannaigh mé ceann ó Gaelport tar éis do nóta a léamh. Tá sé ag teacht sa phoist.
    Ní raibh mé ro-chinnte fúthu blianta o shin ach anois ceapaim go bhfuil siad ceart go leor. Bhféidir go raibh sort caighdéan nó mórluachacht ag baint leo tráth ach ceapaim go bhfuil an bharúil sin beag nach imithe. Tá sé go deas chun chur in iúl do dhaoine go bhfuil tú sásta Gaeilge a labhairt.

    Tá súil agam nach fágfadh mé i mbosca éigin sa teach é.:)

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 6,649 ✭✭✭Catari Jaguar

    An fainne le haghaidh do méar é no saghas badge rud?

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 5,578 ✭✭✭Scraggs

    Lil Kitten wrote:
    An fainne le haghaidh do méar é no saghas badge rud?
    Saghas badge ...Tá griangraf sa nasc seo

    Caithim. Tá siad saghas seanfhaiseanta ach is cuma:p

  • Closed Accounts Posts: 315 ✭✭gigglingrat

    Ni thuigim an difriocht idir an fainne oir agus an fainne airgid...an bhfuil an or nios fearr no cad e an sceal?

    (ni obrionn an "alt gr" ar an keyboard seo, bron orm)

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 5,851 ✭✭✭PurpleFistMixer

    Ceapaim go bhfuil an fáinne óir dírithe ar gaeilgóirí líofa, agus an fáinne airgid le haigheadh daoine gan caideáin chomh-airde.

  • Closed Accounts Posts: 315 ✭✭gigglingrat

    Hmmm, ach caitheann mo chara fainne oir, agus nil gaelgoir dhucais i...

  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir

    Hmmm, ach caitheann mo chara fainne oir, agus nil gaelgoir dhucais i...

    Tá an fáinne óir le haghaidh cainteoirí líofa. Ní gá a bheith i do chainteoir dúchais. Ach is féidir é a cheannach tríd an idirlíon gan focal Gaeilge a bheith agat!

  • Closed Accounts Posts: 9,878 ✭✭✭Rozabeez

    Bhí an fáinne óir agam nuair a d'fhág mé an bunscoil, ach cheapaim go bhfuil sé cailte agam anois.

  • Advertisement
  • Moderators, Social & Fun Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 30,918 Mod ✭✭✭✭Insect Overlord

    Caithim fáinne óir gach lá ar mo charbhat scoile. Táim an-bhródúil as. Fuair mé é ag deireadh an idirbhlian ar scoil, dhá bhliain ó shin, tar éis scrúdú béil. Faraor, fuair chuid mór daoine é ina measc buachaillí nach raibh ach cúpla focail acu...

  • Closed Accounts Posts: 9,878 ✭✭✭Rozabeez

    Cén fáth ar thugtar fáinne óir chuig daoine gan ach cúpla focail acu?

  • Moderators, Social & Fun Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 30,918 Mod ✭✭✭✭Insect Overlord

    Níl a fhios agam, chun an fhírinne a rá. Bhí an scrúdú éasca go leoir ag an am, ní raibh sé deacair dóibh na ceisteanna a fhreagairt i gceart. Tá aithne agat Rozabeez ar Hans? Ba bheag nár thugtar fáinne dó freisin! (do na daoine nach bfhuil aithne acu ar Hans, is Gearmáinigh é...)

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 11,440 ✭✭✭✭Piste

    Ba mhaith liom an fháinne a bheith agam, bhéinn* mé an bhrodúil é a caitheamh go minic.

    *Ní creidim é! Usáid mé an modh coinilleadh!

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,142 ✭✭✭Karlusss

    Fuair mé fáinne airgid ag críoch an mBunscoil, ach i ndáiríre ní raibh ach Béarlachas agam ag an am sin (agus anois, b'fhéidir). Níl baint ag caighdeán nó líofacht leis an fháinne níos mó. Is féidir é a cheannach más mian leat. Ní bhacaim leis, mé fhéin.

  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir

    Karlusss wrote:

    I ndeireadh na dála, tá an fáinne ann chun fonn cainte as Gaeilge a léiriú, ní chun líofacht a léiriú. Sin an bunphrionsabal atá taobh thiar de.

  • Hosted Moderators Posts: 11,362 ✭✭✭✭Scarinae

    Ni thuigim an difriocht idir an fainne oir agus an fainne airgid...an bhfuil an or nios fearr no cad e an sceal?
    Bhuel, rinne mé an scrúdú bhéal nuair a bhí mé san idirbhlian, tá fáinne óir agam ach fuair roinnt daoine an fáinne airgid - mar shampla, nuair a chuaigh cailín amháin isteach sa seomra scrúdú, dúirt an scrúdeoir "Dún an doras" agus d'oscail an cailín seo an doras.... Fuair an cailín seo an fáinne airgid!

  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir

    Fishie wrote:

    Ach is cuma faoi sin, mar ní chaitheann daoine mar sin an fáinne, fiú má tá fáinne acu. Tá difear mór idir fáinne a bheith ag duine agus é a chaitheamh go poiblí le léiriú go bhfuil tú sásta Gaeilge a labhairt. Cé mhéad duine as do bhliain a dhéanfadh sin?

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 11,440 ✭✭✭✭Piste

    Tá scrúdú ann chun an fháinne a fháil? Cheap mé gur chuaigh tú go dtí an sipa agus cheannaigh tú é!

  • Advertisement
  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 363 ✭✭Ruen

    Tá an scrúdú imithe ó na 1960í. Mar a ndúirt duine cheana féin tá an fáinne chun taispeáint go bhfuil tú sásta Gaeilge a labhairt le dhaoine, níl dúis é mar gheall ar chaighdeáin do Ghailge.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,142 ✭✭✭Karlusss

    Agus is tuairim áilinn é.

    Ach nach bhfuil sé beagáinín ait go bhfuil aon Sinner nó sean-fhear ábalta é a cheannach agus fógrú go bhfuil sé sásta labhairt Gaeilge nach bhfuil aige?

  • Closed Accounts Posts: 5,366 ✭✭✭luckat

    Caithim éadaí, de gnáth.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 363 ✭✭Ruen

    Karlusss wrote:
    Ach nach bhfuil sé beagáinín ait go bhfuil aon Sinner nó sean-fhear ábalta é a cheannach agus fógrú go bhfuil sé sásta labhairt Gaeilge nach bhfuil aige?
    Tá sé ait, ach ciallaíonn sé go mbeadh fadhb acu nuair a thhosnaíon duine ag labhairt Gaeilge leo.

  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir

    Ní dóigh liom gur thuig aon duine an pointe a rinne mé. :rolleyes: Fiú má tá fáinne ag daoine nach bhfuil Gaeilge mhaith/aon Ghaeilge acu, níl siad chun é a chaitheamh go poiblí, ar eagla go labhróidh duine Gaeilge leo agus nach mbeidh siad in ann labhairt leo.
    Agus ní fiú fáinne a bheith ag duine mura gcaitheann sé/sí é.

  • Moderators, Education Moderators, Music Moderators Posts: 4,436 Mod ✭✭✭✭Suaimhneach

    Caithin mé mó cheann gach ait ar mo jáicéid. Ceann óir.

  • Advertisement
  • Closed Accounts Posts: 531 ✭✭✭dranoel

    Chaith mé fáinne ar feadh cúpla mí ach faraor, níor thosaigh duine ar bith ag labhairt liom. An raibh níos mó rath ag éinne eile?

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 8,196 ✭✭✭Crumble Froo

    fiu nach bhfuil mo ghaeilge chomh maith anois agus a bhi se nuair a bhi me ar scoil (ni raibh me i ngaelschoil, dala an sceil), taim an-bhroduil as, agus ta cairde airithe agam agus deanaimid iarracht chun an teanga a labhair chomh minici agus is feidir, ach bhi me ag iarriaidh a fhios... an feidir fainne a fhail le haghaidh do mear? ta suim agam anois, go hairithe mar taim beagnach cinnte um an dtaca seo go bhfuilim ag dul ar imirce, agus ba mhian liom an siombail beag sin a chaith orm i gconai, ta mo theanga an-thabhachtach dom.

  • Closed Accounts Posts: 531 ✭✭✭dranoel

    narco wrote:
    an feidir fainne a fhail le haghaidh do mear? .

    Ní cheapaim go bhfuil, ach is smaoineamh maith é. Bhí mo chroí briste ag bogadh an fáinne ó sheaicéad go seaicéad.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 8,196 ✭✭✭Crumble Froo

    b'fhéidir caithfidh mé an fáinne ar mo bríste nó rud éigin... bíonn nós agam chun iadsan a caith ar feadh laethanta :eek: :D

    yeah, ceapaim go gheobhaidh mé ceann airgead (nó airgid?) ar aon nós, agus... actually... tosóidh mé ... cad é 'thread'? hmmm... bhuel... tosóidh mé ceann ar aon nós... ceart go leor... go raibh míle :)

  • Closed Accounts Posts: 7,794 ✭✭✭JC 2K3

    "ceann arigid"

    Agus thread = snáithín

  • Advertisement
  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 8,196 ✭✭✭Crumble Froo

    go raibh míle maith agat, mar a dhúirt mé cheana, táim ag dul ar imirce (tá súil agam), agus, chomh maith le sin, tá suim mór agam sa theanga, cúltúr agus stair an tír seo... agus tá súil mór agam nach caillfidh mé an beagáinín gaeilge atá fagtha agam (geallaim, bhí mé i bhfad níos fearr nuair a bhí me ag déanamh m'árdteist):rolleyes: so feicfidh sibh mé féin anseo níos minicí.

Advertisement