Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie
Hi there,
There is an issue with role permissions that is being worked on at the moment.
If you are having trouble with access or permissions on regional forums please post here to get access: https://www.boards.ie/discussion/2058365403/you-do-not-have-permission-for-that#latest

Conas a beidh sibhse ag votail san olltoghchán?

  • 03-04-2007 4:48pm
    #1
    Closed Accounts Posts: 315 ✭✭

    Nilim ocht mblaina deag fos, ach bhi me ag smaoineamh faoi an rialtas agus araile...An cheapfa go raibh taoiseach den scoth ab ea Bertie, no an cheapfa go mbeadh Enda agus na lads nios fearr? Mise, nilim cinnte faoin bheirt acu.

Comments

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,568 ✭✭✭ethernet

    Nílim ocht mbliana déag d'aois ach oiread ach is fearr Enda liom. Nach bhfuil tú bréan den chaimléireacht?

    Thug Angela Merkel a tacaíocht do FG inné. Céard atá i gceist aici mar sin ... :rolleyes:

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 6,889 ✭✭✭tolosenc

    B'fhearr liom éinne nach bhfuil i bhFianna Fáil! Is dócha go vótáilfidh mé do Na Lucht Oibre, mar is dóigh liom gur iad an páirtí is fearr as na trí cinn is mó.

  • Moderators, Social & Fun Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 30,918 Mod ✭✭✭✭Insect Overlord

    Seo mo chéad bhliain ag vótáil, agus níl aon clú ar bith agam cé a thabharfaidh mé mo vót do/di. Ar chuala sibh go bhfuil seans ann go mbeidh an toghchán ar siúl i rith na seachtaine, ní shea an deireadh seachtain???

  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir

    Mo Vóta-sa:

    1. An Comhaontas Glas
    2. Páirtí an Lucht Oibre
    3. Fine Gael

  • Closed Accounts Posts: 6,151 ✭✭✭Thomas_S_Hunterson

    Tá mo bhreithlá cupla laethanta ró-dhéanach maidir leis an chlarú ach is cuma liom i ndairíre ar choinníoll nach cuirfear na Greens nó Labour isteach agus cumhacht acu.

    Do chuirfidis stad le aon ráthunas inár sochaí.

  • Advertisement
  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 8,452 ✭✭✭Time Magazine

    Beidh sé ar Déardaoin. Bhí ("was held"? Rug?) an olltoghchán 2002 ar Dé hAoine agus thit an uibhir vótálaithe. Focail an gobshíte féin.

  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir

    Ibid wrote:
    Beidh sé ar Déardaoin. Bhí ("was held"? Rug?) an olltoghchán 2002 ar Dé hAoine agus thit an uibhir vótálaithe. Focail an gobshíte féin.

    Tá achainí i gcoinne an phlean seo, tosaithe ar an idirlíon anseo
    , ach n'fheadar an ndéanfaidh sí aon difear. :(

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 4,905 ✭✭✭Aard

    ÉAFF*, mé féin.

    [*]Éinne ach Fianna Fáil.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 363 ✭✭Ruen

    Mo vóta:
    1.Páirtí an Lucht Oibre
    2.Fine Gael
    3.An Comhaontas Glas
    Gheobhaidh FF mo rogha deireadh má tá aon fágtha ach ní tabhairfidh mé vóta do na PDs nó Sinn Féin riamh, níl muinín ar bith agam ar ceachtar acu.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,142 ✭✭✭Karlusss

    Beidh mé ag votáil i gcómhair teachta, in ionad vótáil i gcomhair roinn éigin polaitíochta - Leo Varadkar as Fine Gael domsa.

    Muna aithríonn an rialtas - cén difríocht?
    Má aithríonn sé: cad a mbeadh difriúil? Beidh Fine Gael ag tarraingt slí amháin agus na Lucht Oibre ag tarraingt an slí eile agus beidh an tír fágtha san áit ceanainn céana.

  • Advertisement
  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 363 ✭✭Ruen

    Karlusss wrote:

    Ní aontaím leat, sa cháis sin is féidir leat an rud céanna a rá faoin rialtais seo: Fianna Fáil ag tarraingt slí amháin agus na PDs ag tarraingt an slí eile:rolleyes:
    Fiú amháin má tá dearcaí difriúla ag FG agus Luch Oibre tá siad i bhfad níos fearr ná na PDs agus Fianna Fáil ag iarraidh gach seirbhís poiblí a phríobháidiú, na hoispidéil go háirithe, chun iad féin agus a chairde sna comhlachtaí móra a dhéanamh níos saibhre agus an t-am go léir tá ghnáth daoine ag cailliúnt na rudaí a bhfuil tábhachtach dóibh.
    Measaim go bhfuil Páirtí an Lucht Oibre chun obair maith a dhéanamh do na dhaoine agus an tír.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,142 ✭✭✭Karlusss

    Ruen, beidh Fine Gael níos dona fiú ná Fianna Fáil i taobh seirbhísí poiblí a phríobháidiu. Tá siadsan nios faide ar an taobh dheas ná Fianna Fáil.

    Chun dul isteach le Fine Gael sa chéad dul síos, tá air Rabbitte in iomarca a thabhairt suas. Tá sé ag tabhairt suas a bprionsabail (principles?) chun cumhacht polaitiúil a fháil.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 363 ✭✭Ruen

    B'fhédir go bhfuil ach tá na PDs go dtí dheis aon pháirtí eile agus níleam ag iarraidh go mbeidh siad in ann an rialtais a tharraingt timpeall ar feadh cúig bhliain eile, agus iad ag déanamh damáiste don tír an t-am ar fad mar tá FF ró compóirdeach a bheith i gcumhacht. Fiú amháin Lucht Oibre agus FF, bheidh mé sásta le sin agus is léir go bhfuil níos mó tacaíocht ag Rabbitte ná McDowell chun a bheith an céad Tánaiste eile. Cad a cheapann tú?

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,142 ✭✭✭Karlusss

    Glacfaidh mé le aon rud seachas Sinn Féin. Mary Lou mar Aire? Bheadh muid i dtrioblóid ansin.

  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir

    Karlusss wrote:
    Ruen, beidh Fine Gael níos dona fiú ná Fianna Fáil i taobh seirbhísí poiblí a phríobháidiu. Tá siadsan nios faide ar an taobh dheas ná Fianna Fáil.

    Cén chaoi? Tá sé ráite ag FG nach bhfuil siad sásta le tógáil na n-ospidéal príobháideach ar thalamh phoiblí? Ach tá an polasaí seo ar siúl ag FF/PD. Conas atá FG níos faide ar dheis mar sin?

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 363 ✭✭Ruen

    Karlusss wrote:
    Glacfaidh mé le aon rud seachas Sinn Féin. Mary Lou mar Aire? Bheadh muid i dtrioblóid ansin.
    D'fhágfaidh mé an tír má tharlaíonn sé sin:D
    Tá sé ráite ag FG nach bhfuil siad sásta le tógáil na n-ospidéal príobháideach ar thalamh phoiblí? Ach tá an polasaí seo ar siúl ag FF/PD. Conas atá FG níos faide ar dheis mar sin?
    Go díreach Múinteoir, polasaí a bhfuil an Pairtí Lucht Oibre agus Fine Gael i gcomhaontú lena chéile.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,142 ✭✭✭Karlusss

    M&#250 wrote: »
    Tá sé ráite ag FG nach bhfuil siad sásta le tógáil na n-ospidéal príobháideach ar thalamh phoiblí?

    N'fheadar an raibh sé sin ráite ag Fianna Fáíl ag aon t-am roimh an todhchán deireanach?

    An tuairim atá agamsa ná nach chaint é na rudaí seo a tarlaíonn díreach roimh na holltoghcháin. Post an t-Aire Sláinte is ea an phost is deacra sa tír seo. Tá bharúil ag gach duine faoi na h-ospidéail, ach an dtogfaidh siad árdú cáin chun íoc as na deisiúcháin?

  • Closed Accounts Posts: 1,376 ✭✭✭gaeilgegrinds

    Glas glas glas!!!

  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir

    Karlusss wrote:
    N'fheadar an raibh sé sin ráite ag Fianna Fáíl ag aon t-am roimh an todhchán deireanach?

    An tuairim atá agamsa ná nach chaint é na rudaí seo a tarlaíonn díreach roimh na holltoghcháin. Post an t-Aire Sláinte is ea an phost is deacra sa tír seo. Tá bharúil ag gach duine faoi na h-ospidéail, ach an dtogfaidh siad árdú cáin chun íoc as na deisiúcháin?

    Mhéadaigh an caiteachas ar an gcóras sláinte faoi cheathair le deich mbliana anuas ach tá sé níos measa anois ná mar a bhí sé riamh. Níl airgead breise ag teastáil ach pleanáil agus riaradh ceart.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,142 ✭✭✭Karlusss

    Agus tá bua na pleanála ag Fine Gael an bhfuil? Cén fianaise atá ann go bhfuil siadsan níos fearr ná an dream a bhfuil againn anois?

  • Advertisement
  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 363 ✭✭Ruen

    Tá an fianaise go ndúirt siad nach bhfuil siad chun na rudaí céanna a ndéanamh a bhfuil Fianna Fáil agus na PDs. Comh maith leis sin tá an fianaise ann nach bfhuil FF/PDs á dhéanamh na rudaí a bhfuil ag teastáil agus nuair a tharlaíonn sé sin i ndaonlathas tá sé mar freagracht na saoránaigh iad a chaitheamh amach chun seans a thabhairt do pháirtí eile agus cun taispeán dóibh nach féidir aon rud is mian leo a dhéanamh. De bharr seo b'fhéidir go mbeadh siad níos fearr sa todhchaí muna bhfuil an dream eile sásúil.
    Karlusss Agus tá bua na pleanála ag Fine Gael an bhfuil? Cén fianaise atá ann go bhfuil siadsan níos fearr ná an dream a bhfuil againn anois?
    Má smaoinímíd go léir mar sin is féidir linn rá gur cóir dúinn FF a choimeád i gcumhacht go deo, fiú amháin muna bhfuil siad ró-mhaith "mar níl aon difríocht eatarthu". Muna bhfuil FG agus LO go hiontach is féidir FF a fháil ar ais i gcúig bhliain ar a mhéad, ná choiméad iad ansin mar níl fianaise agut faoi na bpáirtithe eile. Tá an fianaise againn faoin lucht seo agus An t-aon slí a gheobhadh muid an fianaise faoin FG/LO ná má thugann muid seans dóibh.

  • Closed Accounts Posts: 14,575 ✭✭✭✭FlutterinBantam

    Nílim cinnte fós, ac taim ag feachaint go géar ar na daoiní a bhfuil ág caitheamh ár airgead cosúil le frikken uisce!!!

    ba mhaith liom an "status quo" in a bfuil go leor obair le fáil agus saol mait le cáç.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,142 ✭✭✭Karlusss

    Glacaim le do phointe, Ruen.

    Gheobhaidh FG mo vóta, ach is ar cúramaí áitiúil a bhfuil mé ag smaoineamh.

  • Closed Accounts Posts: 541 ✭✭✭GaryOR

    Beidh mé ag caitheamh mo bhótasa ar son na Glasaigh an babhta seo.

    Agus bhí seans ann, cúpla mhí ó shín, nach gcaithfinn bhóta ar bith ar son Fine Gael. Ar dtús mar gheall ar a seasamh in aghaidh na Gaeilge agus an fhíric gurb as teaghlach Fianna Fáil mé nó Fianna "FAIL" mar a thugtar orthu sna meáin Béarla.
    Ach anois, sílim go bhfuil an teanga ina praiseach ollmhór is ní féidir léi éirí níos measa,
    agus an fhíric nach bhfuil an Chomhaontas Glas agus An Lucht Oibre sásta le seasamh s'acu uirthi ach an oiread, ní bheadh chomh mór drogall orm bhóta a chaitheamh ar son FG freisin.

    Tá mo shinsir ag casadh ina n-uaigheanna!!

  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir

    GaryOR wrote:

    Tá mo shinsir ag casadh ina n-uaigheanna!!

    Ní bheidh mise ag vótáil do FF. Bheadh mo shinsir an-bhródúil asamsa!

  • Closed Accounts Posts: 541 ✭✭✭GaryOR

    frontpageimage.jpg?ts=1177583791

    hooooahhhh

  • Closed Accounts Posts: 541 ✭✭✭GaryOR

    chuala mé é, thar cionn

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 6,912 ✭✭✭SeantheMan

    Tabharfaidh mé mo vóta don phartaí ina bhfuil an seans is fearr le Bertie a chur as bheith ina Thaoiseach :rolleyes:

    FG a cheapaimse

    Is cuma liom....ASB:D :D "Aon duine Seachas Bertie " :)

  • Advertisement
  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire

    Agus an ceart go beidh an gaeilge mar ábhar lárnach san toghcháin??!

  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir

    Cliste wrote:
    Agus an ceart go beidh an gaeilge mar ábhar lárnach san toghcháin??!

    Tá leabhrán daite snasta de bholscaireacht an rialtais faoin nGaeilge (Ráiteas i leith an Gaeilge 2006) le fáil i ngach cóip de FOINSE an tseachtain seo. Mar sin is léir go gceapann siad go bhfuil sí tábhachtach do vótóirí áirithe.

  • Closed Accounts Posts: 7,794 ✭✭✭JC 2K3

    Is dóigh liom Lucht Oibre nó na Glasaigh. An t-aon dá phartaí le haon saghas pholasaithe a bhfuil suim agam iontu.
    Cliste wrote:
    Agus an ceart go beidh an gaeilge mar ábhar lárnach san toghcháin??!
    Ní cheart agus ní bheidh sé.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,286 ✭✭✭Gael

    Téigí amach agus bígí ag vótáil! Is é bhur ndualgas sibhialta é! :) Beidh na stáisiúin vótála go léir ar fud na tíre ar oscailt ó 7.30 ar maidin go dtí 10.30 san oíche.

  • Closed Accounts Posts: 541 ✭✭✭GaryOR

    Seo thíos an pobalbhreith díreach tar éis vótála ag Morning Ireland

    FF 41.6
    FG 26.3
    LO 9.9
    PD 2.6
    Glasaigh 4.8
    SF 7.3
    Nspl 7.5

    Tá cuma ana-íseal ar na Glasaigh, fiú ag an bpointe seo sa chomhaireamh

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,142 ✭✭✭Karlusss

    Leo Varadkar isteach mo cheanntarsa. Mise sásta go leor.

    Ach Willie O'Dea le 19,000 vótai?! Sin fianaise, má raibh fianaise ag taisteál, nach n-oíbríonn daonlathas ar chor ar bith...

  • Advertisement
  • Closed Accounts Posts: 531 ✭✭✭dranoel

    Karlusss wrote:
    Willie O'Dea le 19,000 vótai?!

    Cén fáth go bhfuil gean na ndaoine ar an bhfear croiméalach?

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire

    JC 2K3 wrote:
    Ní cheart agus ní bheidh sé.

    Ach cad faoi cearta teanga, i Lá inniu tá scéal faoi áit nach raibh aon Gaeilge le fáil san booth.... an bhfuil sé sin ceart?

    Agus d'éirigh mo cairde an chomhaontas Ghlas ga dona!

  • Closed Accounts Posts: 531 ✭✭✭dranoel

    Cliste wrote:
    i Lá inniu tá scéal faoi áit nach raibh aon Gaeilge le fáil san booth

    Léigh mé an t-alt. Is dochreidte é.:mad:

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,286 ✭✭✭Gael

    GaryOR wrote:
    Nspl 7.5

    Tá cuma ana-íseal ar na Glasaigh, fiú ag an bpointe seo sa chomhaireamh

    Tá an chuma air go mbeidh an méid céanna suíochán acu, le hardú beag ar an vóta náisiúnta. Chaill siad an suíochán i gCorcaigh ach bhuaigh siad ceann nua i gCeatharlach-Cill Chainnigh. Sin Mary White, leas-cheannaire an pháirtí agus an chéad Teachta Dála baineann acu.

  • Closed Accounts Posts: 531 ✭✭✭dranoel

    Bhí tuairisciú le Chathal Mac Coille agus TG4 ar an gcomhaireamh ar fheabhas!

  • Advertisement
  • Closed Accounts Posts: 482 ✭✭Steve01

    Tá Bertie ar ais? Is náire an rud é! Ach d'eirigh Fine Gael go maith san Olltoghcán freisin buíochas le Dia. Is dócha go bhfuil Enda Kenny an polateoir (sp?) is fearr. Bhí sé i mo bhaile an tseachtain seo caite agus cheapaim go raibh sé an cneasta ar fad.

  • Closed Accounts Posts: 541 ✭✭✭GaryOR

    Gael wrote:
    Tá an chuma air go mbeidh an méid céanna suíochán acu, le hardú beag ar an vóta náisiúnta. Chaill siad an suíochán i gCorcaigh ach bhuaigh siad ceann nua i gCeatharlach-Cill Chainnigh. Sin Mary White, leas-cheannaire an pháirtí agus an chéad Teachta Dála baineann acu.

    Buíochas le Dia do White
    Is mór an trua gur chaill siad Boyle i gCorcaigh. Caillteanas mhór is ea é gan aon amhras.
    An bhfuil aon seans ann go mbeidís i gcomhrialtas lena gaimbíní anois. Is léir gurbh fhearr le Bertí go mbeadh na PD agus na neamhspleáigh ann leis.:(

Advertisement