Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie

Fadscannán - Cré na Cille

  • 14-04-2007 1:12pm
    #1
    Closed Accounts Posts: 531 ✭✭✭

    Ba mhaith liom an fádscannán 'Cré na Cille' a fheiceáil. Bhí sé ag an bhfleadh scannáin i mB.A.C. i mí Fheabra ach bhí deireadh na dticéad díolta. An bhfuil fios ag éinne an mbeidh sé ag taispeáint áit éigin eile i mbliana?

Comments

  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir

    Tá súil agam go mbeidh sé ar fáil ar DVD.

  • Closed Accounts Posts: 531 ✭✭✭dranoel

    Tá súil agam freisin go mbeidh sé eisithe ar DVD ach ní fhaca mé scannán lán-ghaeilge ar an scáileán mór riamh.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 18,503 ✭✭✭✭Also Starring LeVar Burton

    Tá an scannán feicithe agam. Bhí an t-ádh orm í a fheiceál ag an bhfleadh scannáin i mB.Á.C. Tá sé ar fheabhas ar fad. Dúradar i ndiadh an scannán go mbeidh sé ar fáil ar DVD amach anseo, ach tá súil acu go mbeidh sé ar léiriú i chúpla phictiúrlann chomh maith i mí na Bealtaine nó Meitheamh, so bígí ag feitheamh amach.

  • Closed Accounts Posts: 10,730 ✭✭✭✭simu

    Is mór an trua go bhfuil an leabhar féin as cló. :/

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 18,503 ✭✭✭✭Also Starring LeVar Burton

    simu wrote:
    Is mór an trua go bhfuil an leabhar féin as cló. :/

    An bhfuil? Bhí sé i gciest agam í a phiocadh suas i rith an tSamhraidh. Is dócha go mbeidh orm é a fháil sa leabharlann. Tá a fhios agam go bhfuil cóip amháin de i UCD ar aon nós.

  • Advertisement
  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir

    simu wrote:
    Is mór an trua go bhfuil an leabhar féin as cló. :/

    Is mór an náire í i ndáiríre. :mad:

  • Closed Accounts Posts: 541 ✭✭✭GaryOR

    tá súil agam go mbeidh sé ar fáil freisin, ach chuala mé go raibh sé an-leadránach. Beagáinín ró-dílis don leabhar, deirtear.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 18,503 ✭✭✭✭Also Starring LeVar Burton

    GaryOR wrote:
    tá súil agam go mbeidh sé ar fáil freisin, ach chuala mé go raibh sé an-leadránach. Beagáinín ró-dílis don leabhar, deirtear.

    Níl sé leathdránach ar chor ar bith - tá sé an-greannmhar ar fad.

  • Closed Accounts Posts: 541 ✭✭✭GaryOR

    Níl sé leathdránach ar chor ar bith - tá sé an-greannmhar ar fad.

    'Sé sin an chéad rud dearfach a chuala mé faoi ar aon nós.

    Ach mar phríomhscannán, an gcreideann tú go seasann sé gualainn ar ghualainn le príomhscannáin eile na linne seo?

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 18,503 ✭✭✭✭Also Starring LeVar Burton

    GaryOR wrote:
    'Sé sin an chéad rud dearfach a chuala mé faoi ar aon nós.

    Ach mar phríomhscannán, an gcreideann tú go seasann sé gualainn ar ghualainn le príomhscannáin eile na linne seo?

    Is dóigh liom é - ach é sin ráite agam, tá mo shuimse i scannánaíocht sách difrúil ón gnáth. Éinne a labhair mé leo faoi i ndiadh an scannán, nuair a fhácas féin é, cheap siad go raibh sé ar fheabhas.

  • Advertisement
  • Closed Accounts Posts: 531 ✭✭✭dranoel

    tá mo shuimse i scannánaíocht sách difrúil ón gnáth

    Cad atá na scannáin eile go bfhuil tú tógtha leis?

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 18,503 ✭✭✭✭Also Starring LeVar Burton

    dranoel wrote:
    Cad atá na scannáin eile go bfhuil tú tógtha leis?

    Is maith liom gach aon saghas scannán, ach tá cúpla cinn neamh-gnáth i mo "Top 10", mar shampla 'Elephant', 'GoodBye Lenin', 'Funny Games', 'Rashamon' agus 'Run Lola Run'. Ach is aoibhinn liom scannáin ar nós 'Die Hard', 'Napoleon Dynamite', 'Anchorman' agus 'Shaun Of The Dead' chomh maith.

  • Closed Accounts Posts: 531 ✭✭✭dranoel

    Tá do liosta an-shuimiúil, níl ach 'Good-bye Lenin' feicthe agam ó na cinnte neamhghnácha. Chonaic mé 'Run-Lola-Run' i mo shiopa físeán le deanaí. Gheobhaidh mé é ar cíos an chéad uair eile.

  • Closed Accounts Posts: 5,366 ✭✭✭luckat

    Good Bye Lenin - an-ghreannmhar:

    http://www.imdb.com/title/tt0301357/

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 18,503 ✭✭✭✭Also Starring LeVar Burton

    luckat wrote:
    Good Bye Lenin - an-ghreannmhar:

    http://www.imdb.com/title/tt0301357/

    Greannmhar? Níor cheap gur scannán grinn a bhí i gceist. Ach is scannán den scoth atá ann.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 18,503 ✭✭✭✭Also Starring LeVar Burton

    dranoel wrote:
    Tá do liosta an-shuimiúil, níl ach 'Good-bye Lenin' feicthe agam ó na cinnte neamhghnácha. Chonaic mé 'Run-Lola-Run' i mo shiopa físeán le deanaí. Gheobhaidh mé é ar cíos an chéad uair eile.

    Tá Run Lola Run ar fheabhas ar fad. Molaim duit í a fháil ar cíos.

  • Closed Accounts Posts: 531 ✭✭✭dranoel

    Caithfidh mé dul go Cannes chun Cré na Cille a fheiceáil b'fhéidir

  • Closed Accounts Posts: 531 ✭✭✭dranoel

    Tá na loirg ag dul i dtreo an tSín faoi láthair, is é deacair a choimeád suas.

  • Closed Accounts Posts: 531 ✭✭✭dranoel

    Tá Run Lola Run ar fheabhas ar fad. Molaim duit í a fháil ar cíos.

    Fuair mé ‘Run Lola Run’ faoi dheireadh. Is scannán stíleach agus fuinniúil é. Cé nach bhfuil mórán doimhneacht ann bhain mé an sult as. Go raibh maith agat as ucht an moladh.

    Fáilte!

  • Advertisement
Advertisement