Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie

Ceol '07

Options
  • 19-04-2007 2:02pm
    #1
    Closed Accounts Posts: 531 ✭✭✭


    D'ordaigh mé cóip den albam Ceol '07 ar líne ar an deireadh seachtaine. Shocraigh mé é a cheannach tar éis Bell X1 a chloisteáil ar Anocht FM. Rinne mé cuairt ar imra.ie chun a sheiceáil cé chomh ard a shroich an t-albam sna cairteanna ach bhí díoma orm nach raibh sé le fheiceáil sa bharr caogad ag am ar bith. Níor chabraigh sé nach bhfuil íoslódáil ar fáil in aon áit. Ach, is cuma, tá mé ag tnúth leis go mór.


Comments

  • Closed Accounts Posts: 531 ✭✭✭dranoel


    Fuair mé an t-albam dúbailte sa phost agus tá mé sona sásta leis. I measc na rianta éagsula ann is fearr liom ‘Bladhm’ ag Bell X1 agus ‘Fear Seó’ ag The Spikes. Bhí mé mícheart i m’iontráil dheireanach mar shroich an t-albam uimhir a cúig sna cairteanna dar le Bebo. Tá sé fós le fáil ar Concern.


  • Registered Users Posts: 1,238 ✭✭✭Kwekubo


    dranoel wrote:
    Bhí mé mícheart i m’iontráil dheireanach mar shroich an t-albam uimhir a cúig sna cairteanna dar le Bebo.
    Bhuel bhíodh sé ag uimhir a cúig ar feadh tamaill, ach ar cairt na ndíolamaí :rolleyes:


Advertisement