Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie
Hi there,
There is an issue with role permissions that is being worked on at the moment.
If you are having trouble with access or permissions on regional forums please post here to get access: https://www.boards.ie/discussion/2058365403/you-do-not-have-permission-for-that#latest

Ainm nua don bhfóram - VÓTÁIL ANSEO!

  • 24-04-2007 12:35pm
    #1
    Closed Accounts Posts: 10,730 ✭✭✭✭


    Seo libh!

    Tá seachtain agaibh chun vótáil a dhéanamh!

    Ainm nua... roghnaigh ceann amháin 29 votes

    An Síbín Gaelach
    0% 0 votes
    Cúl an Tí
    34% 10 votes
    Tír na nÓg
    13% 4 votes
    Inis Fáil
    6% 2 votes
    Teach na nGealt
    0% 0 votes
    An Tinteán
    37% 11 votes
    Tar Éis na hUaire
    6% 2 votes


Comments

  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir


    Hmm, is deacair rogha a dhéanamh. Is maith liom iad go léir! (seachas Tar Éis na hUaire)


  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir


    Agus tá an Síbín Gaelach chun tosaigh ar an slua!

    2_horses_racing.jpg


  • Closed Accounts Posts: 10,730 ✭✭✭✭simu


    Níl an rás rite fós...


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 6,649 ✭✭✭Catari Jaguar


    Ceard is sibin an?


  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir


    Lil Kitten wrote:
    Ceard is sibin an?

    Teach tábhairne beag ina ndíoltar alcól mídhleachtach, de ghnáth. Tugadh 'speakeasy' air/orthu as Béarla nuair a bhí 'Prohibition' i réim i Meiriceá.

    Úsáidtear an focal Shebeen sa Bhéarla go minic.


  • Advertisement
  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire


    Tá teach na gealt ansin anois!


  • Closed Accounts Posts: 7,794 ✭✭✭JC 2K3


    Teach na nGealt!!

    B'fhéidir fiú, "Teach na nGaelt" ;) , má táimid ag iarraidh bheith an-ghlic faoi, ach b'fhéidir nach dtuigfí an cleas focail atá i gceist go rómhaith.


  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir


    JC 2K3 wrote:
    Teach na nGealt!!

    B'fhéidir fiú, "Teach na nGaelt" ;) , má táimid ag iarraidh bheith an-ghlic faoi, ach b'fhéidir nach dtuigfí an cleas focail atá i gceist go rómhaith.

    Tá Gaeltacht agus tá Gealtacht ann. :D


  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir


    Agus tá Teach na nGealt tar éis teacht aníos taobh thiar den Síbín Gaelach agus an lámh in uachtar á fáil aige....:eek:


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 18,503 ✭✭✭✭Also Starring LeVar Burton


    Thaitníonn 'An Síbín Gaelach' liom. Gaeilge agus Alcól - na dhá nithe is deise sa saol.


  • Advertisement
  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir


    Agus tá an Síbín Gaelach agus Teach na nGealt gualainn ar ghualainn a chéile le deich vóta......

    A023-364.200.jpg


  • Closed Accounts Posts: 10,730 ✭✭✭✭simu


    Bhuaigh "Teach na nGealt" le aon vóta amháin!!!


  • Closed Accounts Posts: 10,730 ✭✭✭✭simu


    Fáilte go teach na nGealt... Ní hionann dul go teach na ngealt agus teach as! :)


  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir


    simu wrote:
    Fáilte go teach na nGealt... Ní hionann dul go teach na ngealt agus teach as! :)


    Wú hú!!

    straitjacket.jpg


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,238 ✭✭✭Kwekubo


    Agus cé a chaith an vóta deireanach sin? Bhíos ag tnuth leis an Sibín Gaelach... :(


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,142 ✭✭✭Karlusss


    "Gealt-teach iargúlta lastiar den ré"

    Go h-íontach.


  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir


    Tá sé mar Tar Éis na hUaire go fóill sa roghchlár anuas


  • Closed Accounts Posts: 10,730 ✭✭✭✭simu


    M&#250 wrote: »
    Tá sé mar Tar Éis na hUaire go fóill sa roghchlár anuas

    Úps! Cuirfidh mé teachtaireact go dtí Vexorg mar gheall ar sin!


  • Closed Accounts Posts: 10,730 ✭✭✭✭simu


    Fadhb le ceann dos na freastalaithe is cúis leis. Ní bheidh an t-ainm nua le feiscint go dtí go ndeiseofar é.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,142 ✭✭✭Karlusss


    M&#250 wrote: »
    roghclár anuas
    simu wrote:
    freastalaithe

    Is breá liom iad seo. Curtha i mo stór focal.


  • Advertisement
  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,286 ✭✭✭Gael


    Is dóigh liom gur féidir linn scaoileadh leis an snáth áirithe seo anois mar 'stickie'. Ní gá dó a bheith ag an mbarr a thuilleadh.


  • Closed Accounts Posts: 74 ✭✭sonx


    "cúpla focail".


  • Moderators, Education Moderators, Music Moderators Posts: 4,436 Mod ✭✭✭✭Suaimhneach


    Sonx, the forum as named Teach na nGealt... twas decided on 05-06-2007...

    :)


  • Moderators, Social & Fun Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 30,919 Mod ✭✭✭✭Insect Overlord


    lol

    n00b :P


  • Closed Accounts Posts: 74 ✭✭sonx


    Fhile, you'd want to sort that out. :mad:


  • Moderators, Social & Fun Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 30,919 Mod ✭✭✭✭Insect Overlord


    sonx wrote: »
    Fhile, you'd want to sort that out. :mad:

    :confused: Tá brón orm, ach ní thuigim Béarla nuair a fheicim é san fhórum seo.

    I ndáiríre, nach bhfaca tú go raibh an poll dúnta? Cheap mé go raibh sé saghas soiléir. Mar sin, mheas mé go raibh do phost cineál greannmhar. Níl aon gá leis an ":mad:" smiley. Bí áthasach! :)


  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir


    Ní ceart go mbeadh an snáithe seo ag barr an fhóraim mar ghreamaitheoir a thuilleadh. An mbainfeadh duine de na modhnóirí é le bhur dtoil nó beidh daoine nua ag teacht isteach arís agus arís eile ar feadh na mblianta ag déanamh moltaí faoi "ainm nua an fhóraim". :rolleyes:


  • Closed Accounts Posts: 10,730 ✭✭✭✭simu


    Slán leat, a shnáith!


  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir


    Go tóin poill leis! :D


  • Advertisement
  • Moderators, Social & Fun Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 30,919 Mod ✭✭✭✭Insect Overlord


    An bhfuil cur faoi glas ag teastáil ón snáth seo? Tá seans láidir ann go dtiocfaidh mé isteach anois is arís chun mo postcount a ardú...


  • Closed Accounts Posts: 7,794 ✭✭✭JC 2K3


    Tá rud éigin le hadhmháil agam sula dhúntar an snáth seo.



    Votáil mé dhá uair do "Teach na nGealt" ag úsáid cuntas difriúil.


  • Closed Accounts Posts: 10,730 ✭✭✭✭simu


    :eek:

    Caithfear binse fiosraithe a oscailt... beidh an tsnáith ar an gcéad lch go deo!


  • Moderators, Social & Fun Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 30,919 Mod ✭✭✭✭Insect Overlord


    JC 2K3 wrote: »
    Tá rud éigin le hadhmháil agam sula dhúntar an snáth seo.



    Votáil mé dhá uair do "Teach na nGealt" ag úsáid cuntas difriúil.

    :eek:
    Ba náire ort! :D

    Cad is ainm don bpearsa eile i do cheansa?


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh


    simu wrote: »
    :eek:

    Caithfear binse fiosraithe a oscailt... beidh an tsnáith ar an gcéad lch go deo!


    Níor thaitin an teideal áiféiseach sin liom riamh. Tá sé am anois an teideal a athrú go An Síbín Gaelach.


  • Moderators, Social & Fun Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 30,919 Mod ✭✭✭✭Insect Overlord


    Poll Dubh wrote: »
    Níor thaitin an teideal áiféiseach sin liom riamh. Tá sé am anois an teideal a athrú go An Síbín Gaelach.

    Aontaim le Pholl Dubh, i sli éigin. Nil an forum seo cósuil le After Hours ar cur ar bith. Phiocfar an t-ainm "Teach na nGealt" chun ceangail a dhéanamh idir a dá fhóram (mar bionn AH craiceáilte den chuid is mó ama) ach chun na firinne a rá bionn an t-atmaisféir i bhfad nios dáirire istigh anseo.

    É sin ráite agam, is maith liom an t-ainm atá againn. Just ni mheasaim go bhfuil sé cruinn mar chur sios orainn.*

    *Bhfuel, de ghnáth... ;)


  • Advertisement
  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 634 ✭✭✭Míshásta


    "In ainm Allah, pé ainm a roghnóidh sibh, ná bíodh "Gaeilge" ná "Gaelach" sa teideal. Foram "i nGaeilge" ba chóir a bheith anseo agus ní clár plé fén Gaeilge. Fág an t-ainm mar atá sé - ní thaitnaíonn sé ró-mhór liomsa ach níl aon mhaith bheith á athrú gach cúpla mí.

    Mholfainnse "Cré na Cille" mar ainm oiriúnach - chuala beagnach gach éinne faoi ach ní léann éinne é.

    Uainn go léir anseo in #37 "Chetwynde Downs" - - - Slááán Tamall


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh


    Bheadh 'An Síbín' oiriúnach, níl aon ghá le 'Gaelach'. Tá an ceart ag Míshásta faoi sin.


  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir


    Poll Dubh wrote: »
    Níor thaitin an teideal áiféiseach sin liom riamh. Tá sé am anois an teideal a athrú go An Síbín Gaelach.

    Tugadh an toradh mícheart! Caithfear vótáil arís! Beidh sé cosúil le Conradh Liospóin. :rolleyes: Is cuma liomsa má tá sibh ag iarraidh vóta a chaitheamh arís; déarfainn go mbeadh an toradh mar an gcéanna. B'fhearr lioms díriú ar an 'bpictiúr mór', is é sin, forbairt na háite seo mar áit chomhrá nádúrtha don Ghaeilge.


  • Closed Accounts Posts: 7,794 ✭✭✭JC 2K3


    Múinteoir wrote: »
    Tugadh an toradh mícheart! Caithfear vótáil arís! Beidh sé cosúil le Conradh Liospóin. :rolleyes: Is cuma liomsa má tá sibh ag iarraidh vóta a chaitheamh arís; déarfainn go mbeadh an toradh mar an gcéanna. B'fhearr lioms díriú ar an 'bpictiúr mór', is é sin, forbairt na háite seo mar áit chomhrá nádúrtha don Ghaeilge.
    Go díreach.

    Níor cheap mé go mbeadh éinne chomh dáiríre faoi seo. Bhí cupla uair an chloig ó dhúnfadh an vótáil agus bhí mé logáilte isteach faoi ainm difriúil agus rinne mé é. Tuigim go bhfuil mo shaol ar nós traen go hIfreann ag an bpointe seo, agus ghlacfainn le vótáil nua agus cosc saoil ón áit seo, ach iarraim achainí amháin daoibh ar fad - ná ligigí do spiorad na ngealt an áit seo a fhágáil riamh, ná múchaigí an lasair ghealtacht! *Tosaíonn deoraí ag teacht óna shúile*. Pé ainm nua a roghnaíonn sibh, ná déanaigí dearmad gur Ghaeltacht Ghealtach atá anseo, agus coimeadaigí mar sin é go dtí go dtiocfaidh an apacailipsis nó go cliseadh freastailithe Boards!


Advertisement