Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie

Tatúnna i dteangacha nach dtuigeann daoine

  • 27-04-2007 9:11pm
    #1
    Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭


    Má théann sibh ag scimeáil ar fud na bhfóram Éireannach éagsúil ar fud an idirlín, tabharfaidh sibh faoi deara an oiread daoine (Meiriceánaigh Éireannacha don chuid is mó) atá ag iarraidh tatú Gaelach a ghreannadh ina gcuid craicinn.

    Cuireann siad a muinín i lán-stráinséirí chun an leagan cruinn ceart dúchasach Gaeilge de mhana maoithneach éigin a chur ar fáil dóibh, rud a ghearrfaidh siad isteach ina gcorp le bheith ansin go brách.

    Ní Gaeilge amháin a bhíonn ag teastáil don nós seo. Tá mé cinnte go bhfuil go leor agaibh tar éis a thabhairt faoi deara cé chomh faiseanta is atá sé do chailíní Éireannacha, tatú Sínise a chur ar a gcorp. Nuair a iarrtar orthu céard atá scríofa ann deir siad "Ó is é sin m'ainm as Sínis" nó "Ciallaíonn sé 'fuinneamh dearfach' as Sínis". An bhfuil na daoine seo i ndáiríre! Cén chaoi a bhfuil a fhios acu faoin spéir céard atá scríofa ann. Seans go bhfuil "Chicken Chow Mein with Soy Sauce" scríofa ann as Sínis i ngan fhios dóibh! :eek: :rolleyes: Mar an gcéanna leis na Meiriceánaigh agus na manaí Gaelacha.

    Anois, níl locht ar bith agamsa ar éinne atá ag iarraidh tatú a chur orthu féin. Beatha duine a thoil. Ach ná bí ag cur scríbhinní buana ar do chorp nuair nach dtuigeann tú an teanga atá i gceist!


Comments

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,238 ✭✭✭Kwekubo


    Tá pointe agat... fch anseo


  • Closed Accounts Posts: 10,730 ✭✭✭✭simu




  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 8,196 ✭✭✭Crumble Froo


    simu wrote:

    gabh mo leithsceal, ni thuigim cen fath, ach nilim in ann fada a cruthu ar an riomhaire seo... nil aon siombail euro agam chomh maith le sin:rolleyes: (agus, dar ndoigh, is tamall e o gur scriobh me as gaeilge, ach taim cinnte go gheobhaidh sibh mo theachtaracht ginearalta:o

    ach ar aon nos, dar leis an bpost sin, duradh seo...
    Well, to clarify for all… yes, it is centered. It’s my shirt that’s not on straight. The top tattoo is definitely Kenna (a musician) the apostrophe, spelling and grammar are all correct. The apostrophe is actually a little mark over the “a” and in the traditional Irish Gaelic (not modern Gaelic…there’s the difference) is does mean Drug Free. And no, I have never done any drugs at all. It is with that pride that I had this done. Thank you for all of the criticism, but it is to no avail.

    chaithfidh me a admhail, ba mhaith liom tatu as gaeilge la amhain, ach bheadh air rud eigeann an-thabhachtach a ra dom, agus nil aon phras mar sin agam fos.


  • Closed Accounts Posts: 541 ✭✭✭GaryOR


    Ó a Íosa Chríost, breathnaigh ar an focain tatú atá ar an óinseach óg sin.

    Cuireadh a' ann seachas á.... agus céard é an bhrí le "Drugáil Saor" ar aon nós.

    Drug'ail Saor... :rolleyes:


  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir


    GaryOR wrote:
    Ó a Íosa Chríost, breathnaigh ar an focain tatú atá ar an óinseach óg sin.

    Cuireadh a' ann seachas á.... agus céard é an bhrí le "Drugáil Saor" ar aon nós.

    Níl aon chiall leis i ndáiríre, ach is í an chiall is cóngaraí a bheadh leis ná ''Cheap drugging", is dóigh liom
    :eek: :confused::D


  • Advertisement
  • Closed Accounts Posts: 541 ✭✭✭GaryOR


    ''Cheap drugging" GOA :D:confused: ó an cailín bocht. Poncánaigh:rolleyes:


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 6,649 ✭✭✭Catari Jaguar


    hahahah! Taim sasta go bhfuil an rud seafoideach micheart orthu do a shaol mar bhi si bitseach ceart do na daoine a bhi ag abairt lei cad a duirt se! :D


  • Closed Accounts Posts: 19 JohnnyFilters


    Múinteoir, Aontaím leatsa go hiomlán, tá cairde agam le tatúana as Sínis, deir siad go bhfuil a ainmneach atá ann ac i ndáiríre níl clú dá laghad acu cad atá ann! :rolleyes: Beidh ceann de mo chairde ag fáil tatú go luath, bhí sé ar intinn aici chun 'bród' a fháil as Sínis, nuair a chuireas an ceist uirthi cén fáth go bhfaigheadh sí é as Sínis, go háirithe an focail bród ní raibh aon cúis uirthi. Anois beidh sí ag fáil 'bród' sa chló Ghaelach:D

    Drug'ail saor, nílim líofa ach tá sé sin go hainnis!

    FRC


  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir


    Agus ná bíodh duine muinteartha mar phictiúr i do thatú. A dhiabhail! :eek:

    499142480_9aa7caef52.jpg


  • Closed Accounts Posts: 531 ✭✭✭dranoel


    M&#250 wrote: »
    Agus ná bíodh duine muinteartha mar phictiúr i do thatú. A dhiabhail! :eek:

    Cuireann sé fainic orm fan amach ó na tatúlanna!


  • Advertisement
  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,142 ✭✭✭Karlusss


    Measaim go bhfuil an cheann sa nasc bainteach leis an gluaiseacht "straight edge" - "drug free" a chóir bheith ann as Béarla - "Saor ó drugaí", b'fhéidir?

    AGUS: de réir mo mhionthuiscint de Sínis, ní fhéidir ainm nach bhfuil as Sínis a scríobh i carachtair Sínis. Is féidir a bhfuil i gceist ag an ainm a scríobh (m.s le Dara, usáidfear an carachtair don chrann, no an cheann do bhrionglóid le haghaidh Aisling), áfach.

    Ach is cómhair fanacht amach ó na tatúnna sin - gan aon rud eile san áireamh, feicfidh tú amadach ós comhair na Sínigh, Seapánaigh agus Chóirigh in Éirinn a bhfuil in ann iad a léamh. Cuimhnigh ar duine Síneach le "water" scríbhte i litir mhór ar a gualainn - níl aon difríocht.


Advertisement