Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie

Gunnadóir Craicéailte Eile

Comments

  • Closed Accounts Posts: 541 ✭✭✭GaryOR


    Beidh a lán cásannaí aithrise ann anois mar gheall ar an gcéad gealt.
    Sin nádúr daonna de réir dealraimh!:eek:

    Deirtear freisin go mbeidh cásannaí aithrise in Éirinn tar éis na tubaiste uafásach sin ar tharla do mhuintir Dunne le déanaí


  • Closed Accounts Posts: 531 ✭✭✭dranoel


    M&#250 wrote: »


    Tá an méid gunnaí láimhe príobháideacha sa tír seo ag cur imní orm. Ní bheidh sé i bhfad go dtí ár Virginia Tech féin.


  • Closed Accounts Posts: 10,730 ✭✭✭✭simu


    An gceapann tú? Ní dóigh liom go bhfuil an brú céanna ar mhuintir na hÉireann agus atá ar na Meiriceánaigh gan a bheith ina "losers".


  • Closed Accounts Posts: 541 ✭✭✭GaryOR


    dranoel wrote:
    Tá an méid gunnaí láimhe príobháideacha sa tír seo ag cur imní orm. Ní bheidh sé i bhfad go dtí ár Virginia Tech féin.

    Meastú??

    Ní shílim go bhfuil an gunna lárnach i gcultúr na nGael mar uirlis díoltais sa tslí chéanna mar atá sé thar sna stáit!
    Agus ní fhéadfá gunna leathuathoibríoch (semi-automatic) a fháil anseo chomh héasca ach an oiread.

    Chomh maith leis sin is gunnaí gráin iad cuid mhór de na gunnaí sa tír seo, agus tá difríocht mhór idir gunna gráin is gunna leathuathoibríoch i leith cé mhéad duine a bhféadfá marú, más rud é dá mbeadh an claonadh sin ionatsa.


  • Closed Accounts Posts: 531 ✭✭✭dranoel


    Tar éis scaoileadh ar na rialacha a chur cosc ar gunnaí láimhe le deanaí, tá na céadta tagtha isteach anois go dleathach agus níos mó ag teacht i ndiaidh. Tá Glock leathuathoibríoch ag mo chara. Is fear ciallmhar é ach tá seans ann go rachaidh sé ar buille lá éigin…..


  • Advertisement
  • Closed Accounts Posts: 541 ✭✭✭GaryOR


    dranoel wrote:
    Tar éis scaoileadh ar na rialacha a chur cosc ar gunnaí láimhe le deanaí, tá na céadta tagtha isteach anois go dleathach agus níos mó ag teacht i ndiaidh. Tá Glock leathuathoibríoch ag mo chara. Is fear ciallmhar é ach tá seans ann go rachaidh sé ar buille lá éigin…..


    éh... cén fáth go bhfuil Glock leathuathoibríoch ag do chara?!!!:eek:


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire


    Agus lámhach fear eile a comhoibreoír agus é féin níos luath i NASA:

    http://news.sky.com/skynews/article/0,,15410-1261819,00.html


  • Closed Accounts Posts: 531 ✭✭✭dranoel


    GaryOR wrote:
    éh... cén fáth go bhfuil Glock leathuathoibríoch ag do chara?!!!:eek:

    Mar go bhfuil suim mór i gunnaí aige agus seacht céad euro le spáráil. Tá ceadúnas aige é a úsáid i raon lámhaigh. Glacann an piléarlann suas le trí philéar déag.

    De réir a chéile, tá an tír seo ag éirí níos contúirtí.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,378 ✭✭✭Borneo Fnctn


    Tóg go bog é. Níl sé chomh héasca sin ceadúnas gunna a fháil sa chéad áit sa tír seo. An gceapann sibh go húsáideann na gangsters sa tír seo gunnaí cláirithe? Níl duine éigin chun bacadh le na rialacha má tá siad chun an dlí a bhrisedh ar aon nós. Bheidh sé i bhfad níos furasta do díoltóir drugaí gunna a fháil gan cead ar bith ná go mbeidh sé ceann a fháill trí an coras a bhfuil againn anois.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 8,196 ✭✭✭Crumble Froo


    Aontaím nach bhfuil páirt céanna inár gcultúr mar atá sa Mheirceá, ach ag an am céanna, creidim go bhfuil sé ach tamall go dtí go dtarlaíonn rud craiceáilte anseo ag baint le gunnaí...

    Deirtear go minic is i gconaí a tagann na rudaí a bíonn ar siúl i Meiriceá anseo, agus creidim é seo dar le gunnaí freisin.


  • Advertisement
  • Closed Accounts Posts: 531 ✭✭✭dranoel


    Bheidh sé i bhfad níos furasta do díoltóir drugaí gunna a fháil gan cead ar bith ná go mbeidh sé ceann a fháill trí an coras a bhfuil againn anois.

    Go dearfa, tá mé buartha faoi choirpigh le gunnaí mídhleathacha; is cuimhin liom Anthony Campbell, an pluiméir óg, a dhúnmhairíodh mar go raibh sé san áit mhícheart ag an am mícheart. Ach ag an am céanna, tá mé fíor buartha faoi ghunnaí cláraithe freisin. Tagann lionn dubh agus ísle brí ar gach duine ag am éigin, agus má tá duine feargach domheanmnach faoi arm agus éide, is féidir leis uafás a dhéanamh ag scoil láthair oibre srl.

    Tá baol ann do pháistí freisin.


  • Closed Accounts Posts: 531 ✭✭✭dranoel




Advertisement