Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie

Seasamh frith-homaighnéasach Aoife Ní Thuairisg (Paisean Faisean)

Comments

  • Closed Accounts Posts: 531 ✭✭✭dranoel


    Is creideamh antoisceach é na Jehovah's Witnesses atá róthógtha leis an mbíobla.


  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir


    Is fánach an áit a bhfaighfeá gliomach! Finné Iáivé i gConamara! :D

    Ach i ndáiríre píre, is deacair dom gan meas a chailliúint ar Aoife álainn dá bharr. :(


  • Closed Accounts Posts: 10,730 ✭✭✭✭simu


    Tá iontas orm go raibh aon bhaint ag Finné Iáivé le clár atá chomh dírithe sin ar nithe saolta. Cheapas ná ligeann an eaglais sin dá baill a bheith páirteach i rudaí a théann i gcoinne an chreidimh.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,810 ✭✭✭ergonomics


    Ceapaim go bhfuil Aoife an-mhíghairmiúil anois ach ag am céanna tá meas agam di mar sheas sí i gcomhar a creideamh. Is dóigh liom go raibh fhois aici go gheobhaidh sí a lán 'criticism' faoi seo ach níor cuir sin isteach uirthi. Má tá TG4 dáiríre faoin clár homaighnéasach is féidir láitheoir eile a fháil chun seasamh isteach i gcomhar Aoife don clár sin. Má deireann Aoife fós nach bhfuil sin ceart go leor, bhuel ansin ní bheidh aon meas agam di.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,142 ✭✭✭Karlusss


    Ní mór an rud a bhfuil caillte againn de bharr an "nuacht" seo i ndáiríre. Paisean Faisean homaighnéasach. An bhfuil an oiread sin fir homaighnéasach le Gaeilge acu chun an clár a dhéanamh, fiú?

    (n'fheadar, an bhfuil focail níos giorra i gcomhair homaighnéasach?)


  • Advertisement
  • Closed Accounts Posts: 10,730 ✭✭✭✭simu


    Karlusss wrote:
    Ní mór an rud a bhfuil caillte againn de bharr an "nuacht" seo i ndáiríre. Paisean Faisean homaighnéasach. An bhfuil an oiread sin fir homaighnéasach le Gaeilge acu chun an clár a dhéanamh, fiú?

    Ceathrar? Caithfidh go bhfuil!


  • Closed Accounts Posts: 10,730 ✭✭✭✭simu


    Karlusss wrote:

    (n'fheadar, an bhfuil focail níos giorra i gcomhair homaighnéasach?)

    Dar le focal.ie: http://www.focal.ie/Search.aspx?term=gay


  • Closed Accounts Posts: 531 ✭✭✭dranoel


    Karlusss wrote:
    (n'fheadar, an bhfuil focail níos giorra i gcomhair homaighnéasach?)

    Tá daoine ag úsáid 'aerach' ach is béarlachas é.


  • Closed Accounts Posts: 541 ✭✭✭GaryOR


    feicim go bhfuil an scéal á phlé ar an mblag sin "blogorrah"

    Go pearsanta, níl aon fhadhb agam le seasamh Aoife ar an gceist seo, sin í a creideamh, níl aon dhul as.
    Ní aontaím lena creideamh caithfear a rá ach is féidir le TG4 duine eile a fháil más mian leo'b an clár a dhéanamh.


  • Closed Accounts Posts: 531 ✭✭✭dranoel


    GaryOR wrote:
    sin í a creideamh í, níl aon dhul as.

    Is trua é go bhfuil a creideamh chomh dogmach. Tarraingíonn sé easaontas agus réamhchlaonadh idir dhaoine de bharr cúrsaí gnéasanna. Is deacair a chreidiúint go mbeadh Dia buartha faoi ghrá idir bheirt dhuine aibí.


  • Advertisement
  • Closed Accounts Posts: 541 ✭✭✭GaryOR


    dranoel wrote:
    Is trua é go bhfuil a creideamh chomh dogmach. Tarraingíonn sé easaontas agus réamhchlaonadh idir dhaoine de bharr cúrsaí gnéasanna. Is deacair a chreidiúint go mbeadh Dia buartha faoi ghrá idir bheirt dhuine aibí.

    ó gan amhras, ach sin reiligiún duit go brónach!

    Ba mhaith liom a bheith ar eolas agam faoi cé a scaoil an t-eolas seo go dtí an Indo?


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,142 ✭✭✭Karlusss


    dranoel wrote:
    Tá daoine ag úsáid 'aerach' ach is béarlachas é.

    Caithfidh go bhfuil "homaighnéasach" Béarlachas freisin? "Comhainm" is ea homonym agus "comhfhuaim" is ea homophone.

    Agus tá brón orm, thuig me go mbeadh srath iomlán le homaighnéasaigh, ach bhíos mí-cheart.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire


    Cheap mé go raibh sé sin 'care free'.... Tá a fios agam go bhfuil sé beagnach an rud céanna, ach níor chuala mé é ríobh san slí sin....


  • Closed Accounts Posts: 531 ✭✭✭dranoel


    Karlusss wrote:
    Caithfidh go bhfuil "homaighnéasach" Béarlachas freisin? "Comhainm" is ea homonym agus "comhfhuaim" is ea homophone.

    Tá dhá bhrí difriúil ag ‘homo’. As Laidin ciallaíonn sé fear agus as Gréagach ciallaíonn sé céanna(Wikipedia). Níl béarlachas é homaighnéasach ach Laidineachas!
    Cliste wrote:
    Cheap mé go raibh sé sin 'care free'.... Tá a fios agam go bhfuil sé beagnach an rud céanna, ach níor chuala mé é ríobh san slí sin....

    Tá aerach á úsáid go forleathan. Rinne mé cuardach Google agus tá roinnt samplaí anseo duit. Is trua é mar caillfear an tseanbhrí ag an bhfocal mar a tharla go ‘gay’ i mBéarla.

    www.citizensinformation.ie
    www.foinse.ie/
    http://www.gigsoc.nuigalway.ie

    Ní bheadh Cathal Ó Searcaigh ró-shásta le hAoife: "Tá an t-ádh orm a bheith beo san am ina bhfuil mé beo mar go bhfuil glacadh le daoine aeracha agus tá siad le feiceáil mar role models. Roimhe seo, ní fheicfeá duine aerach ar an teilifís, ní chluinfeá duine aerach ag caint ar an raidió. Síleadh do dhaoine agus iad ag éirí aníos roimhe seo nach raibh duine ar bith aerach ach iad féin.":beo.ie


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,286 ✭✭✭Gael


    Má tá fear cosúil le Cathal Ó Searcaigh, atá ina chainteoir dúchais Gaeilge, ina fhile Gaeilge agus ina fhear aerach, sásta leis mar théarma, tá mise sásta leis mar théarma.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,142 ✭✭✭Karlusss


    Díreach é. Sin focal deas neamhfhoirmiúl nua atá curtha i mo stór.


  • Closed Accounts Posts: 5 Fionnan32


    Cén chaoi a bhfuil sibh?

    Is duine aerach mise.... Agus bhí mise ar Paisean Faisean..
    Bhí mé thíos le bheith ar an seó do dhaoine aeracha ach tharraing duine siar ag an nóiméad deireanach mar sin bhí orm léim isteach (in áit an duine agus ar ais sa chófra mar a deirtear ;) )

    Luaigh mé nuair a bhuail mé leí gur duine aerach atá ionam agus níor chuir sin isteach nó amach uirthi..
    Agus ní mise an chéad duine aerach a bhí ar an gclár, bhí cúigear ar a laghad ar an seó sara bhí mise..
    Mar sin Karlusss tá thart ar 10% de Ghaeilgeoirí ina ndaoine aeracha.. Gayilgeoirí b'fhéidir :p


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,286 ✭✭✭Gael


    Fionnan32 wrote:
    Cén chaoi a bhfuil sibh?

    Is duine aerach mise.... Agus bhí mise ar Paisean Faisean..
    Bhí mé thíos le bheith ar an seó do dhaoine aeracha ach tharraing duine siar ag an nóiméad deireanach mar sin bhí orm léim isteach (in áit an duine agus ar ais sa chófra mar a deirtear ;) )

    Luaigh mé nuair a bhuail mé leí gur duine aerach atá ionam agus níor chuir sin isteach nó amach uirthi..
    Agus ní mise an chéad duine aerach a bhí ar an gclár, bhí cúigear ar a laghad ar an seó sara bhí mise..
    Mar sin Karlusss tá thart ar 10% de Ghaeilgeoirí ina ndaoine aeracha.. Gayilgeoirí b'fhéidir :p

    Agus an mbíonn na fir aeracha níos fearr ag roghnú éadaí ar an gclár. Súil aerach don fhear díreach? ;)


  • Closed Accounts Posts: 531 ✭✭✭dranoel


    Aghaidh amháin taobh thiar na ceamairí, aghaidh eile os comhair an tsaoil. Fimíneacht.


  • Closed Accounts Posts: 5 Fionnan32


    http://www.focal.ie/Search.aspx?term=Fim%C3%ADneacht

    ?

    Agus is fíor go mbíonn daoine aeracha níos fearr á roghnú!!! Sure bíonn cuid againn gléasta mar mhná (Ní mé féin ach a mhalairt!!!) mar sin bíonn taithí againn i gcúrsaí mar seo :D

    Dála an scéil, is "fix" (?) mór atá ann...

    De ghnáth cairde/rang/scoil a bhíonn i gceist... Agus dá roghnaigh mo bheansa culaith an leaid a bhí ag obair leí sa seomra ranga céanna.. Bhí mo cheann i bhfad i bhfad níos deise.. D'aontaigh an domhan liom!!!


  • Advertisement
  • Closed Accounts Posts: 531 ✭✭✭dranoel


    'Fimíneacht' - Is Tadhg an dá thaobh í (i leith ábhair seo).

    Is foclóir téarmaíochta é Focal.ie, tá 'fimíneacht' le fháil i ngnáthfhoclóra.


Advertisement