Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie
Hi there,
There is an issue with role permissions that is being worked on at the moment.
If you are having trouble with access or permissions on regional forums please post here to get access: https://www.boards.ie/discussion/2058365403/you-do-not-have-permission-for-that#latest

Rialacha An Bhóthair 2007

Comments

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,286 ✭✭✭Gael

    GRMA as sin Victor. Is tráthúil an rud é, os rud é go bhfuil mise díreach ar tí an tiomáint a fhoghlaim. :)

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire

    Is cóisiúil go bhfuil Acht na teanga Óifigiúil ag obair!

    Ach cad faoi rialacha an bhóthair??

  • Closed Accounts Posts: 531 ✭✭✭dranoel

    Seo an riail is fearr ann

    "Má tá tú ar do chéad, tríú cheadúnas sealadach nó níos déanaí d’fheithicil
    chatagóire B, ní foláir duit tiománaí lán-cheadúnaithe a bheith leat."

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire

    An bhfuil pionós mura thógainn tú tiománaí lán-cheadúnaithe leat?

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,238 ✭✭✭Kwekubo

    Seolfar cóip den leabhar go gach aon teaglach sa tír: http://www.rsa.ie/NEWS/News/RSA_Launch_New_Rules_of_the_Road_Book.html

  • Advertisement
  • Closed Accounts Posts: 531 ✭✭✭dranoel

    Cliste wrote:
    An bhfuil pionós mura thógainn tú tiománaí lán-cheadúnaithe leat?

    Is riail gan eifeacht í. Tugann gach duine neamhaird ar an riail sin - go háirithe na Gardaí. Níl pointí pionóis ann fiú. Sé cuid den fháth go bhfuil na bóithre chomh contúirteach.

  • Closed Accounts Posts: 541 ✭✭✭GaryOR

    táim ag tiomáint ar mo cheadúnas tiomána uimhir a trí faoi láthair gan tiománaí lán-cheadúnaithe liom. Ní raibh an t-am nó an carr agam ag an am chun mo thriail tiomána a dhéanamh ar mo dara ceadúnas, sé sin an ceadúnas nach mbíonn gá agat a bheith ag tiomáint le tiománaí lán-cheadúnaithe go dlíthiúil.

  • Closed Accounts Posts: 531 ✭✭✭dranoel

    GaryOR wrote:

    An bhfuil do L-plataí fós suas?

  • Closed Accounts Posts: 541 ✭✭✭GaryOR

    dranoel wrote:
    An bhfuil do L-plataí fós suas?

    ní mór dhuit na L-plataí a thaispeáint i gcónaí mura bhfuil an ceadúnas iomlán agat.
    Ach sin ráite, tá aithne agam ar bhoc atá ar a cheathrú ceadúnas sealadach agus níl aon L-plátaí ar a ghluaisteáin ar chor ar bith

  • Closed Accounts Posts: 531 ✭✭✭dranoel

    a cheathrú ceadúnas sealadach:eek:

    Cá bhfuil Gaybo? Cheap mé go raibh sé chun na bóithre a ghlanadh suas!

    90086783.jpg

    Ehh...b'fhéidir go bhfuil sé gnóthach

    GAYGIRLS.jpg

  • Advertisement
  • Closed Accounts Posts: 541 ✭✭✭GaryOR

    dranoel wrote:
    a cheathrú ceadúnas sealadach:eek:

    Cá bhfuil Gaybo? Cheap mé go raibh sé chun na bóithre a ghlanadh suas!

    90086783.jpg

    Ehh...b'fhéidir go bhfuil sé gnóthach

    GAYGIRLS.jpg

    bhuel tá sé sa staid chéanna mar atá liomsa beagnach, sé sin fuair sé a cheadúnas sealadach is é 17 bliain d'aois.
    Ansin chuaigh sé go coláiste, agus fuair sé a dara cheadúnas sealadach ach ní raibh an t-am chun a thriail tiomána a dhéanamh aige.
    Chuaigh an ceadúnas sin as dáta agus ansin bhí sé air an tríú ceann a fháil, theip air sa triall (rith sé trí sholas oráiste) agus anois tá sé air an ceathrú ceann a fháil
    fahr04.gif

  • Closed Accounts Posts: 531 ✭✭✭dranoel

    Tá mé ag tiomáint go dtí BAC inniu. Cá bhfuil do chara ina chónaí, ba mhaith liom an ceantar a sheachaint!:rolleyes:

  • Closed Accounts Posts: 541 ✭✭✭GaryOR

    dranoel wrote:
    Tá mé ag tiomáint go dtí BAC inniu. Cá bhfuil do chara ina chónaí, ba mhaith liom an ceantar a sheachaint!:rolleyes:

    Ní tiománaí contúirteach é, sílim. Agus go pearsanta, bheinn i bhfad Éireann níos buartha faoin leaid lena cheadúnas iomlán ag tiomáint róthapaidh agus rófhiáin ná an duine leis an gceadúnas sealadach ag tiomáint go mall agus go stuama

  • Closed Accounts Posts: 531 ✭✭✭dranoel

    GaryOR wrote:
    Ní tiománaí contúirteach é, sílim. Agus go pearsanta, bheinn i bhfad Éireann níos buartha faoin leaid lena cheadúnas iomlán ag tiomáint róthapaidh agus rófhiáin ná an duine leis an gceadúnas sealadach ag tiomáint go mall agus go stuama

    Aontaím leat. Ba chóir do gach duine freastal ar chúrsa ardthiomána. Bhí orm cúrsa 'Accelerator' a dhéanamh chun árachas a fháil ó Hibernian. Tá an tástáil tiomána ró-bunúsach.

  • Closed Accounts Posts: 541 ✭✭✭GaryOR

  • Closed Accounts Posts: 531 ✭✭✭dranoel

    GaryOR wrote:

    Ní raibh a fhios agam go raibh cúrsaí chomh holc! Conas is féidir le duine a bheith ar a naoú ceadúnas sealadach? Is léir go bhfuil muncaithe i gceannas sa Roinn Iompair.

    Pepsi%20Max%20Taste%20-%20Sugar%20Free%20-%20Taxi%20Monkey.jpg

    thar cionn :D

Advertisement