Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie

Filíocht i nGaeilge

  • 09-06-2007 10:41pm
    #1
    Moderators, Social & Fun Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 30,910 Mod ✭✭✭✭


    Scríobh mé trí píosaí beaga le déanaí, ach nílim cinnte faoin gramadach go léir. Mar sin, nílim sásta iad a chur suas i 'Creative Writing'. Ar mhaith le h-éinne cabhar a thabhart dom? B'fhéidir, má gcuirim suas anseo iad, bheadh duine éigin sásta iad a cheartú??? (nílim in ann tuarastal a h-íoc!!! ;) )


Comments

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,142 ✭✭✭Karlusss


    Caith suas iad, tá an-suim agam iad a léamh - agus aon ceartucháin is féidir liom a dhéanamh, déanfaidh mé iarracht.


  • Moderators, Social & Fun Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 30,910 Mod ✭✭✭✭Insect Overlord


    Tá brón orm, briseadh mo riamhaire oíche dé Domhnaigh, is ní féidir liom an idirlíonn a úsáid chun na dánta a chur suas. Beidh mé ar ais an Céadaoin seo chugainn!


  • Closed Accounts Posts: 10,730 ✭✭✭✭simu


    Beimid ag tnúth leo! :)


  • Closed Accounts Posts: 541 ✭✭✭GaryOR


    ag tnúth go mór leo anois


  • Closed Accounts Posts: 9,878 ✭✭✭Rozabeez


    :p cá bhfuil na dánta seo?


  • Advertisement
  • Moderators, Social & Fun Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 30,910 Mod ✭✭✭✭Insect Overlord


    Ba bheag nár chaill mé iad! Ach bhí an t-adh liom inné, fuair mé mo shean-cóipleabhar i mo sheomra agus bhí na dánta fós ann. Beidh siad thuas anseo amárach am éigin. :)


  • Moderators, Social & Fun Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 30,910 Mod ✭✭✭✭Insect Overlord


    Shiúl mé go mall léi,
    Mo chosa san uisce
    Is a cosa ar an gaineamh,
    An gaoth fuar ag séide
    Díreach i m'aigheadh is í
    Ag gáire faoin grian 'bhí ag taitneamh.

    Ba mise a laoch
    Agus sise faoi faoi dhraíocht
    Ar feadh dhá seachtain tar éis mí Meitheamh.
    Ach briseadh a croí nuair
    A chuala sí faoi mo chuid bréige
    Is an cleas a bhí mé tar éis ag déanamh.


  • Moderators, Social & Fun Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 30,910 Mod ✭✭✭✭Insect Overlord


    Cheap mé, ní shea, bhí mé cinnte
    Go raibh ár ngrá ró-chumhachtach,
    Gur rud láidir ab ea é,
    Rud a raibh gan lucht.

    Bhí tréimhsí ama againn
    Lán le spraoi is gliondar croí,
    Ní raibh faic chomh áille nó chomh aoibhinn
    Ná sise 's mise le chéile ina luí.

    Ach bhí dorchadas éigin i bhfolach,
    Olcas a d'fhan i gcónaí i gciúnnas,
    Rud a bhí ann ón dtosach,
    Is sa deireadh a chur stop lenár h-áthas.


  • Closed Accounts Posts: 531 ✭✭✭dranoel


    An-deas ar fad. Bionn gach duine ag ceilt rud eigin ona buachaill no chailin, nach ea?

    (nil sinti fada agam mar gheall ar caife idirlin!)


  • Closed Accounts Posts: 21 An Fear Bocht


    "An Cailín Eile

    Shiúl mé go mall léi,
    Mo chosa san uisce
    Is a cosa ar an gaineamh,
    An gaoth fuar ag séide
    Díreach i m'aigheadh is í
    Ag gáire faoin grian 'bhí ag taitneamh.

    Ba mise a laoch
    Agus sise faoi faoi dhraíocht
    Ar feadh dhá seachtain tar éis mí Meitheamh.
    Ach briseadh a croí nuair
    A chuala sí faoi mo chuid bréige
    Is an cleas a bhí mé tar éis ag déanamh."



    "Críochnaithe

    Cheap mé, ní shea, bhí mé cinnte
    Go raibh ár ngrá ró-chumhachtach,
    Gur rud láidir ab ea é,
    Rud a raibh gan lucht.

    Bhí tréimhsí ama againn
    Lán le spraoi is gliondar croí,
    Ní raibh faic chomh áille nó chomh aoibhinn
    Ná sise 's mise le chéile ina luí.

    Ach bhí dorchadas éigin i bhfolach,
    Olcas a d'fhan i gcónaí i gciúnnas,
    Rud a bhí ann ón dtosach,
    Is sa deireadh a chur stop lenár h-áthas."



    Go maith, is féidir liom na dánta a thuiscint go h-éasca, ach tá cúpla ceartúchán beag le síneadh amach.

    "An Cáilín Eile"

    1. An briathar "Siúil". Tá dhá "i" ann. Úsáidtear "siúl" nuair a tá tú ag Rá "ag siúl", nó a leithéidí.
    2. Cuirtear urú ar an bhfocal "gaineamh - "ngaineamh".
    3. Is ainmfhocal feminine í "gaoth", agus cuirtear séimhiú are an aidiacht. "Fuar" - "fhuar".
    4. "Ag séide" - "ag séideadh".
    5. "Aigheadh" - "Aghaidh"
    6. "Díreach i m'aghaidh is í" - sílim gur chóir chun "ab í" a rá. Nílim cinnte go h-iomlán.
    7. "Faoin grian" - Séimhiú "faoin ghrian".
    8. "Faoi faoi dhraíocht" - Typo, an ea?

    "Chríochnaithe"

    1. "Ní shea" - "Ní h-ea"


  • Advertisement
  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir


    Mar eolas daoibh a Fhilí:

    Is féidir a bheith ag éisteacht le filí Gaeilge ag aithris a gcuid filíochta féin ar líne ag an nasc seo. Ina measc tá Michael Davitt (nach maireann), Biddy Jenkinson, Nuala Ní Dhomhnaill, Gréagóir Ó Dúill, Cathal Ó Searcaigh agus Gabriel Rosenstock*.

    * Dála an scéil, an bhfuil a fhios agaibh gurb é Gabriel Rosenstock, uncail Mario Rosenstock, an fear a dhéanann Gift Grub ar an raidió


  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir


    *Teachtaireacht dhúbailte - Glan amach í le bhur dtoil, a mhodhnóirí.*


  • Closed Accounts Posts: 21 An Fear Bocht


    "7. "Faoin grian" - Séimhiú "faoin ghrian"."

    Dammit, ba chóir urú a chur air. Faoin ngrian.

    "* Dála an scéil, an bhfuil a fhios agaibh gurb é Gabriel Rosenstock, uncail Mario Rosenstock, an fear a dhéanann Gift Grub ar an raidió"

    Mario Rosenstock. Is cuimhin liom ar Jose Mourinho agus a chóta fada iontach. Chuala mé go raibh sé comh greanmhar le Jose Mourinho gur chuir sé cuireadh ar Mario teacht ag comhall os gcomhar foireann Chelsea! Bhí Damien Duff fós ann nuair a cumadh an seó. Is trua an rud nár imir sé go rialta, agus de bhrí sin, ní bhíodh Duffer ag imirt go maith mar bhíodh sé sóirt rusty. Ansin, chuaigh sé go Newcastle agus bhíodh sé gortaithe ann, ach tá gach súil agam go mbeidh sé iontach sa bhfáisteanach.


  • Closed Accounts Posts: 531 ✭✭✭dranoel


    Tá cúpla ceann eile a thug mé faoi deara:

    An ghaoth fhuar - Séimhítear ainmfhocail bhaininscneacha tar éis an t-alt
    róchumhachtach - ní bhíonn fleiscín idir ró agus consan de ghnáth.
    chomh háille/chomh haoibhinn - bíonn h roimh guta tar éis chomh
    tar éis mhí an Mheithimh - tagann an tuiseal ginideach i ndiaidh tar éis
    a dhéanamh
    tréimhsí amanna - ginideach iolra
    inár luí
    d'fhanadh - b'fhéidir go bhfuil an gnáth caite níos fearr anseo (Níl mé cinnte)
    i gciúnas - n amháin
    ó thosach - 'from the beginning' de réir foclóir Ó Donaill


  • Closed Accounts Posts: 531 ✭✭✭dranoel


    M&#250 wrote: »
    * Dála an scéil, an bhfuil a fhios agaibh gurb é Gabriel Rosenstock, uncail Mario Rosenstock, an fear a dhéanann Gift Grub ar an raidió

    Tá tallann i bhfuil a muintire.


  • Moderators, Social & Fun Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 30,910 Mod ✭✭✭✭Insect Overlord


    Ná bigi róbhuartha liom, ach bhi orm na "revised editions" a chur suas anseo. Tuigim go bhfuilim ag tochailt suas sean-snáth, tá brón orm. Mile buichas as bhur gcabhar!

    An Cailín Eile

    Shiúil mé go mall léi,
    Mo chosa san uisce
    Is a cosa ar an ngaineamh,
    An gaoth fhuar ag séideadh
    Díreach i m'aghaidh is í
    Ag gáire faoin grian 'bhí ag taitneamh.

    Ba mise a laoch
    Agus sise faoi dhraíocht
    Ar feadh dhá seachtain tar éis mhí an Mheithimh.
    Ach briseadh a croí nuair
    A chuala sí faoi mo chuid bréige
    Is an cleas a bhí mé tar éis a dhéanamh.


    Tomás Ó Coileáin


    Críochnaithe

    Cheap mé, ní h-ea, bhí mé cinnte
    Go raibh ár ngrá róchumhachtach,
    Gur rud láidir ab ea é,
    Rud a raibh gan lucht.

    Bhí tréimhsí amanna againn
    Lán le spraoi is gliondar croí,
    Ní raibh faic chomh áille nó chomh aoibhinn
    Ná sise 's mise le chéile inár luí.

    Ach bhí dorchadas éigin i bhfolach,
    Olcas a d'fhanadh i gcónaí i gciúnas,
    Rud a bhí ann ón dtosach,
    Is sa deireadh a chur stop lenár h-áthas.


    Tomás Ó Coileáin


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh


    An Cailín Eile

    Shiúil mé go mall léi,
    Mo chosa san uisce
    Is a cosa ar an ngaineamh,
    An gaoth fhuar ag séideadh
    Díreach i m'aghaidh is í
    Ag gáire faoin ngrian 'bhí ag taitneamh. mar a dúirt Fear bocht

    Ba mise a laoch
    Agus sise faoi dhraíocht
    Ar feadh dhá sheachtain tar éis mhí an Mheithimh. níor thug mé faoi deara seo an uair dheireanach - séimhítear ainmfhocail tar éis dhá. Ach...leanann an tuiseal ginideach 'ar feadh' de ghnáth ach déanann uimhreacha rudaí níos casta fós. Ní raibh mé in ann teacht ar riail shoiléir le cabhrú liom anseo.
    Ach briseadh a croí nuair
    A chuala sí faoi mo chuid bréige
    Is an cleas a bhí mé tar éis a dhéanamh.


    Tomás Ó Coileáin


    Críochnaithe

    Cheap mé, ní h-ea, bhí mé cinnte
    Go raibh ár ngrá róchumhachtach,
    Gur rud láidir ab ea é,
    Rud a bhí gan locht.

    Bhí tréimhsí ama againn Bhí tú ceart sa chéad dul síos - 'periods of time' a bhí agat seachas 'periods of times' mar a bhí agamsa.
    Lán le spraoi is gliondar croí,
    Ní raibh faic chomh háille nó chomh haoibhinn bíonn h roimh ghutaí tar éis chomh
    Ná sise 's mise le chéile inár luí.

    Ach bhí dorchadas éigin i bhfolach,
    Olcas a d'fhanadh i gcónaí i gciúnas,
    Rud a bhí ann ón dtosach,
    Is sa deireadh a chur stop lenár n-áthas níor thug mé seo faoi deara an uair dheireanach. Cé go gcuireann an réamhfhocal 'le' h- roimh ghutaí de ghnáth, cuireann an aidiacht shealbhach 'ár' n- roimh ghutaí.


    Tomás Ó Coileáin


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh




  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,142 ✭✭✭Karlusss


    Bhain mé fíor-taitneamh as an nasc sin. Chuaigh an ceann seo i bhfeidhm orm go mór: http://www.lyrikline.org/index.php?id=162&L=1&author=md03&show=Poems&poemId=2471&cHash=72f0768240

    Davitt, naimhde an nua-aois.


  • Advertisement
  • Moderators, Social & Fun Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 30,910 Mod ✭✭✭✭Insect Overlord


    Tá dán nua agam daoibh, más féidir libh cabhair a thabhairt arís. Seo an chéad ceann atá scríofa agam le haghaidh thart ar 13 mhí.


    (fós gan teidil)

    Lá cosúil le haon cheann eile
    ab ea an lá sin i ndáiríre,
    An grian ag taitneamh ar fad na maidine
    is an báisteach ag titim um thráthnóna,
    Agus coirp dearg eile ar thaobh an bhóthair
    Cosúil le duilleog nó píosa páipéir.

    Bhíodh páistí ag imirt le bhréagáin, liathróidí,
    agus Spin FM ag seinm do na mílte déagóirí,
    Amhránaí ag insint faoina gcuid brionglóidí,
    is línte á chóipeáil ag foghlaimeoirí,
    Agus glao práinneach curtha ar na nGardaí
    Is amadáin ar an idirlíon ag lorg an Army.

    Bhíodh fir is mná ag siopadóireacht,
    muirníní ag pógadh, caillte ina n-áilleacht,
    Bachlóga glasa sna chrinn, mar ba chóir san earrach,
    is gach uile rud nádúrtha, faic as an gnách,
    Seachas scéal uafásach pléascach
    Ar an Nuacht ag a sé a chlog.

    Tomás Ó Coileáin


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh


    Lá cosúil le haon cheann eile
    ab ea an lá sin i ndáiríre,
    An ghrian ag taitneamh ar fad na maidine mholfainn 'i rith' in áit 'ar fad'
    is an bháisteach ag titim um thráthnóna,

    Agus coirp dhearga eile ar thaobh an bhóthair
    Cosúil le duilleoga nó píosaí páipéir. más níos mó ná corp amháin i gceist agat :
    Agus corp dearg eile ar thaobh an bhóthair
    Cosúil le duilleog nó píosa páipéir. corp amháin


    Bhíodh páistí ag imirt le bréagáin, liathróidí,
    agus Spin FM ag seinm do na mílte déagóirí, sílim go mbeadh déagóir níos cruinne anseo ach chuirfeadh 'déagóir' isteach ar fhuaim an véarsa. Is pointe teicniúla beag é ar aon chaoi agus is dócha nach gcuireann sé isteach nó amach le ciall an véarsa.
    Amhránaí ag insint faoina gcuid brionglóidí,
    is línte á chóipeáil ag foghlaimeoirí,
    Agus glao práinneach curtha ar na Gardaí
    Is amadáin ar an idirlíon ag lorg an Army.

    Bhíodh fir is mná ag siopadóireacht,
    muirníní ag pógadh, caillte ina n-áilleacht,
    Bachlóga glasa sna crinn, mar ba chóir san earrach,
    is gach uile rud nádúrtha, faic as an ngnách,
    Seachas scéal uafásach pléascach
    Ar an Nuacht ag a sé a chlog



    Dán deas, tá súil agam nach mbeimid ag fanacht trí mhí déag leis an gcéad cheann eile!


  • Moderators, Social & Fun Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 30,910 Mod ✭✭✭✭Insect Overlord


    Poll Dubh wrote: »
    Dán deas, tá súil agam nach mbeimid ag fanacht trí mhí déag leis an gcéad cheann eile!

    Go raibh míle maith agat PD :) De ghnáth cuirim mo chuid filíochta suas san Creative Writing forum, seachas an trí atá scríofa agam as Gaeilge. Ní tharlaíonn sé go minic, ach uaireanta ní féidir liom mo smaointí/mhothúcháin a léiriú trí mheán an Bhéarla. Sin an fáth gur scríobh mé na dánta atá san snáth seo.

    Táim ag déanamh staidéir ar Ghaeilge i gcoláiste tríú leibhéil, mar sin tá mo chaighdeán ag ardú, ach fós nílim cinnte faoi roinnt rudaí maidir leis an ngramadach. Tá súil agam go mbeidh mé in ann dánta a scríobh gan an cabhair breise seo lá éigin!


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh


    A Fhile, geallaim go bhfuil Gaeilge ag a lán daoine ar fóram Scríbhneoireacht Chruthaitheach agus ba bhreá an rud é snáithe Ghaeilge a fheiceáil ann i measc na ceanna as Béarla ó am go chéile. Is é an cheist le réiteach ná an bhfuil na modhnóirí thall sásta le poist as Gaeilge a bheith ar a bhfóram. Níl a fhios agam féin ach is fiú ceist a chur orthu mar a rinne mé ar Cathair na Gaillimhe. Tá sé suas leatsa ar ndóigh, agus chuirfinn fáilte romhat i gcónaí anseo mar is breá liom do dhánta agus an deis mo gramadach a chur faoi thriail.


Advertisement