Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie
Hi there,
There is an issue with role permissions that is being worked on at the moment.
If you are having trouble with access or permissions on regional forums please post here to get access: https://www.boards.ie/discussion/2058365403/you-do-not-have-permission-for-that#latest

Rialtas Nua

  • 13-06-2007 6:30pm
    #1
    Closed Accounts Posts: 531 ✭✭✭


    An mbeidh Fianna Fáil agus Comhaontas Glas ina gcomhleapaigh? Tá mé ar bís ag fanacht ar vóta na glasaigh. Bheadh Éirinn ag dul i dtreo nua ach an bhfaighidh siad tacaíocht thar 66% chun leaba a roinnt leis an sean-namhaid?


    comhleapaigh=bedfellows


Comments

  • Closed Accounts Posts: 531 ✭✭✭dranoel


    Tromlach ollmhór i bhfábhar -441 in aghaidh 67. Torthaí á fógairt i nGaeilge ar rte.ie (Real seinnteoir)


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,142 ✭✭✭Karlusss


    Oráid nimhneach, ach thar a bheith greannmhar as Kenny!

    Agus Richard Burton taobh leis ag caoineadh le gáire. Is dóigh liom gur rinne an tír botúin mór...


  • Closed Accounts Posts: 541 ✭✭✭GaryOR


    Karlusss wrote:
    Oráid nimhneach, ach thar a bheith greannmhar as Kenny!

    Agus Richard Burton taobh leis ag caoineadh le gáire. Is dóigh liom gur rinne an tír botúin mór...

    Cén fáth?
    Tá éad an domhain ar lucht FG faoi láthair feictear dhomsa, agus is truamhéalach é i ndáiríre!

    Sílim, go pearsanta, go mbeadh na Glasaigh in ann athrú maith a dhéanamh dúinn agus dár tír as an dá shuíochán chumhachtacha atá acub anois (Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil agus an
    Roinn Cumarsáide, Fuinneamh agus Acmhainní Nádúrtha)
    , féadfaidh siad a gcuid polasaithe i leith athrú aeráide is droch-phleanáil a chur chun cinn uaibh.


  • Closed Accounts Posts: 531 ✭✭✭dranoel


    Karlusss wrote:
    Oráid nimhneach, ach thar a bheith greannmhar as Kenny!

    Agus Richard Burton taobh leis ag caoineadh le gáire. Is dóigh liom gur rinne an tír botúin mór...

    Níl ann ach gangaideacht. Ba chóir dóibh bheith níos grástúla tar éis díomua.



    gangaideacht=bitterness
    díomua=defeat


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,142 ✭✭✭Karlusss


    Éad a bhí ann gan dabht, ach bhí sé cuíosach greannmhar ar aon nós. Níl rud ar bith ar domhain níos fearr ná fear briste ag bheith beagáinín mailíseach de thoradh.


  • Advertisement
  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir


    An rud is áiféisí faoin gcáineadh ó FG, ná go n-aontaíonn siad siúd le FF faoi na rudaí nár ghéill siad do na Glasaigh!
    Níl FG ag iarraidh an M3 a bhogadh, níl FG ag iarraidh stop a chur le heitleáin Mheiriceá ag an tSionainn ná deireadh a chur leis an bpíblíne ag Ros Dumhach agus níl FG ag iarraidh deireadh a chur le síntiúis chorparáideacha. :rolleyes:


Advertisement