Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie
Hi there,
There is an issue with role permissions that is being worked on at the moment.
If you are having trouble with access or permissions on regional forums please post here to get access: https://www.boards.ie/discussion/2058365403/you-do-not-have-permission-for-that#latest

Leabhair as Gaeilge

  • 16-06-2007 2:12am
    #1
    Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,142 ✭✭✭

    Right, tá caighdeán maith go leor de Ghaeilge agam agus go leor diograis chun dul leis. Tá leabhar amháin léite agam (Lig Sinn i gCathú le Breandán Ó hÉithir - ní raibh sé ró-chrua orm) agus seo mo cheist díobhsa:

    An bhfuil aon moltaí agaibh dom? Tá roinnt ama agus foclóir mhaith agam.

    Leabhair suimiúil anois, ná tabhair "Peig" dom.

Comments

  • Closed Accounts Posts: 531 ✭✭✭dranoel

    Níl mórán ó thaobh leabhair léite agam ach chuala mé go raibh na cinn a leanas go maith:

    TaistilSealiNeipealMor.jpeg ÚrscealFonenoy.jpg Úrscealeagnaircbig.jpeg Úrsceal[IMG]http://www.cic.ie/images/Úrscéalta-asnaculacha1.jpg[/IMG] AorAg%20Altoir%20an%20Diabhail.jpg BeathaisnéisMcAleesebeag.jpeg

    Cur in iúl dúinn céard ceann a bheas roghnaithe agat. B'fhéidir go gheobhaidh mé an ceann céanna chun píosa comhrá a bheith againn faoi.

  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir

    Tá na mílte leabhar Gaeilge ar www.litriocht.com agus bíonn cur síos ar an scéal/ábhar atá iontu.

  • Closed Accounts Posts: 7,794 ✭✭✭JC 2K3

    Táim ag iarraidh An Deoraíocht le Pádraig Ó Conaire a fháil. Féachann sé spéisiúil go maith ón méad atá feicthe agam faoi i gclár TG4 faoi bheatha an Chonairigh.

    Muna bhfuil sé léite agat do d'ardteist, molaim Scothscéalta le Pádraig Ó Conaire. Scéalta iontacha(cé go bhfuil siad gruama de gnáth) ann.

  • Closed Accounts Posts: 541 ✭✭✭GaryOR

    bhain mé an-sult as Fontenoy, agus tá sé léite agam faoi trí anois. Leabhair stairiúil/ficsin is ea é atá bunaithe ar na scríbhinní den chaptaen Seán Ó Raghallaigh a bhí in arm na Fraince i 1745 agus le linn cath an Fontenoy.

    Bíonn an chuid a scríobhann Ó Raghallaigh scríofa i seanGhaeilge, ach sin ráite níl sé dothuigthe ar chor ar bith agus nuair a bhfaightear taithí air bíonn sé éasca a léamh. Tá cur síos iontach maith ag Ó Raghallaigh ar eachtraí le linn an chatha cháiliúil sin.
    Scríobhann Liam Mac Coil roinnt ficsin bunaithe ar na carachtair luaithe i gcuntas Uí Raghallaigh agus tugann sé léargas stairiúla ar an gcath agus cuntas Uí Raghallaigh freisin.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,142 ✭✭✭Karlusss

    Táim chun triail a bhaint as Fontenoy ar aon nós, agus táim ag lorg saothair Uí Cadhain as fiosracht (deirtear go bhfuil siad sórt 'Joycean' - ní doigh liom go mbeinn in ann iad a léamh).

    Léite ag éinne?

  • Advertisement
  • Closed Accounts Posts: 541 ✭✭✭GaryOR

    Karlusss wrote:

    cinneadh maith, go pearsanta fuair mé an leabhar Fontenoy an-inspioráideach
    níl rud ar bith ag Ó Cadhain léite agam go fóill

  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir

    Karlusss wrote:
    Táim chun triail a bhaint as Fontenoy ar aon nós, agus táim ag lorg saothair Uí Cadhain as fiosracht (deirtear go bhfuil siad sórt 'Joycean' - ní doigh liom go mbeinn in ann iad a léamh).

    Léite ag éinne?

    Tá sé 'Joycean' cinnte, sa chaoi ar gá duit é a léamh níos mó ná uair amháin chun tuiscint agus taitneamh ceart a bhaint as. Ach is fiú go mór an iarracht í. Tá Cré na Cille thar barr. Ach ní fiú é a léamh uair amháin.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,142 ✭✭✭Karlusss

    Bhuel tá samhradh agus saol agam chun é a dhéanamh.

    Leabharlann amárach.

  • Closed Accounts Posts: 541 ✭✭✭GaryOR

    Cheannaigh mé an leabhar "An Tionscadal" le Tomás Mac Síomóin mar gheall ar léirmheas Mhic Choimín thíos a bhí i Lá Nua.

    feictear dhomsa go bhfuil sórt Gullivers Travels atá ann

    http://www.nuacht.com/home.tvt?_scope=La/Content/Faoi%20Chaibidil&id=3989&psv=1

  • Closed Accounts Posts: 531 ✭✭✭dranoel

    GaryOR wrote:

    Conas atá tú ag éirí leis an leabhar?

    A Karlruss, an bhfuair tú ceann sa dheireadh?

    Cheannaigh mise 'Seal i Neipeal' ag an deireadh seachtaine ach ní bhfuair mé seans breathnú air go fóill. (Tá mo shaol bun os cionn de bharr bogadh go dtí contae nua)

  • Advertisement
  • Closed Accounts Posts: 9,878 ✭✭✭Rozabeez

    Tháinig mé ar "Léachtaí Cholm Cille XII - Na Mná sa Litríocht", cúpla nóiméad ó shin, níol Gaeilge líofa agam ach tá mé chun mo n-iarracht a dhéanamh an leabhair seo a léamh, ar mhait leat é nuair atá sé críochnaithe agam?

  • Closed Accounts Posts: 531 ✭✭✭dranoel

    Rozabeez wrote:

    Le teideal mar sin, ceapaim go mbeidh sé an trom! Tá súil agam go bhfuil mé mí-cheart agus go mbainfidh tú sult as.

  • Closed Accounts Posts: 9,878 ✭✭✭Rozabeez

    Tá tú i gceart.

  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir

    dranoel wrote:
    Le teideal mar sin, ceapaim go mbeidh sé an trom! Tá súil agam go bhfuil mé mí-cheart agus go mbainfidh tú sult as.

    Is tréimhseachán an-acadúil é Léachtaí Cholm Cille i ndáiríre. Ach bíonn sé an-mhaith mar ábhar taighde mar sin féin.

  • Closed Accounts Posts: 541 ✭✭✭GaryOR

    dranoel wrote:
    Conas atá tú ag éirí leis an leabhar?

    go maith, ach níl mórán ama agam na laethanta seo chun é a chríochnú go fóill, is scéal suimúil é go cinnte.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,113 ✭✭✭cailinoBAC

    Chonaic me 8 no 9 leabhair as Gaeilge i Waterstones inne.Cheannaigh me 'An seomra tobac' le Julie Parsons agus 'Is gearr' le Marian Keyes. Nil mo chuid Gaeilge go hiontach anois agus ta suil agam nach bhfuil siad ro deacair!

  • Closed Accounts Posts: 10,730 ✭✭✭✭simu

    cailinoBAC wrote:
    Chonaic me 8 no 9 leabhair as Gaeilge i Waterstones inne.Cheannaigh me 'An seomra tobac' le Julie Parsons agus 'Is gearr' le Marian Keyes. Nil mo chuid Gaeilge go hiontach anois agus ta suil agam nach bhfuil siad ro deacair!

    Cad iad seo? Aistriúcháin ón mBéarla?

  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir

    Is aistriúchán ón mBéarla é seo, ach mholfainn go mór é daoibh.

    Dracula le Bram Stoker

    Dracula.jpg

    Aistríodh é go Gaeilge don chéad uair sna 1930idí agus foilsíodh eagrán nua de sna 1990idí. Is fiú go mór an leagan Gaelach a léamh, fiú má tá an bunleagan Béarla léite agat. Chuir sé go mór le mo stór focal nuair a léigh mé é an chéad uair.

  • Advertisement
  • Closed Accounts Posts: 541 ✭✭✭GaryOR

    Múinteoir wrote: »

    Má chreideann tú go bhfuil cuma shuimiúil air geallaim duit go bhfuil scéal iontach suimiúil ann freisin, leabhar iontach eile ón leabhar breac aríst atá ann.

  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir

    GaryOR wrote: »
    Má chreideann tú go bhfuil cuma shuimiúil air geallaim duit go bhfuil scéal iontach suimiúil ann freisin, leabhar iontach eile ón leabhar breac aríst atá ann.

    Tá sé i gceist agam é a cheannach i mbliana. Féach go bhfuil cur síos mionsonraithe air sa Vicipéid Ghaelach (is deas an rud é nach gá dul i muinín na Vicipéide Béarla i gcónaí :) )

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,142 ✭✭✭Karlusss

    Cheannaíos leabhar filíochta inné le filíocht Éireannach as Béarla agus as Gaeilge chomh maith, bhí sí suimiúil go leor. Tá sé deacair uaireanta dul i ngleic leis an bhfriotal a usáidtear i dánta éagsúla, gan aon taithí ar filíocht na Gaeilge seachas an Árdteist, ach is sásúil an caitheamh aimsire í.

    Tá Easons ar Sr. Thobar Phádraig (Nassau) ag dúnadh an seachtain seo chugainn agus tá cúpla leabhair Gaelach fágtha acu, mholfainn dul.

  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir

    Karlusss wrote: »

    An bhfuil sladmhargadh ar siúl mar sin? Cén lascaine atá i gceist leis na leabhair?

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,142 ✭✭✭Karlusss

    Leathphraghas ar gach rud.

  • Closed Accounts Posts: 531 ✭✭✭dranoel

    Karlusss wrote: »
    Cheannaíos leabhar filíochta inné le filíocht Éireannach as Béarla agus as Gaeilge chomh maith, bhí sí suimiúil go leor. Tá sé deacair uaireanta dul i ngleic leis an bhfriotal a usáidtear i dánta éagsúla, gan aon taithí ar filíocht na Gaeilge seachas an Árdteist, ach is sásúil an caitheamh aimsire í.

    Tá Easons ar Sr. Thobar Phádraig (Nassau) ag dúnadh an seachtain seo chugainn agus tá cúpla leabhair Gaelach fágtha acu, mholfainn dul.

    Go raibh maith agat as an nod, beidh mé sa deatach mhór amárach agus caithfidh mé súil orthu.

Advertisement