Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie

Cén saghas cairr atá agat?

  • 01-07-2007 1:24pm
    #1
    Closed Accounts Posts: 531 ✭✭✭


    Tá fíor Skoda agam (i.e. roimh VW) agus tá mé ag tnúth go mór leis an lá go mbeidh mé in ann rud éigin níos fearr a thiomáint (gan mála donn ar mo cheann:cool: )

    An bhfuil carr agat nó an bhfuil brionglóid agat ar cheann a fháil?


Comments

  • Closed Accounts Posts: 541 ✭✭✭GaryOR


    Tá 01 Opel Astra agamsa


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire


    Tá rothar iontach agamsa!

    Ba mhaith liom beith ábalta tiomáint, ach ag an am céanna, déanann sé dochar don aeráid..... agus níl an airgead agam!


  • Closed Accounts Posts: 966 ✭✭✭GerryRyan


    Cliste wrote:
    Ba mhaith liom a bheith ábalta tiomáint, ach ag an am céanna, déanann sé dochar don aeráid..... agus níl an airgead agam!

    Bhuel, níl aon iompar de bhóthar agamsa leis sin. An fáth - níl aon airgead agam freisin ...


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 6,889 ✭✭✭tolosenc


    Tá 03 Fiat Puntó iontach agamsa.


  • Closed Accounts Posts: 541 ✭✭✭GaryOR


    déanann sé dochar don aeráid

    Bhí mé ag rá an rud céanna dom fhéin nuair nach raibh aon charr agam...:D


  • Advertisement
  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir


    GaryOR wrote:
    Bhí mé ag rá an rud céanna dom fhéin nuair nach raibh aon charr agam...:D


    Tá sé i gceist agamsa carr a fháil nuair a bheidh mo cheadúnas faighte agam. Ach ceannóidh mé carr atá mar 'hybrid', nó atá in ann feidhmiú ar bhithbhreosla. Sábhálfaidh sé sin airgead dom nuair a rachaidh praghas na hola go hard na spéire agus beidh sé níos fearr don timpeallacht chomh maith.


  • Closed Accounts Posts: 541 ✭✭✭GaryOR


    M&#250 wrote: »
    Tá sé i gceist agamsa carr a fháil nuair a bheidh mo cheadúnas faighte agam. Ach ceannóidh mé carr atá mar 'hybrid', nó atá in ann feidhmiú ar bhithbhreosla. Sábhálfaidh sé sin airgead dom nuair a rachaidh praghas na hola go hard na spéire agus beidh sé níos fearr don timpeallacht chomh maith.

    Sin ceart go leor, 'gus sin rud eicínt a bhíos ag smaoineamh go mór mór faoi sula bhfuair mé mo ghluaisteán. Ach bíonn sé an-dheacair an bithbhreosla sin a fháil don charr. Níl sé ar fáil go forleathan in Éirinn go fóill.

    Ach, b'fhéidir anois go bhfuil na Glasaigh i gcumhacht beidh muid in ann ár gcarrannaí a athrú go dtí carrannaí hibridigh a rithfear ar bhithbhreosla amach anseo má thosaíonn an tionscal sin ag fás sna blianta amach romhainn..
    Nach bhfuil costas iontach iontach ard le haghaidh an Toyota Prius freisin dála an scéil?

    Cuireann an chaint seo ceann de na radhairc is greannmhaire a bhí ar Simpsons i gcuimhne dhom, féach thíos:

    http://www.youtube.com/watch?v=oexsc3CqjmI

    :D


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,142 ✭✭✭Karlusss


    Tá amchlár bhus breá agamsa.


  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir


    Karlusss wrote:
    Tá amchlár bhus breá agamsa.

    :D


  • Closed Accounts Posts: 541 ✭✭✭GaryOR


    Karlusss wrote:
    Tá amchlár bhus breá agamsa.

    Tá súil agam go bhfuil lannaigh éicínt air leis an aimsir s'againne na laethanta seo
    :D


  • Advertisement
  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,810 ✭✭✭ergonomics


    Tá Micra agam, bhuel is le mo Mhamaí é ach tá árachas agam ar. Táim ag tnú le Fora Ka i gcomhar mo chéad charr agus tar éis é sin Mini Cooper. Is brea liom Mini's ach ceapaim nach bhfuil siad ina rogha maith i gcomhar mo chéad charr!


Advertisement