Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie
Hi all! We have been experiencing an issue on site where threads have been missing the latest postings. The platform host Vanilla are working on this issue. A workaround that has been used by some is to navigate back from 1 to 10+ pages to re-sync the thread and this will then show the latest posts. Thanks, Mike.
Hi there,
There is an issue with role permissions that is being worked on at the moment.
If you are having trouble with access or permissions on regional forums please post here to get access: https://www.boards.ie/discussion/2058365403/you-do-not-have-permission-for-that#latest

Scannáin - Moladh agus Cáineadh

  • 01-08-2007 7:32pm
    #1
    Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭

    Tugaigí moladh dúinn faoin bhfiúntas atá le scannán éigin a fheiceáil nó a sheachaint. Ach ná bíodh an léirmheas ró-fhada. Ní gá gur scannán nua é. Ach ba cheart go mbeadh eolas ag an gcuid is mó daoine air.

    Die Hard 4.0 - I bhfad níos fearr ná mar a cheapfá, ach ní dóigh liom gur fiú é a fheiceáil mura bhfuil na trí cinn roimhe sin feicthe agat, mar ní thuigfidh tú cuid den ghreann. 7.5 as a 10.

    An bhfuil scannán na Simpsons feicthe ag éinne? Níl sé feicthe agamsa, ach tá drochthuairisc cloiste agam faoi. Níl mórán dóchais orm faoi.

«13

Comments

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 18,503 ✭✭✭✭Also Starring LeVar Burton

    Transformers: Scannán den scoth atá anseo. Fiú muna bhfuil an cartún Transformers feicithe agat bainfidh sibh taitneamh as. 10/10

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,142 ✭✭✭Karlusss

    Simpsons: Scannán greannmhar atá ann agus is fiú an t-airgead (nó an t-am agus an torrent) a caitheamh chun é a fheiceáil, ach, i ndáiríre - d'fhás mé suas leis an chlár, agus nuair a shamhlaigh mé scannán, bhí sé níos fearr ná an ceann seo. 7/10

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 18,503 ✭✭✭✭Also Starring LeVar Burton

    Karlusss wrote:
    Simpsons: Scannán greannmhar atá ann agus is fiú an t-airgead (nó an t-am agus an torrent) a caitheamh chun é a fheiceáil, ach, i ndáiríre - d'fhás mé suas leis an chlár, agus nuair a shamhlaigh mé scannán, bhí sé níos fearr ná an ceann seo. 7/10

    Cheap mé go raibh an scannán seo go maith i gcomparáid leis an cac a bhí le feicáil sa clár le 10 mbliana anuas, ach le sin ráite ní bheadh mé chomh flaithúil leat féin Karlusss. Tugaim 5/10 don scannán. Níor cheap mé gur bhain siad dhóthain úsáid as na mion-charactar ar nós Moe, Apu, Chief Wiggum, Ralph, Mr. Burns etc.

  • Closed Accounts Posts: 541 ✭✭✭GaryOR

    Die Hard 4.0: iontach ar fad, 7 as 10

    Simpsons: é, peh céard is féidir leat a rá faoi.. níl ann ach clár fada 6/10

    Transformers... uafásach ar fad, cac, am amú 3/10:mad:

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire

    GaryOR wrote:
    Transformers... uafásach ar fad, cac, am amú 3/10:mad:

    Sin cineál díon nach bhfuil!?

    Cheap mé féin gur scannán iontach é Transformers, Bhí na transformations iad fhéin chomh galánta! Cheap mé 8/10

    Agus Is laochra iad na Autobots!

  • Advertisement
  • Closed Accounts Posts: 531 ✭✭✭dranoel

    Die Hard 4.0 - 7/10 Cá raibh an t-léine bán?

    An bhfuil Bourne Ultimatum feicthe ag éinne fós? Chuala mé léirmheas dearfach ar Newstalk.

  • Closed Accounts Posts: 541 ✭✭✭GaryOR

    Cliste wrote:
    Sin cineál díon nach bhfuil!?

    Cheap mé féin gur scannán iontach é Transformers, Bhí na transformations iad fhéin chomh galánta! Cheap mé 8/10

    Agus Is laochra iad na Autobots!

    an scannán is measa.......RIAMH

  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir

    GaryOR wrote:

    :D Is aisteach an rud é. Tá aithne agamsa ar dhuine atá díreach cosúil leis an mboc sin. Tá a chorp, a ghruaig, a fhéasóg agus a ghuth (cé gur Éireannach é) díreach mar an gcéanna.

  • Closed Accounts Posts: 541 ✭✭✭GaryOR

    M&#250 wrote: »
    :D Is aisteach an rud é. Tá aithne agamsa ar dhuine atá díreach cosúil leis an mboc sin. Tá a chorp, a ghruaig, a fhéasóg agus a ghuth (cé gur Éireannach é) díreach mar an gcéanna.

    dá mbeadh siopa greannáin aige agus t-léine gorm.. anois.. bheadh sé sin uafásach aisteach. Agus togha go deo. :D

  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir

    GaryOR wrote:
    dá mbeadh siopa greannáin aige agus t-léine gorm.. anois.. bheadh sé sin uafásach aisteach. Agus togha go deo. :D

    Ní raibh siopa aige, ach bhí sé an-tógtha leis na greannáin, cinnte.

  • Advertisement
  • Closed Accounts Posts: 531 ✭✭✭dranoel

    Bourne Ultimatum éinne?

    Is maith liom Matt Damon ó tharla go bhfaca mé i Good Will Hunting é ach ní raibh an chéad Bourne ach measartha maith i mo thuairim. Ní fhaca mé an dara éagran de bharr agus níl mé chun scaradh leis m'airgead tirim muna bhfuil cúpla moladh faighte agam.

  • Closed Accounts Posts: 541 ✭✭✭GaryOR

    dranoel wrote:

    bhí sé i gceist agam Bourne Ultimatum a fheiceáil an tseachtain seo, ach theip orm .

    is breá liom an chéad cheann is an dara ceann, bíonn siad i bhfad níos fearr ná na scannáin Bond...cé is moite an Bond is nuaí.. b'fhéidir

  • Closed Accounts Posts: 531 ✭✭✭dranoel

    GaryOR wrote:
    bhí sé i gceist agam Bourne Ultimatum a fheiceáil an tseachtain seo, ach theip orm .

    is breá liom an chéad cheann is an dara ceann, bíonn siad i bhfad níos fearr ná na scannáin Bond...cé is moite an Bond is nuaí.. b'fhéidir

    Chuala mé go raibh sé an Bond is fearr riamh ann ach an bhfuil sé sin fíor? Ag féachaint ar an réamhbhlaiseadh ní fheicim aon difríocht óna seanchinn.

  • Closed Accounts Posts: 541 ✭✭✭GaryOR

    tá sé ar fheabhas ar fad. Ach is léir go raibh siad ag breathnú ar na scannáin Bourne nuair a chum siad é

    chuala mé go raibh an scannán Knocked up ana-ghreannmhar ar fad freisin

  • Closed Accounts Posts: 541 ✭✭✭GaryOR

    Molaim Knocked Up go mór mór. Ceann de na scannáin is greannmhaire a chonaic mé le fada an lá ab ea é. 8 as 10

  • Closed Accounts Posts: 531 ✭✭✭dranoel

    Run Lola Run (Gearmánach) ar TG4 anocht. Ba fhiú é a fheiceáil 7/10. Ach ar dtús tá mé chun scáileán mór a aimsiú le haghaidh an rugbaí.

  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir

    D'éirigh go han-mhaith leis an scannán Gaeilge nua 'Kings', i léirmheas na scannán sa Times inniu (Dé hAoine). Fuair sé ceithre réalt as cúig.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,142 ✭✭✭Karlusss

    Chonaiceas Kings níos luaithe anocht, is sár-scannán é.

    Ní usáidtear an Ghaeilge go neamhréadúil, agus ní usáideann Colm Meaney é ach leath den uair. Agus tá go leor "focanna" freisin. Tá sé brónach.

    Mholfainn é d'éinne. Níos mó mar duine a théann go rialta chuig an phictiúrlann, seachas mar Gaelgóir. Fotheidil, like.

  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir

    Apocalypto - Scannán álainn le híomháineachas den scoth de shochaí na ndúchasach i Meiriceá roimh theacht na nEorpach. Coinnítear an teannas ar siúl go dtí an deireadh. 8/10.

  • Closed Accounts Posts: 541 ✭✭✭GaryOR

    Apocalypto - Scannán álainn le híomháineachas den scoth de shochaí na ndúchasach i Meiriceá roimh theacht na nEorpach. Coinnítear an teannas ar siúl go dtí an deireadh. 8/10.

    Thaitin an scannán sin go mór liom freisin . Tagaim leis an 8 as 10

    Aon scannán maith feicthe ag aoinne le déanaí.

  • Advertisement
  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir

    D'fhéach mé ar The Libertine le déanaí ar DVD. Scéal beathaisnéise faoin bhfear seo, John Wilmot, Dara hIarla Rochester, atá ann. Bhí sé measartha suimiúil ach ní raibh sé chomh maith is a bhí mé ag súil leis. Bhí beagáinín díoma orm nár tugadh spléachadh níos mó ar an litríocht a scríobh mo dhuine ná ar pholaitíocht na tréimhse sin. Ach bhí Johnny Depp go maith sa phríomhpháirt. 6 as 10.

  • Closed Accounts Posts: 531 ✭✭✭dranoel

    Chonaic mé 'Ocean's 13' le déanaí. Ní fhaca mé 11 ná 12 roimhe seo agus níl mé chun bac leo anois. Tá an grúpa ag iarraidh díoltas a bhaint amach ar Bank (Al Pacino) mar gheall ar feall a dhearna sé ar cheann dá gcomhghleacaithe - Reuben. Tá sé soiléir ón tús go mbeidh an lámh in uachtar ag Danny Ocean agus a chairde, is cuma cé chomh casta is atá an córas slándála ag casaíne Bank.

    Bhí cúpla gáire ann - an srón bhréagach ag Matt Damon agus an stailc ag an monarcha Mheicsiceach spreagtha ag póstaer Tequila - sin an méid.

    5/10

  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir

    D'fhéach mé ar The Great Dictator le Charlie Chaplin le déanaí.

    180px-Great_dictator_1024.jpg

    Ba é seo an chéad scánnán cainte uaidh agus is aoir den scoth é ar an bhfaisisteachas. Glacann Chaplin le dhá pháirt sa scannán; an deachtóir ficseanach, Adenoid Hynkel (bunaithe ar Hitler) atá i gceannas ar thír darb ainm Tomainia (bunaithe ar an nGearmáin). Chomh maith leis sin, glacann sé le páirt bearbóra Ghiúdaigh, atá ina mhacasamhail den deachtóir.

    Tá go leor den ghreann ropánta sa scannán, mar is dual do Chaplin agus baineann Chaplin úsáid iontach as chun magadh a dhéanamh faoi leithéidí Hitler agus Mussolini. Tugann carachtar Giúdach Chaplin óráid speagúil uaidh ag deireadh an scánnáin agus é ag cáineadh úafás an Fhaisisteachais. Is suntasach an rud é an scánnán seo, ós rud é nár thuig go leor daoine cé chomh holc is a bhí na Naitsithe ag an am sin, mar nach raibh na campaí báis ann ag an am sin.

    Is clasaiceach de scannán é seo agus mholfainn do dhuine ar bith é a fheiceáil. 8.5 as 10.

  • Closed Accounts Posts: 541 ✭✭✭GaryOR

    Léirmheas iontach maith uait Múinteoir, gura míle as.

    Chonaic mé fhéin "Beowulf" inné, scannán uafásach ab ea é.

    Cheap mé go mbeadh sé i 3D ach ní mar a bhí, ní raibh teilgeoir digiteach acub. Freisin léigh mé alt faoi i nuachtán Sasanach ag maíomh go raibh roinnt de i nGaeilge na hAlban, Breatnais, agus Gaeilge.
    Ar ndóigh ní raibh na teangacha siúd ann ar chor ar bith.
    Blas a bhí i gceist ag an focain dúidlín amaideach sin, níor thuig sé an difríocht idir teanga agus focain blas.

    Beowulf: Am is airgead amú, 4 as 10

  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir

    Chonaic mé American Gangster ag an deireadh seachtaine. Bhí sé thar barr agus is aisteoir sár-cool é Denzel Washington. Bhí Russell Crowe go han-mhaith chomh maith. Mholfainn do dhuine ar bith é a fheiceáil. 9/10.

  • Closed Accounts Posts: 531 ✭✭✭dranoel

    Chonaic mé 16 Blocks le Bruce Willis le gairid ar DVD. Bhí sé cosúil le Die Hard 4.0 i mbealaí éagsúla ach bhí sé i bhfad níos mó réalaíoch agus creidte. Cé go bhfuil Bruce ina chop sa scannán seo freisin, is é sin an t-aon chosúlacht amháin a roinneann a charachtar meisciúil caite anseo leis an sár-laoch McClane.

    Níor chuala mé mórán faoi 16 Blocks sula bhfuair mé ar cíos é agus ní raibh mé ag súil le haon rud iontach. Ach de bharr cur i láthair Bruce agus na coir sa scéal bhí sé thar cionn!

  • Closed Accounts Posts: 541 ✭✭✭GaryOR

    Tá "I Am Legend" feicthe agam le déanaí. Thar cionn ar fad ab ea é... 9 as 10. Mholfainn é.

    Scannán nua é atá bunaithe ar sean-ceann le Charlton gunnaí Heston féin, Omega Man a bhí ar an gceann sin.

    Má thaitníonn scannáin zombaithe leatsa (28 days/weeks later, Dawn of the dead srl srl) ba bhreá leat an ceann seo

  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir

    GaryOR wrote: »

    Ach an bhfuil sé ró-chosúil le '28 Days Later'? Sin an bhuairt atá orm.

  • Closed Accounts Posts: 541 ✭✭✭GaryOR

    Múinteoir wrote: »
    Ach an bhfuil sé ró-chosúil le '28 Days Later'? Sin an bhuairt atá orm.

    Níl mórán cosúlachtaí eatarthu i ndáiríre, seachas ar ndóigh na zombaithe agus deireadh an domhain 7rl 7rl

    Táim idir dhá chomhairle i leith cé acu is fearr! Ach, déarfainn go bhfuil I Am Legend beagáinín níos fearr......b'fhéidir

  • Advertisement
  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir

    Chonaic mé Enchanted in éineacht le mo chailín an tseachtain seo caite. Bhí sé níos fearr ná mar a cheapfá. Cuíosach greannmhar agus an scéal ar nós Shrek. 6/10.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire

    Múinteoir wrote: »
    Chonaic mé Enchanted in éineacht le mo chailín an tseachtain seo caite. Bhí sé níos fearr ná mar a cheapfá. Cuíosach greannmhar agus an scéal ar nós Shrek. 6/10.

    :eek: a dhuine chóir, an bhfuil tú ag magadh? Tá súil agam go bhfuil!
    b'fhéidir go raibh tú ag breathnú ar do chailín níos mó ná an scannán

  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir

    Stollaire wrote: »
    :eek: a dhuine chóir, an bhfuil tú ag magadh? Tá súil agam go bhfuil!
    b'fhéidir go raibh tú ag breathnú ar do chailín níos mó ná an scannán

    An bhfaca tú féin é?

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire

    Múinteoir wrote: »
    An bhfaca tú féin é?

    Ní fhaca. Is fearr liom mo chinneadh a dhéanamh ar scannán gan é a fheiceáil.

  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir

    Stollaire wrote: »
    Ní fhaca. Is fearr liom mo chinneadh a dhéanamh ar scannán gan é a fheiceáil.

    :rolleyes:

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire

    Múinteoir wrote: »
    :rolleyes:

    Ní raibhas ach ag magadh i ndáiríre ach bhunaigh mé an tuairim sin ar léirmheasanna a chonaic mé ar an teilifís agus a léigh mé maidir leis an scannán seo de. Mar shampla, dúirt mo dhuine Mac Gearailt (a dhéanann na léirmheasanna scannáin i Foinse) go raibh sé i bpian fisiceach ag breathnú air.

  • Advertisement
  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir

    Stollaire wrote: »
    Ní raibhas ach ag magadh i ndáiríre ach bhunaigh mé an tuairim sin ar léirmheasanna a chonaic mé ar an teilifís agus a léigh mé maidir leis an scannán seo de. Mar shampla, dúirt mo dhuine Mac Gearailt (a dhéanann na léirmheasanna scannáin i Foinse) go raibh sé i bpian fisiceach ag breathnú air.

    Braitheann sé ar an méid a bhfuil duine ag súil leis. Má tá sé ag súil le Citizen Kane eile, beidh díomá air. Má théann sé isteach le hintinn oscailte, seans go mbainfidh sé taitneamh as scannán, nuair nach raibh sé ag súil lena leithéid de chás.
    Chonaic mé 3:10 to Yuma anocht. Mheas mé féin go raibh sé thar barr. Bhí Russell Crowe agus Christian beirt an-mhaith ina bpáirt féin. Ach is duine mé a dtaitníonn 'Westerns' leis. Ní raibh an leagan bunaidh feicthe agam. N'fheadar an bhfuil sé níos fearr nó níos measa. Bronnaim 7.5/10 ar an scannán seo.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh

    Is aoibhinn liom na Westerns freisin, bheinn sásta fanacht sa bhaile ag féachaint orthu ar TG4 gach tráthnóna Dé hAoine ach níl mo chailín den tuairim chéanna faraor. Ach b'fhéidir go mbeadh mé in ann í a mhealladh go dtí an phictiúrlann chun an ceann úr seo a fheiceáil.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire

    Múinteoir wrote: »
    Braitheann sé ar an méid a bhfuil duine ag súil leis. Má tá sé ag súil le Citizen Kane eile, beidh díomá air. Má théann sé isteach le hintinn oscailte, seans go mbainfidh sé taitneamh as scannán, nuair nach raibh sé ag súil lena leithéid de chás.

    b'fhéidir go bhfuil an ceart agad...ach fós faigheann sé mo stampa..fiú nach bhfuil sé feicthe agam!

    Untitled+1.jpg

    Tá an scannán Cloverfield feicthe agam le déanaí, ba scannán measartha maith é. 7 as 10 Untitled+1.jpg

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh

    Mo rogha mar scannán is measa nach bhfaca mé féin:

    battlefi.jpg

  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir

    Físeán speisialta, tiomanta do Stollaire. Tá brón orm go bhfuil sé ró-dhéanach do Lá Fhéile Valaintín. ;)

  • Advertisement
  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire

    Múinteoir wrote: »
    Físeán speisialta, tiomanta do Stollaire. Tá brón orm go bhfuil sé ró-dhéanach do Lá Fhéile Valaintín. ;)

    :eek: Ní féidir liom é a chreidiúint ach braithim an phian a raibh mo dhuine, an léirmheastóir, ag caint fúithi...

    Tá mo dhóthain agam, an scannán is measa ARIAMH, níl aon amhras faoi! :(

  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir

    Stollaire wrote: »
    :eek: Ní féidir liom é a chreidiúint ach braithim an phian a raibh mo dhuine, an léirmheastóir, ag caint fúithi...

    Tá mo dhóthain agam, an scannán is measa ARIAMH, níl aon amhras faoi! :(

    Tá a fhios agam go maith go raibh tú ag canadh in éineacht leis an gceol. ;)

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire

    Múinteoir wrote: »
    Tá a fhios agam go maith go raibh tú ag canadh in éineacht leis an gceol. ;)

    Bhí sé chomh dona sin níl mé inn ann a bheith ag magadh faoi fiú amháin...
    :(:( ní rabhas ag canadh in éineacht leis an "gceol"!

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh

    Chonaic mé There Will Be Blood ar an deireadh seachtaine. Bhí fuil ann cinnte ach bhí sé ag teacht as mo shúile agus mo chluasa. Chuaigh mé chuig scannáin seo chun éalú ó theach mo mháthair ar feadh cúpla uair agus mar gheall ar Oscar a ghnóthaigh Daniel Day Lewis mar aisteoir is fearr. Ach níl scéal ar bith leis, bheadh tráthnóna níos suimiúla agam sa bhaile ag breathnú ar mo mháthair ag cniotáil.

  • Moderators, Arts Moderators Posts: 17,231 Mod ✭✭✭✭Das Kitty

    Níl sé éasca mar scannán, is cinnte é sin!

    Thaitnaigh sé go mór liomsa. Chonaic muid é Dé Domhnaigh. Tá an ceart agat nach bhfuil mórán de scéal ag baint leis, ach is ar na phearsantachtaí atá an scannán dírithe.

    Ar cheap tú go raibh Daniel Day Lewis ag déanamh aithris ar Ron Burganday leis an charactéar sin?

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh

    Das Kitty wrote: »

    Ar cheap tú go raibh Daniel Day Lewis ag déanamh aithris ar Ron Burganday leis an charactéar sin?

    Ron Burgundy ón Anchorman ab ea?

  • Moderators, Arts Moderators Posts: 17,231 Mod ✭✭✭✭Das Kitty

    Sea.

    Bhí siad ag labhairt faoi ar After Hours níos luaithe sa seachtain.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh

    Tá siad cosúil le chéile gan dabht:)
    there+will+be+blood_855_18387619_0_0_7008373_300.jpgron-burgundy-3717.jpg

    Ní thagaim le do phointe ar phearsantachtaí sa scannán mar gheall ar bhearnaí ollmhór san fhorbairt carachtair (go háirithe turas Daniel go dásacht agus a ghaol le H.W.). Chuir an cheist Paul/Eli mearbhall orm freisin.

  • Moderators, Arts Moderators Posts: 17,231 Mod ✭✭✭✭Das Kitty

    Is cúpla iad.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh

    Das Kitty wrote: »
    Is cúpla iad.

    Tuigim sin ach ní raibh gá leis. Cad a bhí an pointe le cúpla a úsáid?

  • Advertisement
Advertisement