Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie

Fadhb an Oideachais Ghaeilge

  • 09-09-2007 5:34pm
    #1
    Closed Accounts Posts: 127 ✭✭


    Bímse féin cineál cráite ag na snaidhmeanna féinchoinsiasacha seo, ach tá cúpla barúil agam gur mhaith liom a phlé...

    Bhuail cúpla smaoineamh orm le gairid maidir leis na fadhbanna i dteagasc na Gaeilge idir an chéad agus dara léibéal. Táimse féin i ndiaidh samhradh a chaitheamh i scoil dírithe ar fhoghlaimeoirí fásta. Ba léir domh cúpla rud ansin, ach ba é Des Bishop ar an Late Late Show an deireadh seachtaine seo a thóg mo thuairimí chun críoch.

    An príomhrud ná béim a chur ar an chaint ón tús. Chomh luath is a thosaíonn tú ag foghlaim sa bhunscoil bíonn ort ceachtanna a scríobh, go minic gan an tuiscint sa chluais. Sula dtéann muid ar scoil, muintirna Galltachta ar scor ar bith, bíonn tuiscint nádúrtha againn ar fhuaimeanna agus foghraíocht an Bhéarla. Formhór an ama, ní fhaightear na scileanna seo ar bhealach nádúrtha i gcás na Gaeilge. Ciallaíonn sé go bhfagtar an Ghaeilge mar theanga choimhthíoch agus ní fhaigheann cuid mhór de na daltaí greim daingean uirthi. Tá fhios againn uilig é seo déarfainn, agus tuigim go bhfuil Hanafin chun a thuilleadh béime a leagadh ar an scrúdú cainte. Ach ar ndóigh tá athrú ó bhonn de dhíth i modh múinteoireachta na mbunscoileanna.

    Chaith Des Bishop ceithre mhí i gConamara, agus tá an chuma ar an scéal go bhfuil sé chomh líofa ná 75% de lucht na hardteiste. Is dócha gur chuidigh an t-atmaisféar labhartha go mór leis. An dara pointe a fheictear domh ná an milleán a dhéanann brú labhartha ar fhoghlaimeoirí. Níl fhios agam fúbhse, ach ba é mo thaithí gur cuireadh iachall orainn an Ghaeilge a labhairt sa seomra ranga, agus an rud céanna dá rachfá chuig coláiste samhraidh. Sin go breá, dá mbeifeá tiomanta don Ghaeilge. Ach dóibh siúd nach bhfuil mórán suim acu, ní fhaigheann siad seas foghlaim as a dtoil féin, in atmaisféar neamhchoimthíoch nádúrtha. Chomh luath is chuirtear br ar dhuine rud a dhéanamh, cruthaítear meon diúltach ina thaobh. Dá ligfí Béarla a labhairt sa seomra ranga, ach b'fhéidir le spreagadh beag Gaeilge a úsáid (gan obair bhaile nó rud éigin), bheadh deis ann í a úsáid gan an chomhcheangal diúltach.

    Sin deireadh mo chaillearachta! :)


Comments

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 6,889 ✭✭✭tolosenc


    I mo thuairim, caithfear an bunscoil, mar atá sé anois, a bheith briste suas i dhá leath. An chéad leath, ó 4-8, go hiomlán as Gaeilge (seachas ranganna Béarla), agus bheadh rogha agat maidir lesi an dara leath(9-12): scoil trí Bhéarla nó trí Ghaeilge. Agus ansin, bheadh an meánscoil, gan athrú.

    Tuigim go mbéadh sé deacair é sin a dhéanamh, tá easpa múinreoirí bunscoile againn agus Gaeilge líofa acu. Ach, dá mbéadh sé cosúil leis sin, bhéadh caighdeán Gaeilge cuisach líofa againn go léir ón tús.


  • Closed Accounts Posts: 7,794 ✭✭✭JC 2K3


    ^Ní thárlóidh sin, go háirithe leis an méad inimircigh sa tír na laethanta seo.

    Ní gá ach Gaeilge a labhairt le páistí óga go minic agus go rialta sa bhunscoil, rud nach ndéanann an cuid is mó de mhúinteoirí. Is cuimhin liom blocanna téics as Gaeilge a fhoghlaim de ghlan mheabhair, gan aon chúis, gach lá nuair a bhí mé sa bhunscoil, agus b'shin tromlach na hoibre a rinneamar i nGaeilge.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,142 ✭✭✭Karlusss


    Is é an fadhb is mó atá ag an Ghaeilge inniú ná an diabhal chóras oideachais. Ach níos mó ná caighdeán an oideachais é féin, is é an gnéith "PR" den rud ar fad a chruthaíonn fadhbanna.

    Is fuath le daoine Gaeilge, toisc go bhfuil orthu é a dheanamh agus toisc go bhfuil sé deacar.

    Cad is féidir a dheanamh, nach bhfuil déanta cheana? Bhí an bhunscoil lán-Gaelach ann in am Dev, agus gan toradh. Tá Gaelscoileanna thart timpeall, ach sa mionchuid go hiomlán.

    Níl tuairim dearfach agamsa ar aon nós.


  • Closed Accounts Posts: 9,878 ✭✭✭Rozabeez


    Ceist: Cén fáth nach foghlaimíon doine le dyslexia nó fadhbanna eile an Ghaeile, ach is féidir leo teanganna eile a dhéanamh? Níl sé i gcónaí an gcás ach tharlíonn sé go minic, agus ní thuigim é.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,142 ✭✭✭Karlusss


    Tá rogha acu leis an Ghaeilge, chomh maith leis na teangacha eile. De ghnáth, roghnaíonn sí an rang saor. Ní fhaightear rang saor le Francaís, bheadh ort ábhar eile a dhéanamh.


  • Advertisement
  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 6,889 ✭✭✭tolosenc


    JC 2K3 wrote:
    ^Ní thárlóidh sin
    Dá mbéadh an saol foirfe, nó dá d'oibródh rud ar bith sa tír...
    JC 2K3 wrote:
    go háirithe leis an méad inimircigh sa tír na laethanta seo

    Céard futhu?


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,142 ✭✭✭Karlusss


    Muna bhfuil Béarla ag na hinimircigh, caithfear é a mhúineadh dóibh. Agus má tá Béarla á fhoglaim acu, bheadh sé deacair Gaeilge d'aon caighdeán mhaith a mhúineadh dóibh ag an t-am céanna.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 6,889 ✭✭✭tolosenc


    Nár chuala sibhse faoi ranganna breise? Nílim ag rá go mbeadh sé ar an Rialtas na ranganna a chur ar fáil saor in aisce, ach b'fhéidir go gcuirfidh siad ar fáil...

    Níl aon amhras agam ach go obróidh mo chóras.

    Más maith leat a bheith i do chónaí anseo, foghlaimeóidh do leanaí nár dteanga thar aon teanga eile.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,142 ✭✭✭Karlusss


    Tá sé níos tábhachtaí don sochaí go mbeadh inimircigh in ann Béarla mhaith a labhairt (ionas go mbeadh siad in ann obair sna cathracha).

    Is idéalachas é a rá gur chór dóibh Gaeilge a bheith acu roimh Béarla. Níor fhoghlaim mise Gaeilge roimh Béarla, nó an tromlach mór den tír, agus ní chór é a brú ar inimircigh.


Advertisement