Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie

An nglacann tú leis go bhfuil téamh domhanda ar siúl?

  • 23-09-2007 2:12am
    #1
    Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭


    An nglacann sibh leis nó an comhcheilg bhréagach de chineál éigin é, dar libh?

    An nglacann tú leis go bhfuil téamh domhanda ar siúl? 11 votes

    Glacaim leis, agus is ar an gcine daonna atá an locht
    0% 0 votes
    Glacaim leis, ach ní de bharr an chine dhaonna atá sé ar siúl
    72% 8 votes
    Ní ghlacaim leis, is comhcheilg áiféiseach é
    27% 3 votes
    Níl aon tuairim agam ina leith
    0% 0 votes


Comments

  • Moderators, Education Moderators, Music Moderators Posts: 4,436 Mod ✭✭✭✭Suaimhneach


    M&#250 wrote: »
    An nglacann sibh leis nó an comhcheilg bhréagach de chineál éigin é, dar libh?

    Tá go leor daoine tar éis votáil, ach gan faic a rá.

    Ceapaim féin go bhfuil téamh domhanda ag tharlú, gan dabht ar bith. Tá an fianaise ann, agus tá daoine "inchreidthe" á rá bhfuil sé ag tharlú freisin. Níl ann duinn ach chun braithnú ar an aimsir agus a difríocht a mhothú.

    An bhfuil fios agaibh go bhfuil ar na daoine a thairgíonn mapa ag ath-tógáil na mapanna faoi lathair, agus lastigh de 50 bliain tá cruth an domhan tar éis athrú méid mór. Tá laghdú tar éis teacht ar na lochanna agus abhainn, agus tá cósta cailte againn.

    Tá cuma mall ar an athrú duinne, ach is rud tapaidh é má smoaineann tú ar léibheal fádtearmach, seachas ar shaol féin amhain!


  • Closed Accounts Posts: 7,794 ✭✭✭JC 2K3


    Chonaic mé "The Great Global Warming Swindle" ach ní fhaca mé "An Inconvenient Truth".

    Beidh orm an dara cheann a fheiceáil, ach ag an bpointe seo, glacaim leis go bhfuil sé ag tarlú ach nach bhfuil sé chomh drámatúil is a deir roinnt daoine, nach rud tubaisteach é agus nach bhfuil daoine mar an príomhchúis taobh thiar de.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 6,889 ✭✭✭tolosenc


    Aeráid na cruinne? 'Sea, tá sé ar siúl. I mo thuairimse, 'sé an chúis ná an ghrian, go háirithe na spotaí ghréine. Tá i bhfad níos mó fainise ann ar an taobh sin.


  • Closed Accounts Posts: 531 ✭✭✭dranoel


    obl wrote:
    Aeráid na cruinne? 'Sea, tá sé ar siúl. I mo thuairimse, 'sé an chúis ná an ghrian, go háirithe na spotaí ghréine. Tá i bhfad níos mó fainise ann ar an taobh sin.

    Is teoric nua domsa na spotaí ghréine. An bhfuil foinse agat don fhianaise seo?


  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir


    dranoel wrote:
    Is teoric nua domsa na spotaí ghréine. An bhfuil foinse agat don fhianaise seo?

    Nach leor clár ar Channel 4 mar fhianaise duit?! ;)


  • Advertisement
  • Closed Accounts Posts: 531 ✭✭✭dranoel


    M&#250 wrote: »
    Nach leor clár ar Channel 4 mar fhianaise duit?! ;)


    ó bhí "The Great Global Warming Swindle" ar Channel 4 agus ón clár sin a thagann an teoric faoi spotaí ghréine. Maith dom, ní raibh mé riamh ró-ghéar.

    Ar ndóigh, creidim gach rud ar Channel 4, tá mé chun SUV oll-mhór a cheannach anois, mo thuirbín gaoithe a leagan síos agus teach coincréiteach a thógáil gan imní.


  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir


    An bhfaca sibh 'An Inconvenient Truth'? Céard í bhur mbarúil faoi?


  • Closed Accounts Posts: 541 ✭✭✭GaryOR


    M&#250 wrote: »
    An bhfaca sibh 'An Inconvenient Truth'? Céard í bhur mbarúil faoi?

    Chonaic, thaitin sé liom ach bhí leadrán ar na lads eile sa teach ag breathnú air.
    I bhfírinne ní shílim go bhfuil formhór muintir na tíre buartha faoi.
    De ghnách ní bhíonn na hÉireannaigh buartha faoi aon rud seachas a gcuid, so níl ionadh ar bith orm nach bhfuil suim acub i dtéamh domhanda.


  • Closed Accounts Posts: 541 ✭✭✭GaryOR


    breathnaígí ar an bpobalbhreith á reáchtáil ar shuíomh an Indo inniu

    http://www.independent.ie/


Advertisement