Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie

South Park Amárach! :D

Options
  • 23-09-2007 2:36pm
    #1
    Closed Accounts Posts: 149 ✭✭


    An bhfuil siad ag tosaigh ag an chéad éagrán ó 1997?


Comments

  • Registered Users Posts: 5,851 ✭✭✭PurpleFistMixer


    Tá achoimre ar an suíomh TG4 faoi.. dealraíonn sé go bhfuil an chéad sraith i gceist. Beidh sé suimiúil go leor a fheiceáil ar aon nós!


  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir


    18:30


    South Park (GS)
    Bíonn na buachaillí ag fanacht le bus na scoile agus déanann Cartman cur síos ar an drochbhrionglóid a bhí aige an oíche roimh ré nuair a tháinig cuairteoirí coimhthíocha ag fuadach Cartman óna leaba. Ach ceapann Kyle agus Stan nach brionglóid a bhí ann ar chor ar bith. Ní fada go mbíonn Ike tógtha ag na cuairteoirí céanna.

    http://www.tg4.ie/Scei/scei.php?date=2007-09-24


  • Closed Accounts Posts: 149 ✭✭ryanairzer


    Leathuair tar éis a sé?! An mbeidh sé an-"censored"?


  • Closed Accounts Posts: 531 ✭✭✭dranoel


    Chaill mé é, an raibh cinsireacht déanta air?


  • Registered Users Posts: 1,733 ✭✭✭Zaphod


    Tá sár obair déanta acu leis an aistriúchán agus leis na guthanna, Cartman ach go háirithe. Ní fheicim mórán cinsireachta ann ach oiread!



  • Advertisement
  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir


    Zaphod wrote:
    Tá sár obair déanta acu leis an aistriúchán agus leis na guthanna, Cartman ach go háirithe. Ní fheicim mórán cinsireachta ann ach oiread!


    An tú féin a chur in airde ar youtube é Zaphod? Aon seans go gcuirfeá an seó go léir in airde ann? :)


  • Registered Users Posts: 1,142 ✭✭✭Karlusss


    "Agus níl ach fiche nóiméad fágtha go dtí go dtosódh Ros na Rún"

    Cad é an Gaeilge ar Conflict of Interest, haha. Sár-aistriúchán.


  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir


    Tá an físeán imithe de bharr sárú cóipchirt. :(


  • Registered Users Posts: 1,733 ✭✭✭Zaphod




  • Closed Accounts Posts: 541 ✭✭✭GaryOR


    Tá súil agam go mbeidh siad in ann teacht suas chun dáta leis an sraith, ní bheadh mórán fonn orm a bheith ag breathnú ar sean-South Parks i lár na hoíche díreach mar gheall ar an bhfíric go mbíonn sé i nGaeilge
    D'éireodh an úire a bhaineas leis faoi láthair fuar de réir a chéile


  • Advertisement
  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir


    GaryOR wrote: »
    Tá súil agam go mbeidh siad in ann teacht suas chun dáta leis an sraith, ní bheadh mórán fonn orm a bheith ag breathnú ar sean-South Parks i lár na hoíche díreach mar gheall ar an bhfíric go mbíonn sé i nGaeilge
    D'éireodh an úire a bhaineas leis faoi láthair fuar de réir a chéile

    Bíonn trí chlár ar siúl in aghaidh na seachtaine, mar sin déarfainn nach mbeidh siad i bhfad ag breith suas ar an leagan Béarla.

    Dála an scéil, ar chuala sibh gurbh é Bono an staicín áiféise a bhí acu sa chlár is déanaí a taispeánadh i Meiriceá. Scéal an-bhrocach! :eek:


  • Closed Accounts Posts: 541 ✭✭✭GaryOR


    Bíonn trí chlár ar siúl in aghaidh na seachtaine, mar sin déarfainn nach mbeidh siad i bhfad ag breith suas ar an leagan Béarla.

    Sea is fíor dhuit.
    Táim ag baint suilt as chuile chlár acub fé láthair ar aon nós. Níl an deifir chéanna fós orm a thuilleadh. :D
    Dála an scéil, ar chuala sibh gurbh é Bono an staicín áiféise a bhí acu sa chlár is déanaí a taispeánadh i Meiriceá. Scéal an-bhrocach!

    Thar cionn "Níos mó caca" ag súil go mór leis sin.


  • Closed Accounts Posts: 541 ✭✭✭GaryOR


    Chuala mé masla ar an gclár, ar nós "Dúdilín" nó rud éicint

    ar chuala éinne an focal sin roimhe


  • Registered Users Posts: 102 ✭✭Pye


    Cén Gaeilge atá ar "Oh my God, they killed Kenny" ar South Park as Gaeilge?

    :confused:Gabh mo leithscéal do mo chuid Gaeilge bhriste. Is foghlaimeoir mé.


  • Registered Users Posts: 1,286 ✭✭✭Gael


    Pye wrote: »
    Cén Gaeilge atá ar "Oh my God, they killed Kenny" ar South Park as Gaeilge?

    :confused:Gabh mo leithscéal do mo chuid Gaeilge bhriste. Is foghlaimeoir mé.


    Bí ag féachaint ar an gclár agus beidh a fhios agat! :)


  • Closed Accounts Posts: 541 ✭✭✭GaryOR


    Pye wrote: »
    Cén Gaeilge atá ar "Oh my God, they killed Kenny" ar South Park as Gaeilge?

    Ó a Dheabhail, Mharaigh siad Kenny. A bhithiúnaigh !


Advertisement