Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie

Laethanta Saoire

  • 30-09-2007 5:47pm
    #1
    Closed Accounts Posts: 531 ✭✭✭


    Bíonn na gruagairí i gconaí ag cur an cheist seo ar daoine - cá ndeachaigh tú/cá bhfuil tú ag dul ar do laethanta saoire?

    Thug mé cuairt ar Oregon i SAM de bharr bainise, áit nach bhfuil ar an gconair thurasóireacht de ghnáth. Tá tírdhreach lán le sléibhte, coill agus abhainneacha ann, agus an tAigéan Ciúin dar ndóigh. Chonaic mé an t-óstán a bhí i 'The Shining' freisin. Cé go bhfuil sé deas tá go leor áiteanna eile a bheadh níos airde ar mo liosta áiteanna le feicéail cosúil le Nua Eabhrac nó California.

    Céard faoi sibhse?


Comments

  • Registered Users Posts: 111 ✭✭barclay2


    Bhí mé san Alban ag stadéir le haghaidh an cuid is mó den samhradh ach chaith me caicís i Greece, buíochas le Dia. Bhí sé fír-álainn - an bia, an trá, na cailíní, an teanga. Táim ar ais i mBalie Atha Cliath anois ach tá sé ar intinn agam dul go Canada nó an Astráil cupla mí seo chugainn.


  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir


    dranoel wrote:
    Bíonn na gruagairí i gconaí ag cur an cheist seo ar daoine - cá ndeachaigh tú/cá bhfuil tú ag dul ar do laethanta saoire?

    Thug mé cuairt ar Oregon i SAM de bharr bainise, áit nach bhfuil ar an gconair thurasóireacht de ghnáth. Tá tírdhreach lán le sléibhte, coill agus abhainneacha ann, agus an tAigéan Ciúin dar ndóigh. Chonaic mé an t-óstán a bhí i 'The Shining' freisin. Cé go bhfuil sé deas tá go leor áiteanna eile a bheadh níos airde ar mo liosta áiteanna le feicéail cosúil le Nua Eabhrac nó California.

    Céard faoi sibhse?


    Déarfainn go bhfuil an tírdhreach nádúrtha go hálainn in Oregon go cinnte.


  • Moderators, Education Moderators, Music Moderators Posts: 4,436 Mod ✭✭✭✭Suaimhneach


    Nua Eabhrach, Boston, Edinburgh, Waterford agus Beal Feiriste an mbliain seo. Saoire iontach ar fad!

    Ní taitníonn guaigadóirí liom don chuid is mó!


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,142 ✭✭✭Karlusss


    Nua Eabhrac agus Boston i mí Iúil - bhain mé an sult astu siúd, ní raibh mé i Méiriceá ríamh roimhe agus pé rud eile, is tír suntasach é.

    Agus ansin Flevoland san Ísiltír i gcomhair an Féile Lowlands.


    Ní labhraím leis an bhearrthóir de ghnáth. "Sea" nó "ní hea", b'fhéidir. Níl suim dairíre aige i mo shaol, agus níl suim dá laghad agamsa in a shaol. Tá sé níos fearr don beirt againn.


  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir


    D'fhan mé in Éirinn i mbliana, in ainneoin na haimsire. :o


  • Advertisement
  • Closed Accounts Posts: 541 ✭✭✭GaryOR


    Chuaigh mé is mo thaisce bhán ar saoire láneagraithe (package holiday) go Lanzarote an tseachtain seo caite. Thaitin sé go mór liom caithfidh mé a rá, rinne muid a lán snorcallaithe (a lot of snorkelling) ann mar bíonn an farraige chomh glan is te agus is féidir leat chuile ní a fheiceáil.

    De ghnách dhéanfainn iarracht fan glan ó saoire láneagraithe dá leithéid ach tuigim anois cén fáth go mbíonn chomh mór tóir orthub


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,142 ✭✭✭Karlusss


    Cad é cuile ní?

    An bhlian seo is ea an chéad bliain le fada nach raibh mé ar saoire láneagraithe.


  • Closed Accounts Posts: 541 ✭✭✭GaryOR


    Karlusss wrote:
    Cad é cuile ní?
    Chuile rud


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,142 ✭✭✭Karlusss


    Ó, gabh mo leiscéail, cheap mé go raibh tú ag caint faoi créatúr farraige de shórt éigin, haha.


  • Closed Accounts Posts: 531 ✭✭✭dranoel


    Beidh mé ag dul ar laethanta saoire arís Dé Luain:), dhá sheachtain ag fánaíocht sna sléibhte Simien san Aetóip. Ach níl a fhios agam an mairfidh mé gan an tIdirlíon:p.


  • Advertisement
  • Closed Accounts Posts: 541 ✭✭✭GaryOR


    dranoel wrote: »
    Beidh mé ag dul ar laethanta saoire arís Dé Luain:), dhá sheachtain ag fánaíocht sna sléibhte Simien san Aetóip. Ach níl a fhios agam an mairfidh mé gan an tIdirlíon:p.

    Is deabhal ámharach thú :eek:


  • Registered Users Posts: 170 ✭✭coolguy


    Chuaigh me go dti Gran Canaria le haghaidh seachtain i Deireadh Fomhair.
    Beidh me ag caitheamh 2 oiche i Prague ag deireadh an miosa seo.


Advertisement