Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie

Oireachtas na Gaeilge

  • 04-10-2007 1:42am
    #1
    Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,142 ✭✭✭

    http://www.antoireachtas.ie

    Ón 31ú Deireadh Fómhair go dtí an 4ú Samhain i gCathair na Mart (Westport - beef city?) i gContae Mhaigh Eo.

    Ceol, damhsa, cómhrá, dráma, litríocht agus ar ndóigh, ól - trí Ghaeilge!

    Tá mise agus cúpla de mo cháirde ag smaoineamh faoi. Éinne eile?

Comments

  • Closed Accounts Posts: 531 ✭✭✭dranoel

    B'fhéidir Dé Sathairn, ba mhaith liom na 'Comórtais Ardáin do Dhaoine Fásta' a fheiceáil.

  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir

    Bíonn craic den scoth ag an Oireachtas. Ba cheart dom filleadh air go luath.

  • Closed Accounts Posts: 541 ✭✭✭GaryOR

    Ní raibh mé ann ariamh, ach chuala mé go raibh chuile lóistín imithe anois. Beidh sé ort coladh a dhéanamh sa gcarr! Nó níos fearr na sin cailín deas Gaelach a fháil agus a leaba a roinnt léi..

  • Registered Users Posts: 94 ✭✭duffman90210

    Bhi me ann uair amhain, den scoth. Sios i gcorcaigh measaim. Neart ol agus scealta. Beidh me ann don deireadh seachtaine ar aon nos.

  • Closed Accounts Posts: 531 ✭✭✭dranoel

    GaryOR wrote: »
    Nó níos fearr na sin cailín deas Gaelach a fháil agus a leaba a roinnt léi..

    An bhfuil liosta dóibh le fáil ó Fháilte Ireland?

  • Advertisement
  • Closed Accounts Posts: 541 ✭✭✭GaryOR

  • Closed Accounts Posts: 531 ✭✭✭dranoel

    GaryOR wrote: »

    frig..tá an nasc marbh. B'fhéidir go ndéanfaidh fógra an jab.

    Fear maol le dúil i gcáis agus i ngeansaithe ag lorg cailín deas Gaelach chun leaba a roinnt agus giota beag comhrá adhairte freisin le linn Oireachtais. An rud is tábhachtaí ná go bhfuil Gaeilge mhaith bhlasta agat ach ní bheadh mé ag gearán dá mbeadh i do spéirbhean tú freisin. Is féidir an smaoineamh ginearálta a fháil ón bpíosa seo fístéip. Bíodh i dteagmháil liom anseo i dTeach na nGealt am ar bith.

  • Closed Accounts Posts: 541 ✭✭✭GaryOR

    dranoel wrote: »

    Caithfidh muid an sliocht tábhachtach sin a chur ina stickie!
    frig..tá an nasc marbh. B'fhéidir go ndéanfaidh fógra an jab.

    Sílim go bhfuil an nasc sin is an freastalaí ag cliseadh i ngeall ar an méid Gaeilgeoir atá ar thóir an droch-rud! an dtuigeann tú mé

  • Closed Accounts Posts: 531 ✭✭✭dranoel

    Aisteach, níl freagra amháin faighte agam fós...ná bí faitíos oraibh a chailiní.

  • Closed Accounts Posts: 127 ✭✭Tá Mé Gaeilge

    Beidh mé ann cinte, ag tnuth leis! táim ag dul sios ar an mháirt i gcomhair scléip na hóige chómh maith

  • Advertisement
  • Closed Accounts Posts: 127 ✭✭Tá Mé Gaeilge

    bhuel cad a cheap sibh????

  • Closed Accounts Posts: 541 ✭✭✭GaryOR

    bhuel cad a cheap sibh????

    Ní rabhas ann, aon scéal agat fhéin ó Chathair na Máirt?

    Chuala mé go raibh Deasún Mac a'Easpaig ann!

  • Closed Accounts Posts: 127 ✭✭Tá Mé Gaeilge

    Yep bhi sé ann cinnte- bhios ag labhairt leis agus chuir mé an fiseán seo de Dhes ag canadh a rap nua ar Youtube!!!

    http://www.youtube.com/watch?v=texAVU4a3bk

  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir

    Teachtaireacht dhúbalta

  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir

    Yep bhi sé ann cinnte- bhios ag labhairt leis agus chuir mé an fiseán seo de Dhes ag canadh a rap nua ar Youtube!!!

    Cuir na lipéid thíos thart timpeall ar an gcuid deireanach den seoladh ar youtube (.i. http://www.youtube.com/watch?v=texAVU4a3bk) chun é a léiriú sa snáithe.

  • Closed Accounts Posts: 541 ✭✭✭GaryOR

    Yep bhi sé ann cinnte- bhios ag labhairt leis agus chuir mé an fiseán seo de Dhes ag canadh a rap nua ar Youtube!!!

    http://www.youtube.com/watch?v=texAVU4a3bk

    Maith thú Tá Mé Gaeilge, agus maith thú Des, bhí cuma ana-spraoiúil ar an Oireachtas sin.

    An bhfuil mórán Gaeilge aige anois? Gan amhras beidh an tOireachtas ar a chlár teilifíse nua?

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,142 ✭✭✭Karlusss

    Mó náire orm féin, ni dheacaigh mé sa deireadh...

    "Deasún Mac an Easpaig", is maith liom é sin. "Mac an Easpaig". Ahem.

  • Closed Accounts Posts: 127 ✭✭Tá Mé Gaeilge

    GaryOR wrote: »
    Maith thú Tá Mé Gaeilge, agus maith thú Des, bhí cuma ana-spraoiúil ar an Oireachtas sin.

    An bhfuil mórán Gaeilge aige anois? Gan amhras beidh an tOireachtas ar a chlár teilifíse nua?

    Yeah bhios ag labhairt leis agus tá Gaeilge fluirseach aige -duirt sé go mbéadh an-suim aige teacht amach go dti UCD chun seo a dhéanamh dom freisin (Táim mar Oifigeach na Gaeilge anseo i UCD)... so bhios an-sásta le sin

  • Closed Accounts Posts: 541 ✭✭✭GaryOR

    Ar léigh éinne eile alt Mhic a'Easpaig i Foinse an deireadh seachtaine seo. Tá an fear seo lán dáiríre faoin teanga agus a cur chun cinn. B'fhiú é a léamh.
    Beidh a chlár ag tíocht amach i Márta agus dúirt sé freisin gur mhaith leis a amhrán "Léim Thart" a chur amach mar singil, más ceadmhach dó. Nach mbeadh sé sin togha go deo
    "Mac an Easpaig". Ahem

    Bhí ceart ag an gcléir chaitliceach pósadh fadó, bhíodh a lán páistí acub freisin.
    Tháinig an Roimh anuas ar an nós seo, mar bhí sé "ró-cheilteach" dar leo.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,142 ✭✭✭Karlusss

    Sea táim ag staidéar an sean-eaglais Ceilteach sa choláiste faoi láthair.

    Ach ní dóigh liom go raibh morán Gael leis an sloinne sin fadó...

    Árd-fhear ar aon nós, níos mó Gaeilge aige ná mórchuid mo cháirde.

  • Advertisement
  • Closed Accounts Posts: 127 ✭✭Tá Mé Gaeilge

    GaryOR wrote: »
    Ar léigh éinne eile alt Mhic a'Easpaig i Foinse an deireadh seachtaine seo. Tá an fear seo lán dáiríre faoin teanga agus a cur chun cinn. B'fhiú é a léamh.
    Beidh a chlár ag tíocht amach i Márta agus dúirt sé freisin gur mhaith leis a amhrán "Léim Thart" a chur amach mar singil, más ceadmhach dó. Nach mbeadh sé sin togha go deo

    Táim direach tar éis é a leamh anois- tá an alt chómh spreaguil sin- mothaiom chómh broduil ar feadh fáth éigean

    dála an scéal- breathnaigh ar an pictuir thar an alt- is mise an duine leis an ceamara san aer direach ar bun an ardán:):D:)

  • Closed Accounts Posts: 541 ✭✭✭GaryOR

    Táim direach tar éis é a leamh anois- tá an alt chómh spreaguil sin- mothaiom chómh broduil ar feadh fáth éigean

    dála an scéal- breathnaigh ar an pictuir thar an alt- is mise an duine leis an ceamara san aer direach ar bun an ardán:):D:)

    Rinne tú togha jab áit a fháil chun d'aghaidh a chlúdach ag na litreacha ;)
    Ach ní dóigh liom go raibh morán Gael leis an sloinne sin fadó..

    Thiocfadh an sloinne i ndiaidh an Easpaig

  • Closed Accounts Posts: 541 ✭✭✭GaryOR

    Dé réir an tsuímh seo thíos, is é Mac Giolla Easpaig an leagan ceart den sloinne, agus luífeadh sé le ciall freisin.

    http://www.ireland.com/ancestor/surname/index.cfm?Surname=Bishop&fuseaction=Go.

    an-líonmhar: Ulaidh, Connachta, Lár na Tíre. Tá an leagan Clasby i nGaillimh. Bhí an chlann sa Dún sa 12 céad agus an sloinne le fáil i dtuaisceart Uladh tríd síos. Tá sé líonmhar in Albain

    fairly numerous: E Ulster, Louth, Dublin etc. English, but also a translation of Mac Anespie and Gillespie. A branch of the O'Sullivans were called Bishop

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,142 ✭✭✭Karlusss

    Yeah is dócha go fhúsclaíonn sé sin an scéal.

    Ní raibh mé in ann samhlú taoiseach nó file Gaelach leis an sloinne sin, go háirithe tar éis na hAithrithe sa 12ú céad. Samhlaigh an náire Caitliceach a bheadh ort. Do Cóineartú, like.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 18,503 ✭✭✭✭Also Starring LeVar Burton

    dála an scéal- breathnaigh ar an pictuir thar an alt- is mise an duine leis an ceamara san aer direach ar bun an ardán:):D:)

    Mise in aice leat :D!

  • Closed Accounts Posts: 318 ✭✭coolcon

    GaryOR wrote: »
    Ar léigh éinne eile alt Mhic a'Easpaig i Foinse an deireadh seachtaine seo. Tá an fear seo lán dáiríre faoin teanga agus a cur chun cinn. B'fhiú é a léamh.

    An cuireadh éinne é seo thuas, nó an bhfuil sé le feiceál aon áit ar an idirlion? ba bhreá liom é a fheiceál.

  • Closed Accounts Posts: 531 ✭✭✭dranoel

    Ba mhaith liom an t-alt seo a fheiceáil freisin, bhí mé thar lear ag an am. Sheol mé ríomhphoist chuig Foinse ag iarraidh cóip a fháil. Níl a fhios agam an bhfuil siad toilteanach é sin a dhéanamh, fan go bhfeicimid.

  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir

    Cuireann Foinse roinnt dá n-ailt ar a suíomh gréasáin ag www.foinse.ie

    Ní bhíonn sé ró-mhaith de réir mo thaithí féin, ach b'fhiú sracfhéachaint a thabhairt air.

    Dála an scéil, cuireadh Des faoi agallamh ar The Late Late Show i mí Mheán Fómhair faoin am a chaith sé sa Ghaeltacht. Is féidir féachaint ar an agallamh i gcartlann RTÉ ag an nasc seo.

  • Closed Accounts Posts: 531 ✭✭✭dranoel

    Cé go bhfuil an nuachtán ag dul go maith, tá cúrsaí idirlín ina praiseach ar Foinse.ie le tamall fada anuas. Ní chuirtí aon rud nua ar an suíomh ó Mhí Eanáir. Níos measa fós tháinig mo ríomhphoist faoi alt Des Bishop ar ais chugam; cur amú ama a bhí ann. Ní féidir liom é seo a creidiúint - tá www.foinse.ie agus nuacht@foinse.ie ar barr an phríomhleathanaigh agus níl ceachtar díobh ag feidhmiú i gceart.

  • Advertisement
Advertisement