Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie

Glas Vegas....

Options
  • 04-10-2007 9:42am
    #1
    Closed Accounts Posts: 541 ✭✭✭


    :confused:
    .......eh......eh...............

    ................céard is féidir liom a rá faoi?......

    .....ar a laghad bíonn Gemma Ní Chionnaith air, ach seachas sin sílim go mbeidh sé ag dhul síos i stair na teilifíse mar an clár is measa ó "Is Gaeilgeoir Mé"

    cad é an Gaeilge le haghaidh Car Crash TV !


Comments

  • Closed Accounts Posts: 10,730 ✭✭✭✭simu


    Cad é? Clár ceol tíre?


  • Closed Accounts Posts: 541 ✭✭✭GaryOR


    simu wrote:
    Cad é? Clár ceol tíre?

    níos measa ná sin fiú amháin más féidir leat é sin a chreidiúint ... seó tallainne atá ann ach níl aon tallann le feiceáil. Tá sé chomh dona sin nach mbeidh mé in ann na focail a chur le chéile a chuirfeadh in iúl cé chomh dona is atá sé..dochreidthe


  • Closed Accounts Posts: 531 ✭✭✭dranoel


    GaryOR wrote:

    .....ar a laghad bíonn Gemma Ní Chionnaith QUOTE]

    Pictiúr le do thoil


  • Moderators, Education Moderators, Music Moderators Posts: 4,436 Mod ✭✭✭✭Suaimhneach


    Smaoineamh... "You're a Star", san Gaelteacht, ach le haghaidh "talent"... níl sé feicthe agam go fóil...


  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir


    dranoel wrote:

    Pictiúr le do thoil

    000061c20c8r.jpg

    Bhí léirmheas ann sa Times ar theilifís na seachtaine agus bhí an bhean ag rá go raibh clár amháin ar TG4 an tseachtain sin a bhí thar barr agus ceann eile a bhí go hainnis. Is iad sin, The Running Mate agus Glas Vegas faoi seach. :(

    Níor fhéach mé air ach ar feadh cúpla soicind riamh le fírinne. Ach is suimiúil an rud é Eoghan Harris a fheiceáil ag labhairt as Gaeilge.


  • Advertisement
  • Closed Accounts Posts: 531 ✭✭✭dranoel


    GRMA as ucht pictiúr:)
    M&#250 wrote: »
    Ach is suimiúil an rud é Eoghan Harris a fheiceáil ag labhairt as Gaeilge.

    Tá súil agam nach bhfuil sé chomh nimhneach is atá sé i mBéarla.


  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir


    dranoel wrote:
    GRMA as ucht pictiúr:)



    Tá súil agam nach bhfuil sé chomh nimhneach is atá sé i mBéarla.

    Bhí sé ag moladh duine le linn an 30 soicind a chaith mise ag féachaint ar an gclár. Ach tá difríocht mhór idir sin agus an pholaitíocht.


  • Closed Accounts Posts: 541 ✭✭✭GaryOR


    is aisteach an rud é, ach tá an clár chomh dona is an tallann chomh...eh chomh....gann, is ea sin é, go mbeidh sé orm é a bhreathnú aríst, an dtuigeann tú mé.
    Car crash TV is ea é, tá's agam nach bhfuil sé cóir a bheith ag stánadh air ach níl neart agam air.

    Is Car Crash TV den scoth é mar sin is dócha!!! . Táim ag súil leis an chéad chlár eile. :eek:


  • Closed Accounts Posts: 541 ✭✭✭GaryOR


    Pictiúr le do thoil

    Seo thíos an nasc Bíbó do Géill Slí, tá a lán grianghraif ann

    http://www.bebo.com/Profile.jsp?MemberId=3654680612


  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir


    GaryOR wrote:
    is aisteach an rud é, ach tá an clár chomh dona is an tallann chomh...eh chomh....gann, is ea sin é, go mbeidh sé orm é a bhreathnú aríst, an dtuigeann tú mé.
    Car crash TV is ea é, tá's agam nach bhfuil sé cóir a bheith ag stánadh air ach níl neart agam air.

    Is Car Crash TV den scoth é mar sin is dócha!!! . Táim ag súil leis an chéad chlár eile. :eek:


    Céard í an duais?


  • Advertisement
  • Closed Accounts Posts: 541 ✭✭✭GaryOR


    Céard í an duais?

    Cic sa tóin agus náire do do mhuintir go deo na ndeor.

    scíg.. níl's agam rud eicínt faoi Las Vegas, beidh an buaiteoir ag dhul go Las Vegas chun lucht Vegas a chrá, agus le cúnamh Dé fanfaidh sé/sí ann
    Táim ag súil go mór leis seo, goa


  • Closed Accounts Posts: 531 ✭✭✭dranoel


    Ar chuala sibh faoi "The Gong Show". Seanseó talainne ó Mheiriceá, bhí gang ag na moltóirí agus nuair a bhí an iomaitheoir go hainnis, bhuailidís an gang chun deireadh a chur leis an t-uafás. Tá géarghá le gang millteanach mór ag Glas Vegas.


Advertisement