Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie
Hi there,
There is an issue with role permissions that is being worked on at the moment.
If you are having trouble with access or permissions on regional forums please post here to get access: https://www.boards.ie/discussion/2058365403/you-do-not-have-permission-for-that#latest

An Cóisir Nollag

  • 12-10-2007 12:02pm
    #1
    Closed Accounts Posts: 541 ✭✭✭


    Ag súil go mór leis ó sea go mór mór, ag iarraidh gan a bheith ró-ólta ach ag an am céanna caithfear a bheith ólta beagáinín chun cuir suas leis.
    Ag iarraidh comhrá míchompordach a dhéanamh le daoine nach bhfuil suim agat iontu agus iad ag bladaráil ar aghaidh faoina gcuid páistí, morgáiste nó morgáistí, tithe, carrannaí blá blá blá.
    Ag caint faoi obair leis an ghaimbín atá i do cheannasaí, nó níos measa ná sin a bhean chéile atá ar dáir !!!

    Ó sea ag súil go mór leis...

    An mbíonn cóisirí ag aoinne eile?


Comments

  • Closed Accounts Posts: 541 ✭✭✭GaryOR


    b'fhéidir go bhfuil sé róluath a bheith ag caint faoi chóisirí Nollaigí


  • Closed Accounts Posts: 531 ✭✭✭dranoel


    Nil sé ró luath ar chor ar bith, tá sé an tráthuil ach tá mo mhéarchlár ag cur as dom faoi láthair. Cuirfidh mé post suas faoi nuair a réiteofear an fhadhb.


  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir


    GaryOR wrote: »
    Ag caint faoi obair leis an ghaimbín atá i do cheannasaí, nó níos measa ná sin a bhean chéile atá ar dáir !!!


    Dheara, má tá tú ag iarraidh craiceann a bhualadh lena bhean chéile, ná cuireadh muidne bac ort!


  • Closed Accounts Posts: 541 ✭✭✭GaryOR


    Múinteoir wrote: »
    Dheara, má tá tú ag iarraidh craiceann a bhualadh lena bhean chéile, ná cuireadh muidne bac ort!

    Nílim ag iarraidh, geallaim duit a mhac! Ní bean mealltach ar bith í ar nós roinnt mná a comhaois!
    'Sé sin ní MILF í, nó MBMLCBL mar adeir fear na Gaeilge!!


  • Closed Accounts Posts: 531 ✭✭✭dranoel


    GaryOR wrote: »
    Nílim ag iarraidh, geallaim duit a mhac! Ní bean mealltach ar bith í ar nós roinnt mná a comhaois!
    'Sé sin ní MILF í, nó MBMLCBL mar adeir fear na Gaeilge!!

    Níl MBMLCBL chomh héasca a fhuaimniú. B'fhéidir go bhfuil nath óiriúnach eile ann - Mamaí Mhealltach ó 'yummy mummy'?


  • Advertisement
  • Closed Accounts Posts: 541 ✭✭✭GaryOR


    dranoel wrote: »
    Níl MBMLCBL chomh héasca a fhuaimniú. B'fhéidir go bhfuil nath óiriúnach eile ann - Mamaí Mhealltach ó 'yummy mummy'?

    mmmhh, is maith liom MBMLCBL caithfidh mé a rá, ach sílim go bhfuil rud eicínt faighte agatsa ansin leis an "Mamaí Mhealltach"


  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir


    Tá mé cinnte go mbeidh 'fonn grá' ort nuair a bheidh braon faoin bhfiacail agat, pé scéal é a dhuine. :D


  • Closed Accounts Posts: 541 ✭✭✭GaryOR


    Múinteoir wrote: »
    Tá mé cinnte go mbeidh 'fonn grá' ort nuair a bheidh braon faoin bhfiacail agat, pé scéal é a dhuine. :D

    breall ort a dhuine chóir. Táim ana-shásta leis an gcailín a bhfuil agam, tá muid ag siúl amach le chéile ar feadh 8 mbliana anois, agus is cailín ana-te ar fad ar fad í.
    Tá sí i bhfad níos dathúla ná mise (is breá léi mo bhod mór, déarfainn:cool:) mar sin níl suim dá laghad agam i seanmhná a dhuine.


  • Closed Accounts Posts: 531 ✭✭✭dranoel


    Ocht mbliana, tá sé thar am duit í a chur ina bean ionraic! Ag dul ar ais chuig an ábhar (agus i bhfad i gcéin ó do bhod), níl Cóisir Nollaig ann ach Céasadh Nollaig. Bliain i ndiaidh bliana an tseafóid chéanna. D’éirigh liom éalú as cúpla bliain ó shin de bharr scrúduithe. Ach cad a tharla? Thosaigh mé ag smaoineamh gur chaill mé rud éigin. Níl éalú ar bith as!


  • Closed Accounts Posts: 541 ✭✭✭GaryOR


    tá sé thar am duit í a chur ina bean ionraic!

    sea ba chóir dhom, 8 mbliana, is tréimhse fada é, ach sin ráite chuaigh sé ana-tapaidh ar fad ar fad.
    níl Cóisir Nollaig ann ach Céasadh Nollaig

    Céasadh Nollaig, is breá liom é.

    An mbeidh tú ag dhul go dtí do chóisir Nollag a Mhúinteora :D


  • Advertisement
  • Closed Accounts Posts: 531 ✭✭✭dranoel


    GaryOR wrote: »
    An mbeidh tú ag dhul go dtí do chóisir Nollag a Mhúinteora :D

    Ós rud é go bhfuil Múinteoir ag obair as baile is dócha nach mbeadh cóisir Nollaig aige ach ní dhéanfaimis dearmad ort um Nollaig a chara!


  • Closed Accounts Posts: 541 ✭✭✭GaryOR


    dranoel wrote: »
    Ós rud é go bhfuil Múinteoir ag obair as baile is dócha nach mbeadh cóisir Nollaig aige ach ní dhéanfaimis dearmad ort um Nollaig a chara!

    sea, sin é, nach bhfuil an t-ádh dearg leis an bhastaird aríst :D;)


  • Closed Accounts Posts: 541 ✭✭✭GaryOR


    An bhfaca sibh an phobalbhreith atá ar shuíomh An Indo inniu?
    http://www.independent.ie/;jsessionid=6876431D8A21A862BBB08B4791718727
    Vótáil anois agus vótáil go minic!

    An raibh aon chóisir Nollag aon éinne go fóillín ?


  • Closed Accounts Posts: 531 ✭✭✭dranoel


    GaryOR wrote: »

    An raibh aon chóisir Nollag aon éinne go fóillín ?

    Buíochas le Dia, tá sé thart anois, don bhliain seo ar aon nós. Caithfidh mé a rá nach raibh sé chomh dona is a bhí mé ag súil leis. B'fhéidir go bhfuil an cóisir Nollag ag dul i dtaithí orm, cá bhfios. Níor chuir an útamáil a fhuair mé faoi láimhe cailleach aosta ó chuntais isteach orm fiú agus ba chuma liom nuair a shocraigh gach duine dul chuig Longnecks i mBéal an tÁtha. Caithfidh tú do chaighdeánaithe a laghdú go mór nuair a bhíonn cóisir Nollag i gceist, is dócha. Bhí eitilt ingearán agam an lá dar gcionn agus Íosa bhí sé crua go leor ar mo ghoile leochaileach bocht.


Advertisement