Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie

Nct

  • 19-10-2007 3:08pm
    #1
    Closed Accounts Posts: 541 ✭✭✭


    An Tástáil Náisiúnta Gluaisteán le haghaidh €50

    Bhí sé aisteach a bheith ag breathnú ar fhear eile ag imirt le mo charr.
    Agus theip uirthi mar gheall ar sholas amháin...deabhal lofa, sin €30 eile chun an tástáil a dhéanamh aríst, agus €50 eile le haghaidh an mheicneora chun an solas a chur i gceart!.

    Camscéim den scoth is ea í....grrrrrr


Comments

  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir


    GaryOR wrote: »

    Camscéim den scoth is ea í....grrrrrr

    Aontaím leat faoi sin. Theip ar charr m'athar mar go ndúirt siad nach raibh an crios tarrthála ar cúl ar taispeáint i gceart! :eek: Ní raibh rud ar bith eile mícheart leis an gcarr. Ní hé go raibh aon rud mícheart leis an gcrios tarrthála, ach ní raibh siad in ann é a fheiceáil mar go raibh sé i bhfolach idir cúisíní na suíochán. :rolleyes:

    Is córas scannalach é, amach is amach.


  • Closed Accounts Posts: 541 ✭✭✭GaryOR


    'bhfuil tú ag magadh? :eek:

    ní raibh aon ní mícheart leis an solas ar mo charr ach an oiread, seachas gur cheap sé nach raibh sé díreach cosúil leis an gceann eile! chuile sheans gur tháinic an bolgán as beagáinín mar gheal ar rampaí nó rud eicínt


  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir


    GaryOR wrote: »
    'bhfuil tú ag magadh? :eek:

    Níl, faraor. :( Is comhlacht tráchtála é atá ina bhun, agus is é a leas féin é go dteipfeadh ar dhaoine, mar go mbeadh orthu a thuilleadh airgid a íoc. Ní thuigim cén fáth a bhfuil sé ceadaithe, le fírinne.


  • Closed Accounts Posts: 541 ✭✭✭GaryOR


    Is comhlacht tráchtála é atá ina bhun, agus is é a leas féin é go dteipfeadh ar dhaoine, mar go mbeadh orthu a thuilleadh airgid a íoc.

    Ní raibh a fhios agam faoi sin!
    aarrrggghh tá níos mó fearg orm anois ná mar a raibh orm níos luaithe sa lá


  • Closed Accounts Posts: 541 ✭✭✭GaryOR


    Níor theip ar charr m'athair críonna san NCT in ainneoin na fírice nach raibh ceann des na cúlsolais ag oibriú i gceart agus an seancharr fhéin ag titim as a chéile.

    Is bithiúnaigh ceart iad sa NCT....ba chóir dhom a dhul ar sheó Joe Duffy chun mo mhíshástacht a chur in iúl don domhan mór


  • Advertisement
  • Closed Accounts Posts: 531 ✭✭✭dranoel


    Ar a laghad ní bhfuair tú seirbhís roimhré. Moladh é sin a dhéanamh de réir chomhfhreagrais a fhuair mé uathu. Rinne mé amhlaidh agus theip ar mo charr ar aon nós:mad:.


  • Closed Accounts Posts: 541 ✭✭✭GaryOR


    dranoel wrote: »
    Ar a laghad ní bhfuair tú seirbhís roimhré. Moladh é sin a dhéanamh de réir chomhfhreagrais a fhuair mé uathu. Rinne mé amhlaidh agus theip ar mo charr ar aon nós:mad:.

    bhíos ar tí amhlaidh a dhéanamh freisin ach dúirt na lads anseo gur airgead amú a bheadh ann, bhí roinnt áidh liom.
    Cén fáth gur theip air?


  • Closed Accounts Posts: 531 ✭✭✭dranoel


    I mo chás bhí sé réasúnta tromchúiseach. Bhí fadhb ann le hastuithe agus ní raibh seans dá laghad go mbeadh gnáthsheirbhís in ann a leithéid d'fhadhb a aimsiú. Bhí orm comhla 'Landa' nua a fháil (níl clú dá laghad agam cad é sin). Dul amú ama agus airgid seirbhís a fháil roimh NCT cinnte. Is fiú é sin a rá le Joe Duffy freisin.


  • Closed Accounts Posts: 541 ✭✭✭GaryOR


    ó by dad deargfaidh mé a chluasa!

    tá súil agam go dtuigeann sé Gaeilge


Advertisement