Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie
Hi there,
There is an issue with role permissions that is being worked on at the moment.
If you are having trouble with access or permissions on regional forums please post here to get access: https://www.boards.ie/discussion/2058365403/you-do-not-have-permission-for-that#latest

An pub nó pubannaí is fearr leatsa.

  • 24-10-2007 4:22pm
    #1
    Closed Accounts Posts: 541 ✭✭✭

    Caithfidh mé a rá go dtaitníonn cúpla pionta i Mary Macs go mór liom.
    An Dame Tavern an International agus an Oars Man freisin.

    Céard fúibh? is cuma cén áit sa tír nó domhan

Comments

  • Closed Accounts Posts: 531 ✭✭✭dranoel

    Cuireann sé seo tart orm. Bhí mé i mo chónaí i gCora Druma Rúisc i gCo. Liatroma ar feadh bliana agus cuimhním laethanta grianmhara, mise i mo shuí sa ghairdín beorach ag Gings breá sásta liom féin ag féachaint ar na báid ag dul go mall tharam ar an tSionann. Tá go leor áiteanna eile a chur mé m'am amú, déanfaidh mé cur síos orthu an chéad uair eile.

    **Ag dul ag lorg canna Guinness sa chuisneoir**

  • Moderators, Education Moderators, Music Moderators Posts: 4,436 Mod ✭✭✭✭Suaimhneach

    Taitníonn (i mBÁC) Sin É liom, agus an International freisin. Agus... Fibbers agus Dorans. Na "dives" is fearr i mBÁC, na sean fhéar tithe tabhairne.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,142 ✭✭✭Karlusss

    Doyle's trasna ó TCD, chomh maith leis an Chonradh ar an Máirt.

    Tá cionn agam ar an Roselawn Inn (an "Rosie") chomh maith - is kip é, ach tá se saor go leor agus is féidir liom titim amach as direach isteach i mo leaba.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 6,889 ✭✭✭tolosenc

    Club Conradh na Gaeilge, Sráid Fhearchair. Bhuel, ar an Máirt ar aon nós....

  • Closed Accounts Posts: 541 ✭✭✭GaryOR

    dranoel wrote: »
    Cuireann sé seo tart orm. Bhí mé i mo chónaí i gCora Druma Rúisc i gCo. Liatroma ar feadh bliana agus cuimhním laethanta grianmhara, mise i mo shuí sa ghairdín beorach ag Gings breá sásta liom féin ag féachaint ar na báid ag dul go mall tharam ar an tSionann. Tá go leor áiteanna eile a chur mé m'am amú, déanfaidh mé cur síos orthu an chéad uair eile.

    **Ag dul ag lorg canna Guinness sa chuisneoir**

    Áit dheas is ea Gings cinnte....ar lá breá!

    An mbíonn rud eicínt suimúil ar siúil sa gClub ar an Máirt?

  • Advertisement
  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir

    Is maith liom aon teach tábhairne nach bhfuil an ceol ró-ghlórach ann chun a bheith ag caint. Is deacair iad a aimsiú na laethanta seo.:(

  • Closed Accounts Posts: 6 yoyo_naofa

    I mBAC is brea liomsa Thomas Reid's ar Sráid an Dáma, Eamonn Doran's no Fibbers. Is fuath liom freisin aiteanna ina bhfuil ró mhéid glór agus tú ag iarriadh bheith ag caint - táim leath bodhar ar aon chaoi agus ag 25 táim ag eirí sean!!

  • Closed Accounts Posts: 541 ✭✭✭GaryOR

    ní thuigim cén fáth ach an oiread go mbíonn tóir ar a leithéid de bpub, nuair a bhíos an glór ró-láidir ní bhíonn aoinne in ann comhrá a dhéanamh agus is é sin an fáth chun dul go dtí an friggin áit sa gcéad dul síos.

  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir

    GaryOR wrote: »

    Déantar é d'aon ghnó go minic. Ólann duine níos mó mura mbíonn siad in ann comhrá a dhéanamh.

  • Closed Accounts Posts: 7,794 ✭✭✭JC 2K3

    Téim go Fibbers an iomarca na laethanta seo...

    Ach bíonn an craic go maith ann :D

  • Advertisement
  • Closed Accounts Posts: 541 ✭✭✭GaryOR

    Múinteoir wrote: »
    Déantar é d'aon ghnó go minic. Ólann duine níos mó mura mbíonn siad in ann comhrá a dhéanamh.

    Chuile sheans go bhfuil an ceart agat faoi sin.
    Cliste, nach ea!
    Téim go Fibbers an iomarca na laethanta seo.

    Tá Fibbers beagáinín ró-SuperPudiúil i ndáiríre.

    Céard faoi na pubannaí is measa?

    Faigheann Longnecks (pub/club oíche) i mBéal an Átha mo vótasa le haghaidh na duaise sin

  • Closed Accounts Posts: 6 yoyo_naofa

    Dar liom gurbh iad pubannaí ar nós Ron Blacks, Leggs agus Café En Seine na pubannaí is measa is leadránach sa chathair....tá siad chomh daor agus lán de dhaoine a bhfuil ró mhéid airgid acu!! Ró mhéid 'suits' agus a leithead!

  • Closed Accounts Posts: 7,794 ✭✭✭JC 2K3

    GaryOR wrote: »
    SuperPudiúil
    ?

    Aistriúchán?

  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir

    JC 2K3 wrote: »
    ?

    Aistriúchán?

    Is dócha gur 'ró-superpubiúil' atá i gceist aige. Áit atá ró-chosúil le superpub. Gaelú den scoth ar siúl ag Gary! :)

  • Closed Accounts Posts: 541 ✭✭✭GaryOR

    Múinteoir wrote: »
    Is dócha gur 'ró-superpubiúil' atá i gceist aige. Áit atá ró-chosúil le superpub. Gaelú den scoth ar siúl ag Gary! :)

    superpubiúil a bhí i gceist agam ar ndóigh tá an ceart ag an múinteoir :D:cool: Déan neamhaird ar mo disléicse

  • Registered Users Posts: 170 ✭✭coolguy

    Is fearr liom O'Briens, Sráid an Dáma, BÁC 2.

  • Closed Accounts Posts: 541 ✭✭✭GaryOR

    coolguy wrote: »
    Is fearr liom O'Briens i Sraid an Dama.

    Tá fonn urlacain orm!

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 634 ✭✭✭Míshásta

    Héigh - cad mar gheall ar Chorcaigh - ná déanaigí dearmad ar Chorcaigh.

    Tá pub againne anseo cois Laoi nach nach bhfuil a shárú le fáil in aon áit eile. An "Hi-Bi" gar don GPO (mar ar thárla scliúchas beag timpeall na Cásca i 1916.)

    'Sé an Hi-Bi an beár is fearr agus is measa sa chathair ag an am chéanna.

    Uainn go léir anseo in #37 "Chetwynde Downs" - - - Slááán Tamall

    FRC

    http://chetwyndedowns.blogspot.com/

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 18,503 ✭✭✭✭Also Starring LeVar Burton

    Club an Chonradh abu.

  • Closed Accounts Posts: 541 ✭✭✭GaryOR

    Míshásta wrote: »
    Héigh - cad mar gheall ar Chorcaigh - ná déanaigí dearmad ar Chorcaigh.

    Tá pub againne anseo cois Laoi nach nach bhfuil a shárú le fáil in aon áit eile. An "Hi-Bi" gar don GPO (mar ar thárla scliúchas beag timpeall na Cásca i 1916.)

    'Sé an Hi-Bi an beár is fearr agus is measa sa chathair ag an am chéanna.

    Uainn go léir anseo in #37 "Chetwynde Downs" - - - Slááán Tamall

    FRC

    http://chetwyndedowns.blogspot.com/

    Níl aithne agam ar an áit sin?

    Ba bhreá liom an Oval agus An Spailpín Fánach nuair a bhínn i gcathair na Laoi. Beamish deas saor sa gcúinne den Oval. An cúinne leis an tine bhreá te ar lá fuar.
    Togha go deo a mhac togha go deo.

  • Advertisement
  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 2,916 ✭✭✭Brian017

    Chuaigh mé go dtí an Cill Áirne ar mo laethanta saoire i mbliana agus is fearr liom 'Molly Darcy's'. Bhí an bia go hallain.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 25,005 ✭✭✭✭Toto Wolfcastle

    Is breá liom An Bróg i gCorcaigh, cé nach bhfuil an gramadach ceart san ainm! Bíonn boladh suimiúil san áit, ach is maith liom an DJ a bhíonn ann go minic, tá sé cosúil le Peter Jackson nó duine éígin mar sin! Bíonn an ceol ró-ghlórach go minic ach nuair a bhí mé sa choláiste ba chuma liom! Bhíomar i gcónaí in ann caint le daoine nua.

Advertisement