Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie

Hector agus Rugbaí

  • 02-11-2007 10:18am
    #1
    Closed Accounts Posts: 541 ✭✭✭


    Ag breathnú ar an teilifís aréir tháinig mé trasna clár nua Hector Uí Eochagáin.
    Bhí an fear rua fhéin ag leanúint na hÉireannaigh (Foireann rugbaí na hÉireann) agus a ngníomhartha sa Fhrainc.
    Ag breathnú air rith sé dom go bhfuil an fear rua seo ina jinx ar an bhfoireann.

    Smaoinígí faoi, rinne sé amhlaidh maidir leis na Lions agus chaill siad go dona, bhris an Bodín (Brian O'D) a ghualainnín de bharr droch-ionsaí freisin!
    Agus cé eile a bhí ann sa staid agus timpeall na foirne rugbaí ach Hector...........'sea Hector!

    Ar a chlár eile (Hanging with Hector) chuaigh sé chun na Fraince chun bualadh le Trevor Brennan, laoch an rugair.
    Cad a tharla le Trevor?
    Tá cosc go deo agus choíche air de bharr ionsaí greannmhar fíochmhar a thug sé ar fhear buí as an tuaisceart, a bhí dá mhaslú!
    Hector agus a Dearg-Jinx lofa aríst...an Deabhailín rua lofa.

    Agus ansin bhí an jinxín rua eisean fhéin ag leanúint ár sár-fhoireann rugbaí agus tharlaigh na droch-rudaí dúinn aríst!
    An fhoireann rugair is fearr a bhí ag an tírín seo ariamh!!! Agus rinne siad go fíor-dona, níor éirigh leob ar chor ar bith!

    Conas??

    Hector, an jinxín rua, Ba é an fáth! Geallaim daoibh.

    Sílim go láidir go bhfuil sé in am deireadh go deo a chur le Hector agus Rugbaí , a leithéid de chleamhnas nach bhfeicfear in Ifreann!
    Ba chóir dúinn achainí a thosú.


Comments

  • Closed Accounts Posts: 531 ✭✭✭dranoel


    Tá an fhírinne nochta faoi dheireadh. Bhínn ag iarraidh míniú ceart le fada ar an tubaiste thall.


  • Closed Accounts Posts: 541 ✭✭✭GaryOR


    Nílim ag magadh faoi seo dála an scéil, creidim go láidir, go fíor-láidir, gur Hector atá taobh thiar dár bhfadhbanna rugbaí fé láthair.

    Creidtear san Iarthar gur mí-ádh sionnach nó cailín rua a fheiceáil sul má théitear amach ar an bhfarraige ag marú iasc. Níl i ndán don iascaire a fheiceanns an sionnach nó an cailín rua ach bás!
    Is amhlaidh an scéal maidir leis an bhfear rua as an Uaimh!
    Droch-chomhartha is ea Hector.
    Ní comhtharlú atá ann


Advertisement