Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie
Hi there,
There is an issue with role permissions that is being worked on at the moment.
If you are having trouble with access or permissions on regional forums please post here to get access: https://www.boards.ie/discussion/2058365403/you-do-not-have-permission-for-that#latest

Ceol beo...

  • 05-11-2007 2:09pm
    #1
    Closed Accounts Posts: 6


    An bhfaca éinne ceolchoirm no banna ceoil thar barr nó uafásach le deanaí? Chonaic mé Bloc Party De Satharn ach do bhí siad thar a bheith leadránach cé go raibh an tacaíocht - Biffy Clyro - sár mhaith! Aon scealta agaibh?


Comments

  • Closed Accounts Posts: 531 ✭✭✭dranoel


    Paddy Casey ag Vicar St. Ar fheabas ar fad.


  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir


    Ní raibh mé ag ceolchoirm cheart le tamall fada anuas, caithfidh mé a rá. Ceolchoirm Billy Joel i bPáirc an Chrócaigh in Iúil 2006 an ceann deireanach ag a raibh mé, más buan mo chuimhne.


  • Moderators, Education Moderators, Music Moderators Posts: 4,436 Mod ✭✭✭✭Suaimhneach


    Bhí mé ag comedy gig seachas gig le cheol beo.
    Bill Bailey, fear den scoth, bain mé an taitneamh as an oiche.


  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir


    Jesjes wrote: »
    Bhí mé ag comedy gig seachas gig le cheol beo.
    Bill Bailey, fear den scoth, bain mé an taitneamh as an oiche.

    Beidh mé féin ag dul chun Dara Ó Briain a fheiceáil Dé Luain, ach b'fhéidir go bhfuilimid ag imeacht ó ábhar an tsnáithe.:o


  • Moderators, Education Moderators, Music Moderators Posts: 4,436 Mod ✭✭✭✭Suaimhneach


    Ní cheapaim go chuirfeadh sé isteach nó amach ar aon duine.

    Táim ag eargú óiche "greann" mar a dearfá faoi láthair. Tá daoine idir dhá intinn chun Tommy Teirnan nó O Briain a fhéicáil. Taitníonn Dara níos mó liom go pearsanta.

    Tá súil agam go mbaineann tú taitneamh as, Múinteoir


  • Advertisement
  • Closed Accounts Posts: 541 ✭✭✭GaryOR


    Ní chuimhin liom an cheolchoirm dheireanach a d'fhreastail mé uirthi leis an fhírinne a rá.
    Ach chuala mé go raibh Bloc Party thar a bheith leadránach i bpáirc an Fhionnuisce.
    Táim ag eargú óiche "greann" mar a dearfá faoi láthair. Tá daoine idir dhá intinn chun Tommy Teirnan nó O Briain a fhéicáil. Taitníonn Dara níos mó liom go pearsanta.

    Dara Ó Briain, leadránach!


  • Moderators, Education Moderators, Music Moderators Posts: 4,436 Mod ✭✭✭✭Suaimhneach


    Bheul, tá Tommy imithe rud beag níos torannach, seachas níos greann. Ach, le Dara tá sé ana cliste agus tá tuiscint maith aige ar na éistóirí.

    Chuala mé an rud chéana faoi Bloc Party. Bhí sé ar siúil i "tent" mór, agus bhí an fuaim agus an leagan amach go húfásach!

    Bhí cara liom ag gig aréir, bain sí an taitneamh ar fad as, ach ní cuimhin liom an ainm, bah!


  • Closed Accounts Posts: 541 ✭✭✭GaryOR


    Jesjes wrote: »
    Bheul, tá Tommy imithe rud beag níos torannach, seachas níos greann. Ach, le Dara tá sé ana cliste agus tá tuiscint maith aige ar na éistóirí.

    Is fíor dhuit go deo faoi Tommy, an iomarca cocáin is dóigh.
    Ach ba chóir dhuit a bheith ag féachaint ar fir is mná grinn níos nuaí ná Dara.

    Chonac Maeve Higgins le déanaí agus bhí sí thar a bheith greannmhar ar fad. Céard faoi Colum McDonnell, Eric Lalor agus Aidan Bishop freisin? ana-fir grinn go deo


  • Moderators, Education Moderators, Music Moderators Posts: 4,436 Mod ✭✭✭✭Suaimhneach


    Freastlíonn mé ar oíche greann anois is arís, le daoine nach bhfuil aon clú nó chaill bainte amach acu. Bíonn oíche iontach ann san Comedy Club san International Bar. Tá an improv thar barr freisin! Tá Eric Lalor ró "torannach, seachas greannmhar" freisin, chun an firinne a rá.

    Níor thaitín Maeve Higgins liom, caithfidh mé a rá, go hairithe i gcomparaid lena lads. Is mór an trua é nach bhfuil mná greann níos... greannmhar againn. Agus is bean mé, so nílim claonta go hiomlán!

    Ar bhfáca sibh http://bebo.com/watch/4678677109 - Des Bishop Léim Thart? Iontach!

    (Mo míle leisthscéal as ucht an thread a athrú, an comhar duinn cheann nua a thosnú?)


  • Closed Accounts Posts: 6 yoyo_naofa


    Oh tá an International ar fheabhas ar fad! D'fhreastail mé ar Andrew Maxwell i Sraid Vicar cúpla seachtain o shin agus bhí sé greannmhar go leor, ach bhí sé ag tabhairt amach faoin Gaeilge agus níor thaithin sin liom!!


  • Advertisement
  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir


    yoyo_naofa wrote: »
    Oh tá an International ar fheabhas ar fad! D'fhreastail mé ar Andrew Maxwell i Sraid Vicar cúpla seachtain o shin agus bhí sé greannmhar go leor, ach bhí sé ag tabhairt amach faoin Gaeilge agus níor thaithin sin liom!!

    Sea, tá tuairimí frith-Ghaelacha léirithe ag Maxwell ar The Panel níos mó ná uair amháin. :mad: Agus bhí Dara Ó Briain ag féachaint go tarcaisneach air an uair dheireanach nuair a bhí sé á rá! (dhá sheachtain ó shin) :D
    Bhí an seó grinn ag The International thar barr an t-aon uair a bhí mé ann, roinnt blianta ó shin.


  • Closed Accounts Posts: 541 ✭✭✭GaryOR


    Jesjes wrote: »
    Níor thaitín Maeve Higgins liom, caithfidh mé a rá, go hairithe i gcomparaid lena lads. Is mór an trua é nach bhfuil mná greann níos... greannmhar againn. Agus is bean mé, so nílim claonta go hiomlán!

    An bhfuil tú ag caint faoina seó nua a rith sí san International le déanaí, ní thuigim conas nár thaitin sí leatsa. Bhí sí ar fheabhas go deo.


  • Moderators, Education Moderators, Music Moderators Posts: 4,436 Mod ✭✭✭✭Suaimhneach


    GaryOR wrote: »
    An bhfuil tú ag caint faoina seó nua a rith sí san International le déanaí, ní thuigim conas nár thaitin sí leatsa. Bhí sí ar fheabhas go deo.
    No, chonaic mé í san ******* an bliain seo caite. Creideann mé sibh, go bhfuil feabhas tar éis teacht uirthí!


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,142 ✭✭✭Karlusss


    Chonaic mé Andrew Bird ar an Sathairn agus Animal Collective ar an Domhnach.

    Seóanna mhaith a bhí iontu, ach bhí an fhlú (hah) ag príomhamhránaí Animal Collective, so ní raibh siad in ann an seit iomlán a sheinnt. Bain me taitneamh as ar aon nós.


  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir


    GaryOR wrote: »
    An bhfuil tú ag caint faoina seó nua a rith sí san International le déanaí, ní thuigim conas nár thaitin sí leatsa. Bhí sí ar fheabhas go deo.

    Naimhdeas na mBan b'fhéidir? ;)


  • Closed Accounts Posts: 541 ✭✭✭GaryOR


    Múinteoir wrote: »
    Naimhdeas na mBan b'fhéidir? ;)

    níl aon b'fhéidir faoi! :D


  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir


    GaryOR wrote: »
    níl aon b'fhéidir faoi! :D


    cats_fighting_102006.jpg

    ;)


Advertisement