Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie
Hi there,
There is an issue with role permissions that is being worked on at the moment.
If you are having trouble with access or permissions on regional forums please post here to get access: https://www.boards.ie/discussion/2058365403/you-do-not-have-permission-for-that#latest

Cláir TG4

  • 28-11-2007 3:50pm
    #1
    Closed Accounts Posts: 531 ✭✭✭

    Beidh sraith eile No Béarla ag teacht. De réir Lá Nua tá na léiritheoirí ag maíomh go mbeidh dearcadh difriúil, níos báúil, don Ghaeilge feiceálach sa tsraith seo.

Comments

  • Closed Accounts Posts: 541 ✭✭✭GaryOR

    dranoel wrote: »
    Beidh sraith eile No Béarla ag teacht. De réir Lá Nua tá na léiritheoirí ag maíomh go mbeidh dearcadh difriúil, níos báúil, don Ghaeilge feiceálach sa tsraith seo.

    Bheadh suim agam sa gclár seo go cinnte. Is breá liom an chaoi a mbain siad úsáid as hipneois chun daoiní a chur ar a suaimhneas i leith na Gaeilge.

    An bhfaca éinne eile an clár "Pósadh Slí Eile" ar TG4 le déanaí?

  • Closed Accounts Posts: 531 ✭✭✭dranoel

    GaryOR wrote: »
    Bheadh suim agam sa gclár seo go cinnte. Is breá liom an chaoi a mbain siad úsáid as hipneois chun daoiní a chur ar a suaimhneas i leith na Gaeilge.

    Aontaím leat, tá Gaeilge faoi gcraiceann gach éinne tar éis trí bliana déag de staidéar.
    An bhfaca éinne eile an clár "Pósadh Slí Eile" ar TG4 le déanaí?

    Bhí sé ar intinn agam feiceáil air ach chaill mé é. Chuir sé iontas orm go raibh siad in ann sraith mar seo a dhéanamh mar tá srianta ar an chaoi ina féidir leat pósadh sa tír seo. Ní féidir leat pósadh dlíthiúil a fháil sa tír seo ach amháin in eaglais nó clárlann. Níl aon rogha eile, sin a bhfuil ann. Ní féidir pósadh ar barr sléibhe nó fo-thoinn nó a leithéid más mian leat. Má tá searmanas dá leithéid agat caithfidh tú dul go dtí eaglais nó clárlann chun pósta dlíthiúil a dhéanamh de. Cén sórt bainis a bhí ar an tsraith go dtí seo?

    Beidh sraith nua Daithí ar Route 66 at tosú ag 9:30 anocht. An mbeidh an clár seo cac nó cáca milis? Níl a fhios agam. Bhí deis agam Mustang a fháil ar cíos nuair a bhí mé i Meiriceá i rith an tsamhraidh ach dúirt mo chailín liom go raibh sé róchostasach agus faraor d’éist mé léi. :(

  • Closed Accounts Posts: 6 Faoiseamh

    Níor fhéach mé ar TG4 faoi tamall, ach Chonaic mé No Béarla ar YouTube, agus ba mhaith liom é a fhéachaint ar sraith nua. Léigh mé anuraidh gur cuireadh Mancháin (nílim láncinnte faoina ainm - ceartaigh mise má táim mícheart) as teach phobail de bhrí go raibh sé ag labhairt Gaeilge agus é ag cur isteach ar na daoine eile ann. Tá súil agam nach dtarlódh sé in aon áit eile.

  • Closed Accounts Posts: 531 ✭✭✭dranoel

    Manchán is dóigh liom. Déanta na fírinne, níor thaitin an chéad sraith liom agus fuair sé cáineadh géar ó lán daoine. Bhí Manchán ag iarraidh pointe a dhéanamh, sin é nach raibh aon Ghaeilge sa tír. Níor thug sé deis ceart do dhaoine a léiriú an méid Gaeilge a bhí acu mar d'ionsaigh sé gach duine lena canúint go fíochmhar go mímhúinte. Agus nuair a bhuail sé le daoine go raibh Gaeilge acu, rinne sé a dhícheall chun cruthú nach raibh caighdeán maith acu. Bhí iontas orm nuair a chuala mé go mbeadh dara sraith ach is dócha go raibh scór féachana maith ag an gcéad sraith.

  • Closed Accounts Posts: 541 ✭✭✭GaryOR

    Beidh sraith nua Daithí ar Route 66 at tosú ag 9:30 anocht. An mbeidh an clár seo cac nó cáca milis? Níl a fhios agam.

    Tá acmhainn grinn ag Dáithí, nó "Dotty" mar a thug an óinseach sin a bhí ar Big Brother air.
    Ach is léir nach bhfuil aon Ghaeilge ag an bhfoireann atá ag taisteal leis sna stáit. Bíonn sé ag caint i mBéarla leob i gcónaí.
    Is mór an truaí é nach bhfuil níos mó cainteoirí Gaeilge ag oibriú thaobh thiar den gceamara!
    Bhí deis agam Mustang a fháil ar cíos nuair a bhí mé i Meiriceá i rith an tsamhraidh ach dúirt mo chailín liom go raibh sé róchostasach agus faraor d’éist mé léi

    á, mná! Chaill tú as go mór mór..... tá cuma iontach galánta ar an Mhustang.

  • Advertisement
  • Closed Accounts Posts: 531 ✭✭✭dranoel

    GaryOR wrote: »
    Is mór an truaí é nach bhfuil níos mó cainteoirí Gaeilge ag oibriú thaobh thiar den gceamara!

    Chríochnaigh sé an seó le 'that's b#ll#cks' agus bhí mé ag smaoineamh an rud díreach céanna.

  • Closed Accounts Posts: 541 ✭✭✭GaryOR

    dranoel wrote: »
    Chríochnaigh sé an seó le 'that's b#ll#cks' agus bhí mé ag smaoineamh an rud díreach céanna.

    'Sea, tuige go raibh sé sin curtha ann.
    "Do I have to say this, thats sh*t thats sh*te like" nach bhfuil focal nó dhó ag na hamadáin thaobh thiar den gceamara fiú amháin.

    Casadh mé le fear i bpub eicínt i mBleá Cliath oíche amháin, cara de chuid mo chara ab ea é. Bhí sé ag oibriú le TG4 adeir sé.. ó iontach adeirim, agus labhraím as Gaeilge ansin, ag ceapadh go mbeadh sé in ann, ós rud é go bhfuil sé ag obair do TG FRIGGIN 4.
    Níl Gaelic dá laghad agamsa adeir sé!
    Ó, adeirim, agus díomá an domhain orm.

  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir

    GaryOR wrote: »
    Tá acmhainn grinn ag Dáithí, nó "Dotty" mar a thug an óinseach sin a bhí ar Big Brother air.

    Cén bhaint a bhí aige le Big Brother? :confused:

  • Closed Accounts Posts: 531 ✭✭✭dranoel

    Múinteoir wrote: »
    Cén bhaint a bhí aige le Big Brother? :confused:

    Cineál Big Brother a bhí ann agus b'fhéidir an clár Gaeilge is measa riamh - Ní Gaeilgeoir mé. Ní fhaca mé ach píosa beag de, mar ní raibh an teacht aniar ionam féachaint ar níos mó ná sin. Caithfidh go bhfuil GaryOR ag déanamh tagairt do Ghavin Lambe-Murphy?

  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir

    dranoel wrote: »
    Cineál Big Brother a bhí ann agus b'fhéidir an clár Gaeilge is measa riamh - Ní Gaeilgeoir mé. Ní fhaca mé ach píosa beag de, mar ní raibh an teacht aniar ionam féachaint ar níos mó ná sin. Caithfidh go bhfuil GaryOR ag déanamh tagairt do Ghavin Lambe-Murphy?

    Ní raibh baint dá laghad ag Dáithí Ó Sé le Ní Gaeilgeoir Mé, go bhfios dom. An é an dúshlán sin a bhí ar siúl aige i gConamara don Telethon a bhí ag gceist, nuair a tugadh 'Dotty' air?

  • Advertisement
  • Closed Accounts Posts: 541 ✭✭✭GaryOR

    Múinteoir wrote: »
    Ní raibh baint dá laghad ag Dáithí Ó Sé le Ní Gaeilgeoir Mé, go bhfios dom. An é an dúshlán sin a bhí ar siúl aige i gConamara don Telethon a bhí ag gceist, nuair a tugadh 'Dotty' air?

    Sin atá i gceist agam, an Telethon. Bhí an láithreoir, Anne Nolan, a bhí bainteach le Big Brother cúpla bhliain ó shion.
    Thugadh sí "Dotty" ar Dáithí

  • Closed Accounts Posts: 531 ✭✭✭dranoel

    Fuair mé amach le déanaí go bhfuil fotheidil Gaeilge le fáil do Ros Na Rún. Nuair a bhíonn an clár ar siúl, cuir suas an teilithéacs agus roghnaigh leathanach 888. Faoi dheireadh thiar is féidir liom Séamus a thuiscint!

  • Closed Accounts Posts: 541 ✭✭✭GaryOR

    dranoel wrote: »
    Fuair mé amach le déanaí go bhfuil fotheidil Gaeilge le fáil do Ros Na Rún. Nuair a bhíonn an clár ar siúl, cuir suas an teilithéacs agus roghnaigh leathanach 888. Faoi dheireadh thiar is féidir liom Séamus a thuiscint!

    Chuala mé é seo i bhfad ó shion ach ní oibríonn sé dhomsa ariamh.
    Séamus, 'sea a mhac ní bhíonn mórán tuairim agam céard sa deabhal atá á rá aige.

  • Closed Accounts Posts: 531 ✭✭✭dranoel

    GaryOR wrote: »
    Chuala mé é seo i bhfad ó shion ach ní oibríonn sé dhomsa ariamh.
    Séamus, 'sea a mhac ní bhíonn mórán tuairim agam céard sa deabhal atá á rá
    aige.

    D'oibrigh sé domsa aréir. Caithfidh tú fanacht go dtosaíonn an clár nó ní fheicfidh tú aon rud ar an scáileán. Is fiú é triail a bhaint as arís.

  • Closed Accounts Posts: 531 ✭✭✭dranoel

    Is féidir leat fotheidil Gaeilge a fháil do Shouthpark freisin sa dóigh chéanna.

  • Closed Accounts Posts: 541 ✭✭✭GaryOR

    Beidh clár nua ag tosnú go luath, "Seacht" atá air.

  • Closed Accounts Posts: 531 ✭✭✭dranoel

    GaryOR wrote: »
    Beidh clár nua ag tosnú go luath, "Seacht" atá air.

    Cén sórt cláir atá ann?

  • Closed Accounts Posts: 541 ✭✭✭GaryOR

    dranoel wrote: »
    Cén sórt cláir atá ann?

    Clár gnéis feictear domsa, beidh na mná ag sissoráil* ón méid feicthe agamsa ar aon chaoi..

    *sin an nós ag na leispiaigh!! "scissoring" agus iad i mbun caidreamh collaí!
    d'fhoghlaim mé sin as South Park!

  • Closed Accounts Posts: 531 ✭✭✭dranoel

    GaryOR wrote: »
    Clár gnéis feictear domsa, beidh na mná ag sissoráil* ón méid feicthe agamsa ar aon chaoi..

    *sin an nós ag na leispiaigh!! "scissoring" agus iad i mbun caidreamh collaí!
    d'fhoghlaim mé sin as South Park!

    Ar deireadh thall, rud éigin suimiúil ar TG4! Bail ó Dhia ort a GharyOr agus Southpark!

  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir

    GaryOR wrote: »

    *sin an nós ag na leispiaigh!! "scissoring" agus iad i mbun caidreamh collaí!
    d'fhoghlaim mé sin as South Park!

    "Déan mé a shiosúráil a Xerxes!"

    scissor-me-xerxes.jpg

    Beidh mé ag súil go mór leis an eagrán sin as Gaeilge. :D Cén tsraith atá bainte amach acu ar TG4 faoin am seo?

  • Advertisement
  • Closed Accounts Posts: 541 ✭✭✭GaryOR

    Múinteoir wrote: »

    "Déan mé a shiosúráil a Xerxes!"

    scissor-me-xerxes.jpg

    Beidh mé ag súil go mór leis an eagrán sin as Gaeilge. :D Cén tsraith atá bainte amach acu ar TG4 faoin am seo?

    :D goa, b'shin é go díreach é.. táim ag súil go mór leis an gclár sin ag 6:30 ar TG4 amach anseo.
    Ach inné bhí An tUasal Hankaí agus a chuid ceoil Nollaig ann, sílim go bhfuilimid i bhfad óna cláracha nua go fóillín.

    An raibh Seacht feicthe ag éinne eile aréir dála an scéil?
    Cheap mé go raibh sé ana-mhaith ó thaobh chuile ghné de. Aisteoireacht, conspóid, scannánaíocht, scéal 7rl 7rl chuaigh sé i bhfeidhm orm.

    Ansin...... chonac an clár is nuaí ar RTÉ a 2, "The Roaring Twenties" nó rud eicínt mar sin...caithfidh mé a rá, má cheap mé go raibh Seacht thar bharr, tar éis dom an tseafóid sin ar RTÉ a fheiceáil cheap mé gurb Seacht an clár is fearr ar an domhan é.
    Bhí an rud uafásach sin ar RTÉ chomh focain dona sin go molfainn é do chuile dhuine. Breathnaígí air, agus ní íocfaidh sibh bhur gceadúnas teilifíse ariamh aríst.

    Chonaic mise Roaring Twenties chomh maith agus bhí sé go hainnis. Bhí an aisteoireacht go hiomlán thar fóir.:mad: Níl Seacht feicthe agam go fóill.

  • Closed Accounts Posts: 541 ✭✭✭GaryOR

    Goile,[url=http://www.boards.ie/vbulletin/showthread.php?t=2055212180
    ]féach ar seo[/url] tá mo dhuine a chruthaigh Roaring Twenties ag iarraidh é a chosaint.

  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir

    GaryOR wrote: »
    Goile,[url=http://www.boards.ie/vbulletin/showthread.php?t=2055212180
    ]féach ar seo[/url] tá mo dhuine a chruthaigh Roaring Twenties ag iarraidh é a chosaint.

    An é an duine an thosaigh an snáithe? Níl fonn orm iomlán an 11 leathanach a léamh.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire

    Múinteoir wrote: »
    An é an duine an thosaigh an snáithe? Níl fonn orm iomlán an 11 leathanach a léamh.

    "Mr Stubbs" is ea an t-ainm atá ar mo dhuine a rinne an clár.

    (Seo m'ainm nua dála an scéil, Tá GaryOR imithe anois)

  • Closed Accounts Posts: 531 ✭✭✭dranoel

    Stollaire wrote: »
    (Seo m'ainm nua dála an scéil, Tá GaryOR imithe anois)

    Is maith liom d'ainm nua! Tá sé ar intinn agam m'ainm a athrú le fada. Táim ag úsáid Poll Dubh in áiteanna eile.

  • Closed Accounts Posts: 531 ✭✭✭dranoel

    Tá gach rud i Seacht – gnéas, drugaí, greann agus an chailín ghaelach is ansa liom faoi láthair – Linda Breathnach

    Linda_168309t.jpg

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire

    Ní féidir liom TG4 a chuir ar an teilifís na laethanta seo gan í a fheiceáil. Nílim ag gearáin dála an scéil.

    An raibh Hector san UK feicthe ag aoinne ?

  • Closed Accounts Posts: 531 ✭✭✭dranoel

    Stollaire wrote: »
    Ní féidir liom TG4 a chuir ar an teilifís na laethanta seo gan í a fheiceáil. Nílim ag gearáin dála an scéil.

    Má tá tú in ann níos mó a ghlacadh tá tuilleadh di ar an bhfíseán seo ag caint faoina carachtar i Seacht.
    Stollaire wrote: »
    An raibh Hector san UK feicthe ag aoinne ?
    B'fhéidir go bhfuil na tíortha go léir ina bhfuil an ghrian ag taitneamh feicthe ag Hector faoin am seo mar ní dóigh liom go mbeadh sé ag cur suas leis an mbáisteach in Alban dá mbeadh tír deas te níos giorra don mheánchiorcal le feiceáil fós aige. Ar aon nós, bhí an bocánach rua i mbun a ghnáth-pleidhcíocht ag taispeáint céard a bhí faoina fhéileadh beag srl. ach buíochas le Dia, ní raibh ar an lucht féachana breathnú ar a bhruis dheargrua.

  • Advertisement
  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir

    dranoel wrote: »
    Má tá tú in ann níos mó a ghlacadh tá tuilleadh di ar an bhfíseán seo ag caint faoina carachtar i Seacht.

    Nach bhfuil sé iontach suimiúil go mbíonn gach carachtar mná 'láidir' ar an teilifís, dar leis an mban-aisteoir atá sa pháirt :rolleyes:. Ní deir an ban-aisteoir riamh, "Ó is óinseach cheart gan doimhneacht ar bith í mo charachtar!". :D

  • Closed Accounts Posts: 531 ✭✭✭dranoel

    Múinteoir wrote: »
    Nach bhfuil sé iontach suimiúil go mbíonn gach carachtar mná 'láidir' ar an teilifís, dar leis an mban-aisteoir atá sa pháirt :rolleyes:. Ní deir an ban-aisteoir riamh, "Ó is óinseach cheart gan doimhneacht ar bith í mo charachtar!". :D

    Ha! Tá an fhírinne agat! Nílimid ag déileáil anseo le Sigourney Weaver i nGoraillí sa Cheo nó a leithéid.

    Tá próifílí ar an seachtar ar fáil anseo.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire

    Is aoibhinn liom seacht... Gaeilge nua aoise atá ann, faoi ábhar saghas as an gnáth

    Ach an quote is fearr a cuala mé ar TG4 ná ó South Park:

    "Póg ár thóiníní Rómáineacha"

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,142 ✭✭✭Karlusss

    Is breá liomsa na tagairti beaga atá i South Park. "A pháisti, brostaigi, tá Ros na Run ar siul direach anois!"

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire

    dranoel wrote: »
    Tá gach rud i Seacht – gnéas, drugaí, greann agus an chailín ghaelach is ansa liom faoi láthair – Linda Breathnach

    Linda_168309t.jpg

    Tá ceithre ghrianghraf de Linda Breathnach
    i Lá Nua inniu tríd an nuachtán! :eek:

  • Closed Accounts Posts: 531 ✭✭✭dranoel

    Stollaire wrote: »
    Tá ceithre ghrianghraf de Linda Breathnach
    i Lá Nua inniu tríd an nuachtán! :eek:

    Is trua é nach raibh níos mó ann!

  • Advertisement
  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 18,503 ✭✭✭✭Also Starring LeVar Burton

    Is aoibhinn liom Seacht. Clár ab fhearr ar an scáileán bheag.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire

    Shroich muid an clár "Scott Tenorman Must Die" i South Park.
    Ana-ghreannmhar go deo, ach bhí roinnt eagarthóireachta déanta air chun na radhairc leis an gcapaill ag dúil cairéad... má thuigeann sibh leat mé!!

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh

    Buíoch le South Park níl seans ar bith go bhfaighidh mé bónas mór ó mo bhainisteoir i mbliana mar ní fhanaim ag obair go déanach níos mó, bím i gcónaí ag brostú abhaile chun é a fheiceáil.

  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir

    Stollaire wrote: »
    Shroich muid an clár "Scott Tenorman Must Die" i South Park.
    Ana-ghreannmhar go deo, ach bhí roinnt eagarthóireachta déanta air chun na radhairc leis an gcapaill ag dúil cairéad... má thuigeann sibh leat mé!!

    Bhí ag capall ag dúil le cairéad nó ag dl ar chairéad? ;) (Is breá liom a bheith ag súgradh le focail na Gaeilge!)

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire

    Múinteoir wrote: »
    Bhí ag capall ag dúil le cairéad nó ag dl ar chairéad? ;) (Is breá liom a bheith ag súgradh le focail na Gaeilge!)

    diúl ar chairéad a bhí i gceist!

  • Advertisement
Advertisement