Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie
Hi all! We have been experiencing an issue on site where threads have been missing the latest postings. The platform host Vanilla are working on this issue. A workaround that has been used by some is to navigate back from 1 to 10+ pages to re-sync the thread and this will then show the latest posts. Thanks, Mike.
Hi there,
There is an issue with role permissions that is being worked on at the moment.
If you are having trouble with access or permissions on regional forums please post here to get access: https://www.boards.ie/discussion/2058365403/you-do-not-have-permission-for-that#latest

Des Bishop

  • 03-12-2007 12:07pm
    #1
    Closed Accounts Posts: 541 ✭✭✭

    A Fheara is a Mhná , chuala mé mo dhuine, an fear grinn Des Mac Giolla Easpaig ar agallamh ar an gclár i-Chlub Dé hAoine a d'imigh tharainn. Agus tar éis 8 Mí is féidir leis Gaeilge bhreá bhlasta líofa a labhairt gan stró dá laghad. 8 Mí, in ainm Dé!

    Mholfainn dhaoibh an clár sin a íoslódáil le haghaidh an agallaimh sin amháin, chun blas a fháil ar Ghaeilge bhlasta Mhic Ghiolla Easpaig.

«13

Comments

  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir

    GaryOR wrote: »

    Cén stáisiún é sin?

  • Closed Accounts Posts: 531 ✭✭✭dranoel

    Cé nach bhfuil duine cotúil é Des, is dochreidte cé chomh compordach is a bhí sé ag labhairt i nGaeilge ar an raidió. Cruthaíonn sé go bhféidir le haon duine Gaeilge a fhoghlaim.

  • Closed Accounts Posts: 541 ✭✭✭GaryOR

    Múinteoir wrote: »
    Cén stáisiún é sin?

    RnaG

    Táim beagáinín ró-shean a bheith ag éisteach leis an i-Club, ach craoltar é is mé ag tiomáint abhaile. 'Sé sin mo leithscéal ar aon chuma.

    Faríor, níl an clár áirid sin ar an idirlíon go fóillín, ach beidh sé suas go luath déarfhainn.
    Tá Des ag déanamh seó ghrinn, as Gaeilge a bheag nó a mhór, sna Gaeltachtaí ar fad timpeall na tíre fé láthair. Sílim go mbeidh na seónnaí taispeánta ar a chlár nua i mí na Márta seo chugainn.

  • Closed Accounts Posts: 531 ✭✭✭dranoel

    Múinteoir wrote: »
    Cén stáisiún é sin?

    RNAG

  • Closed Accounts Posts: 541 ✭✭✭GaryOR

    dranoel wrote: »
    Cé nach bhfuil duine cotúil é Des, is dochreidte cé chomh compordach is a bhí sé ag labhairt i nGaeilge ar an raidió. Cruthaíonn sé go bhféidir le haon duine Gaeilge a fhoghlaim.

    Cruthaíonn, cinnte.

    Ar chuala tú é?

  • Advertisement
  • Closed Accounts Posts: 531 ✭✭✭dranoel

    Chuala, agus tá mé ró shean freisin! Is trua nach bhfuil siad in ann pop-ceol ceart a chraoladh ar an seó don aos óg.

  • Moderators, Education Moderators, Music Moderators Posts: 4,436 Mod ✭✭✭✭Suaimhneach

    An bhfuil sé suas ar RnaG go fóil?

  • Closed Accounts Posts: 531 ✭✭✭dranoel

    Jesjes wrote: »
    An bhfuil sé suas ar RnaG go fóil?

    Ní cheapaim go gcuirfidh siad suas é, ní fhaca mé i-club ar an suíomh roimhe seo.

    Athrú: Déan neamhaird de seo - Tabharfaidh leat an nasc ag GaryOR thuas go díreach chuig leathanach I-club ag RnaG.:o (Ach fós níl an t-eagrán Des Bishop suas fós)

  • Closed Accounts Posts: 615 ✭✭✭walt0r

    Is maith liom Des. Buail me le cúpla times.

  • Closed Accounts Posts: 531 ✭✭✭dranoel

    GaryOR wrote: »
    Tá Des ag déanamh seó ghrinn, as Gaeilge a bheag nó a mhór, sna Gaeltachtaí ar fad timpeall na tíre fé láthair.

    An bhfuil eolas ag éinne faoi na gigeanna seo? Ba bhreá liom ceann a fheiceáil beo. Níl faic le fáil ar a suíomh fúthu.

  • Advertisement
  • Closed Accounts Posts: 541 ✭✭✭GaryOR

    dranoel wrote: »
    An bhfuil eolas ag éinne faoi na gigeanna seo? Ba bhreá liom ceann a fheiceáil beo. Níl faic le fáil ar a suíomh fúthu.

    Beidh sé sa gCultúrlann i mBéal Feirste Dé Sathairn seo chugainn, agus i Ráth Cairn na Mí ina dhiaidh sin, chomh fada agus is eol dhom.

    Níl mórán deifre ar lucht i-Club an clár áirid sin a chuir suas ar a shuíomh!

  • Closed Accounts Posts: 531 ✭✭✭dranoel

    Béal Feirste, suimiúil. Turas fada dom ach bhínn ag smaoineamh ar cuairt a thabhairt go dtí an cultúrlann le fada. Ní fheadar an bhfuil aon ticéad fágtha?

  • Closed Accounts Posts: 531 ✭✭✭dranoel

    GaryOR wrote: »
    Níl mórán deifre ar lucht i-Club an clár áirid sin a chuir suas ar a shuíomh!

    Sheol mé téacs chuig 51553 chun iad a ghríosú:

    "Aon sheans go ndéanfaidís nuashonrú ar bhur leathanach idirlín I-Club ar rnag.ie? Níl an t-eagrán deireanach le Des Bishop ann."

  • Closed Accounts Posts: 541 ✭✭✭GaryOR

    dranoel wrote: »
    Béal Feirste, suimiúil. Turas fada dom ach bhínn ag smaoineamh ar cuairt a thabhairt go dtí an cultúrlann le fada. Ní fheadar an bhfuil aon ticéad fágtha?

    Chuile sheans go bhfuil.

  • Closed Accounts Posts: 531 ✭✭✭dranoel

    Beidh mé ag dul ó thuaidh! Chuir mé ticéad ar áirithint leis an gCultúrlann (048) 90964180. Má tá éinne ag lorg síob ó Mhaigh Eo nó máguaird gabh i dteagmháil liom.

  • Closed Accounts Posts: 615 ✭✭✭walt0r

    Tá sé go h-iontach. Is maith liom Des.

  • Closed Accounts Posts: 541 ✭✭✭GaryOR

    dranoel wrote: »
    Beidh mé ag dul ó thuaidh! Chuir mé ticéad ar áirithint leis an gCultúrlann (048) 90964180. Má tá éinne ag lorg síob ó Mhaigh Eo nó máguaird gabh i dteagmháil liom.

    Conas a d'éirigh leat ag an seó? Aon tuairisc agat?

  • Closed Accounts Posts: 541 ✭✭✭GaryOR

    Beidh Deasún Mac Giolla Easpaig ar Ros na Rún de réir dealraimh.
    B'in a dúirt Rónán Mac Aodha Bhuí ar RnaG inniu

    Untitled+2.jpg

    Tá an clár ón i-club suas ar an suíomh dála an scéil.

  • Closed Accounts Posts: 531 ✭✭✭dranoel

    GaryOR wrote: »
    Conas a d'éirigh leat ag an seó? Aon tuairisc agat?

    Oíche an-éagsúil - seó grinn as Gaeilge ar Bhóthar na bhFál. Ba fhiú é an turas fada mar bhí a lán Gaeilge sa seó agus beagnach gach duine sa lucht féachana in ann í a thuiscint. Rinneadh taifeadadh le haghaidh a shraith theilifíse nua a bheas ag teacht amach i Márta "In the Name of the Fada".

    Tá slí bheatha rathúil forbartha ag Des dó féin ag déanamh ábhacht ar nósanna muintir na tíre seo ach déanann sé an magadh ar chuma nach bhfuil maslach. Leanann an seó an fhoirmle chéanna agus é ag déanamh cur síos ar na naoi mí a chaith sé go dtí seo ag foghlaim an teanga. Baineann na scéalta grinn leis an dteanga féin, a dheacrachtaí á fhuaimniú agus meon muintir na hÉirinn i leith an teanga. Tá mé ag tnúth go mór leis an sraith theilifíse anois.:)

  • Closed Accounts Posts: 531 ✭✭✭dranoel

    GaryOR wrote: »

    Tá an clár ón i-club suas ar an suíomh dála an scéil.

    Cén áit? Níl mise in ann teacht air.:confused:

  • Advertisement
  • Closed Accounts Posts: 541 ✭✭✭GaryOR

    dranoel wrote: »
    Cén áit? Níl mise in ann teacht air.:confused:

    Ar shuíomh s'acu:

    http://www.rte.ie/rnag/iclub.html

    tx 231107

  • Closed Accounts Posts: 531 ✭✭✭dranoel

    GaryOR wrote: »
    tx 231107

    An dáta mícheart, a mhac :(, bhí sé ar an seó 30/12/07. Féach ar dáta do chéad phost.

  • Closed Accounts Posts: 541 ✭✭✭GaryOR

    dranoel wrote: »
    An dáta mícheart, a mhac :(, bhí sé ar an seó 30/12/07. Féach ar dáta do chéad phost.

    ó, feicim, ómó go deo ach níl fhios agam céard sa deabhal atá ag dhul ar aghaidh leob agus an clár áirid sin.

  • Closed Accounts Posts: 541 ✭✭✭GaryOR

    bhuel an bhfaca éinne é ar Ros na Rún aréir?

  • Closed Accounts Posts: 531 ✭✭✭dranoel

    GaryOR wrote: »
    bhuel an bhfaca éinne é ar Ros na Rún aréir?

    Chonaic, ach bhí sé imithe le prapadh na súl.

  • Closed Accounts Posts: 541 ✭✭✭GaryOR

    dranoel wrote: »
    Chonaic, ach bhí sé imithe le prapadh na súl.

    is fíor dhuit, bhíos ag súil le líne nó dhó breise ar a laghad, ach gan amhras beidh an radharc sin ina chlár nua "in the name of the fada " a bheas ar RTÉ san Earrach

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 5,297 ✭✭✭Ron DMC

    http://www.youtube.com/watch?v=texAVU4a3bk

    Leimigi thart le Des Bishop - beo ag Oireachtas na Samhna na bliana seo caite.

  • Closed Accounts Posts: 2 Des Bishop

    http://www.youtube.com/watch?v=texAVU4a3bk

    Leimigi thart le Des Bishop - beo ag Oireachtas na Samhna na bliana seo caite.

    Ní féidir faic a chloisteáil i gceart ón bhfíseán sin

  • Moderators, Education Moderators, Music Moderators Posts: 4,436 Mod ✭✭✭✭Suaimhneach

    Lol, howaya Des. An bhfuil tú go maith?

    Nach bhfuil cóip níos fear agat?

  • Advertisement
  • Closed Accounts Posts: 531 ✭✭✭dranoel

    Des Bishop wrote: »
    Ní féidir faic a chloisteáil i gceart ón bhfíseán sin

    Fad is atá tú anseo a Dhes, tá cnámh spairne agam leat. Chláraigh mé le d'fóram b'fhéidir mí ó shín agus tá mé fós ag feitheamh le húdarú!

  • Closed Accounts Posts: 2 Des Bishop

    Jesjes wrote: »
    Lol, howaya Des. An bhfuil tú go maith?

    Táim an-mhaith ar fad a mhac gura maith agat
    Nach bhfuil cóip níos fear agat?

    Níl aon rud agamsa ach beidh le feiceáil san earrach is dóigh
    Fad is atá tú anseo a Dhes, tá cnámh spairne agam leat. Chláraigh mé le d'fóram b'fhéidir mí ó shín agus tá mé fós ag feitheamh le húdarú!

    Go hifreann leis an suíomh sin, go hifreann leis na hamadáin air freisin. tá an craic go léir anseo ar Tigh na nGealt

  • Closed Accounts Posts: 531 ✭✭✭dranoel

    Des Bishop wrote: »
    Go hifreann leis an suíomh sin, go hifreann leis na hamadáin air freisin. tá an craic go léir anseo ar Tigh na nGealt

    Maith thú, tá an ceart agat, níl aon áit níos fearr ná Teach na nGealt. Tá do chumas i nGaeilge dochreidte agus an drochíde do do lucht leanúna féin níos dochreidte fós.:rolleyes:

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh

    Tosóidh "In the Name of the Fada" ar an teilí ar 13ú Márta. An mbeidh aon duine eile ag féachaint air? Tá alt faoi ar Beo.ie.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire

  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir

    Stollaire wrote: »

    Hmmm, ní maith liom moladh thar fóir dá leithéid. Tá Bishop á léiriú aige mar Mheisias na Gaeilge. Bhí na moltaí móra céanna á ndéanamh ar Hector cúpla bliain ó shin. D'éirigh siad chomh maoithneach agus áiféiseach sin, go ndearnadh 'Ar Son na Cúise' magadh faoi agus iad ag léiriú pictiúir de Hector mar 'Slánaitheori na Gaeilge', le córóin ar a cheann agus é ina shuí ar ríchathaoir le daoine éagsúla ó shaol na Gaeilge ina thimpeall mar shearbhóntaí umhla.

    Agus ar ndóigh bhí na daoine ann a bhí ag súil leis go ndéanfadh críonnacht bhréagach David MacWilliams athrú mór ar chás na teanga chomh maith. :rolleyes:

    Molaimse iarrachtaí Des chun an Ghaeilge a fhoghlaim agus a chur chun cinn go mór, ach tá an rud céanna ar siúl ag na mílte daoine ar fud na tíre (agus ar fud an domhain) agus is iad siúd is mó atá freagrach as an mborradh mór atá ag teacht ar staid na teanga.

    Ach beidh mé ag féachaint ar a chlár nua agus mé ag tnúth leis.

  • Advertisement
  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire

    A Deasúin chóir nach fann brí
    i ngreann eolaí na n-ard-ndraoi
    ba.......

    Hmmm, ní maith liom moladh thar fóir dá leithéid. Tá Bishop á léiriú aige mar Mheisias na Gaeilge

    Hmmmm freisin, tagaim leatsa.
    Cuirfidh mé mo phíosa filíochta seafóideacha sa mbruscar mar sin.

  • Closed Accounts Posts: 636 ✭✭✭conor2007

    ach ta des an greannmhar

    chonaic me des nuair a bhi se sa c.na.ho.b.a.c (ucd)

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,085 ✭✭✭wow sierra

    Beidh Des i Vicar Street amárach in éineacht le John Spillane agus Slide. Táim ag dul ann agus ag tnuth go mór leis.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh

    Stollaire wrote: »
    Hmmmm freisin, tagaim leatsa.
    Cuirfidh mé mo phíosa filíochta seafóideacha sa mbruscar mar sin.

    Fan go bhfeicimid cad a ndéanfaidh sé tar éis an sraith - an ndéanfaidh sé dearmad ar an nGaeilge nuair a bheidh tógra eile nua ar bun aige. Tóg do fhilíocht amach as an mbosca bruscair go dtí sin.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 5,297 ✭✭✭Ron DMC

    Poll Dubh wrote: »
    Fan go bhfeicimid cad a ndéanfaidh sé tar éis an sraith - an ndéanfaidh sé dearmad ar an nGaeilge nuair a bheidh tógra eile nua ar bun aige.

    Deir sé go bhfuil sé ar intinn aige gig nó dhó a dhéanamh trí Ghaeilge ó am go ham. B'fhéidir nach mbeidh an oiread céanna éileamh ann, ach ba mhaith leis ionadaí bheaga a dhéanamh, Coláistí, Club Sult 7rl seachas Vicar Street nó an *******.

  • Advertisement
  • Closed Accounts Posts: 121 ✭✭Patrickisperfec

    cad a gceap daoine faoi a gig i Vicar Street??

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,878 ✭✭✭arse..biscuits

    Níor chuala mé an mead duine sin ag caint as Gaeilge riamh. Bhí sé ar thar barr. Ni ceapaim go bhfuil Des greannmhar ar cur a bith ach ta Gaeilge an mhaith aige.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire

    Seoid cheart eile is ea an clár seo ó Mac Giolla Easpaig.

    Níl aon amhras ach is fear paiseanta agus spreagtha é, agus greannmhar. Bhí sé suimiúil le feiceáil an t-athrú agus an feabhas ag teacht ar a chuid Gaeilge, fiú le linn an gcláir seo amháin.
    Bhur mbarúil?

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 5,297 ✭✭✭Ron DMC

    Is trua nach ndeachaigh mé ar deireadh. Samhlóinn go raibh craic mhaith ann.
    Tá muid ag dul go dtí conradh na gaeilge amarach.

    Cífidh mé ann thú.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire

    Tá muid ag dul go dtí conradh na gaeilge amarach

    Cad a bhíonn ar siúl sa gConradh Dé Sathairn?

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,142 ✭✭✭Karlusss

    Bhí oiche na mic léinn curtha ar ceall an seachtain seo toisc go bhfuil CnaT ar saoire. Bhí fear liath le feasóg ag gearán faoi. Is maith liom an fear sin. Bhí sé ag gearán faoi gach rud.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 5,297 ✭✭✭Ron DMC

    Karlusss wrote: »
    Bhí oiche na mic léinn curtha ar ceall an seachtain seo toisc go bhfuil CnaT ar saoire. Bhí fear liath le feasóg ag gearán faoi. Is maith liom an fear sin. Bhí sé ag gearán faoi gach rud.

    Agus is aoibhinn leis a bheith ag breathnú ar Ros na Rún.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh

    Stollaire wrote: »
    Seoid cheart eile is ea an clár seo ó Mac Giolla Easpaig.

    Níl aon amhras ach is fear paiseanta agus spreagtha é, agus greannmhar. Bhí sé suimiúil le feiceáil an t-athrú agus an feabhas ag teacht ar a chuid Gaeilge, fiú le linn an gcláir seo amháin.
    Bhur mbarúil?

    Cé go raibh na scéalta grinn go léir cloiste cheanna agam féin ag a sheó i mBéal Feirste bhain mé an taitneamh as an gclár agus tá mé ag tnúth le na cinn eile chun a fhorbairt a leanúint. Bhí mé ag éisteacht leis freisin ar Tubridy ar maidin agus tá tuiscint sár mhaith aige ar meon na daoine sa tír seo i leith na teanga. Dúirt sé go mbeadh sé ag plé le Gaeilge fós tar éis deireadh an chláir - go mbeidh sé ag cur brú ar comhlachtaí fón póca téacsáil thurathach a cur ar fáil mar shampla, agus go mbeidh sé ag reáchtáil imeachtaí timpeall na tíre chun deiseanna a thabhairt do dhaoine an teanga a úsáid.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire

    Poll Dubh wrote: »
    Cé go raibh na scéalta grinn go léir cloiste cheanna agam féin ag a sheó i mBéal Feirste bhain mé an taitneamh as an gclár agus tá mé ag tnúth le na cinn eile chun a fhorbairt a leanúint. Bhí mé ag éisteacht leis freisin ar Tubridy ar maidin agus tá tuiscint sár mhaith aige ar meon na daoine sa tír seo i leith na teanga.

    Cad adúirt sé faoi meon na nÉireananch i leith na Gaeilge?

    Dúirt sé go mbeadh sé ag plé le Gaeilge fós tar éis deireadh an chláir - go mbeidh sé ag cur brú ar comhlachtaí fón póca téacsáil thurathach a cur ar fáil mar shampla, agus go mbeidh sé ag reáchtáil imeachtaí timpeall na tíre chun deiseanna a thabhairt do dhaoine an teanga a úsáid.

    An-shuimiúil, ag súil leis.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh

    Stollaire wrote: »
    Cad adúirt sé faoi meon na nÉireananch i leith na Gaeilge?

    Dúirt sé a lán rudaí mar, gan dabht, is féidir le Deasún caint a dhéanamh agus Tubridy freisin dar ndóigh. Mar shampla bhí Tubridy ag ceistiú Deasún faoin meon coitianta go bhfuil lucht na Gaeilge ina ‘gclub eisiach’. Ach d’fhreagair Deasún go mothaíonn a lán daoine ‘fágtha amach’ nuair a fheiceann siad daoine ag caint as Gaeilge. Agus b’fhéidir go bhfuil sé seo measctha suas le mothúcháin ciontacha nach bhfuil Gaeilge ar a dtoil acu agus bagraíonn sé dá ‘gcéannacht’ mar Éireannaigh.

  • Advertisement
Advertisement