Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie
Hi there,
There is an issue with role permissions that is being worked on at the moment.
If you are having trouble with access or permissions on regional forums please post here to get access: https://www.boards.ie/discussion/2058365403/you-do-not-have-permission-for-that#latest

Des Bishop

2

Comments

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire

    Poll Dubh wrote: »
    Dúirt sé a lán rudaí mar, gan dabht, is féidir le Deasún caint a dhéanamh agus Tubridy freisin dar ndóigh. Mar shampla bhí Tubridy ag ceistiú Deasún faoin meon coitianta go bhfuil lucht na Gaeilge ina ‘gclub eisiach’. Ach d’fhreagair Deasún go mothaíonn a lán daoine ‘fágtha amach’ nuair a fheiceann siad daoine ag caint as Gaeilge. Agus b’fhéidir go bhfuil sé seo measctha suas le mothúcháin ciontacha nach bhfuil Gaeilge ar a dtoil acu agus bagraíonn sé dá ‘gcéannacht’ mar Éireannaigh.

    Suimiúil, gura maith agat. Is léir go dtuigeann sé na hÉireannaigh go han-mhaith.
    An mbeidh an t-agallamh seo ar fáil ar líne agus cén stáisiún?

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh

    Stollaire wrote: »

    is féidir an mp3 a fháil anseo.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire

    Poll Dubh wrote: »
    is féidir an mp3 a fháil anseo.

    gura míle. Is breá liom "Réabhlóid na Teanga" :D

    Agallamh eile le Mac Giolla Easpaig:
    http://philo-celtic.blogspot.com/2008/01/uimhir-chad-agus-des-bishop-leis.html

    Bhíos ag fanacht do mo sceallóga aréir sa sceallógalann agus bhí cóip den sárnuachtán iontach "The Oirish Star" ann, thosaigh mé á léamh ar aon chaoi. Bhí leathanach ann ag fear/ "Iriseoir" darbh ainm Billy Scannlon nó ainm eicínt mar sin, bhí sé ag caitheamh anuas ar Des ag rá gur "Twit" é, toisc, dar leisean, go bhfuil Des ag seanmóireacht faoi Éireannachas agus an Ghaeilge as Gaeilge agus ag rá do na hÉirennaigh cad is Éireannachas ann.
    An focain dánacht! Tá's go maith ag na hÉireannaigh cad is Éireannachas ann,

    images.buycostumes

  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir

    Stollaire wrote: »
    Bhí leathanach ann ag fear/ "Iriseoir" darbh ainm Billy Scannlon nó ainm eicínt mar sin, bhí sé ag caitheamh anuas ar Des ag rá gur "Twit" é, toisc, dar leisean, go bhfuil Des ag seanmóireacht faoi Éireannachas agus an Ghaeilge as Gaeilge agus ag rá do na hÉirennaigh cad is Éireannachas ann.

    Thabharfainn an leabhar nach bhfuil focal Gaeilge ina phluc ag an iriseoir céanna agus go ngoilleann sé air gur éirigh le Gall áirithe, a bheith níos Gaelaí ná na Gaeil iad féin.
    Sin an rud is bunús le cuid mhaith den fhuath in aghaidh na Gaeilge; náire agus frustrachas na nÉireannach lena míchumas féin. Tá slabhraí an choilíneachais intinne le caitheamh uainn go fóill, is oth liom a rá.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire

    Múinteoir wrote: »
    na Gaeilge; náire agus frustrachas na nÉireannach lena míchumas féin. Tá slabhraí an choilíneachais intinne le caitheamh uainn go fóill, is oth liom a rá.

    amen a Saoi...amen.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire

    Dála an scéil, a Ghaeil, bhí alt maith san Irish Times inniu le Des agus Gaeilgeoirí eile faoin Ghaeilge.
    "How Gaeilge got its groove back" a bhí air !!

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh

    Stollaire wrote: »
    gura míle. Is breá liom "Réabhlóid na Teanga" :D

    Agallamh eile le Mac Giolla Easpaig:
    http://philo-celtic.blogspot.com/2008/01/uimhir-chad-agus-des-bishop-leis.html

    Bhíos ag fanacht do mo sceallóga aréir sa sceallógalann agus bhí cóip den sárnuachtán iontach "The Oirish Star" ann, thosaigh mé á léamh ar aon chaoi. Bhí leathanach ann ag fear/ "Iriseoir" darbh ainm Billy Scannlon nó ainm eicínt mar sin, bhí sé ag caitheamh anuas ar Des ag rá gur "Twit" é, toisc, dar leisean, go bhfuil Des ag seanmóireacht faoi Éireannachas agus an Ghaeilge as Gaeilge agus ag rá do na hÉirennaigh cad is Éireannachas ann.
    An focain dánacht! Tá's go maith ag na hÉireannaigh cad is Éireannachas ann,

    images.buycostumes

    B'fhéidir go bhfuil Réabhlóid na Teanga ar siúl agus An Stollaireach anseo i rith an deiridh seachtaine! An bhfuil tú ag déanamh ragoibre?:p

    Sceallógalann - focal iontach - Gaeilge Ghrúivé!

    Is é buancruth an focal is fearr do Stereotype!

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire

    B'fhéidir go bhfuil Réabhlóid na Teanga ar siúl agus An Stollaireach anseo i rith an deiridh seachtaine! An bhfuil tú ag déanamh ragoibre?:p

    Sin é is dóigh, sin agus bhí gá agam le blas na Gaeilge tar éis lá a chaitheamh le Béarlóirí gan focal Gaeilge ina mbéal.
    Tá an teanga seo ar nós druga eicínt!
    Sceallógalann - focal iontach - Gaeilge Ghrúivé

    'Sea, sceallóglann, ceapaim go bhfuil sé níos fearr ná chipper.

  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir

    Stollaire wrote: »

    'Sea, sceallóglann, ceapaim go bhfuil sé níos fearr ná chipper.

    Tá an téarma 'Siopa Sceallóg' i bhfad níos fearr measaim. Tá sceallóglann i bhfad ró-fhoirmiúil mar fhocal. Cuirtear in iúl leis an bhfocal sin gur cineál iarsmalann speisialta do sceallóga atá ann!

  • Advertisement
  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir

    Stollaire wrote: »

    'Sea, sceallóglann, ceapaim go bhfuil sé níos fearr ná chipper.

    Tá an téarma 'Siopa Sceallóg' i bhfad níos fearr measaim. Tá sceallóglann i bhfad ró-fhoirmiúil mar fhocal. Cuirtear in iúl leis an bhfocal sin gur cineál iarsmalann speisialta do sceallóga atá ann!

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire

    "Léirmheas" ar an gclár In The Name of The Fada ag duine darbh ainm Abie Philbin Bowman

    I say old bean.."the global economy is in freefall, the World’s only superpower is leading misguided and un-winnable wars against drugs and terrorism, while climate change threatens to destabilise our entire ecosystem. And we’re supposed to worry about the modh coinniollach (sic)? "

    goa :D:D:D:D:D

    An tseafóid is measa a léigh mé ariamh, níl aon amhras faoi.
    Is féidir leat an blas nimhneach a bhlaiseadh ón údar.
    Is breá liom é, an náire faoi cheilt, na mothúcháin neamhdhóthanachta agus frith-Gaelachas i mbarr a réime.

    ó agus rinne mé dearmad... an dearg-éad!

    Is fuirseoir é an té seo freisin de réir dealraimh

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh

    Stollaire wrote: »
    "Léirmheas" ar an gclár In The Name of The Fada ag duine darbh ainm Abie Philbin Bowman

    I say old bean.."the global economy is in freefall, the World’s only superpower is leading misguided and un-winnable wars against drugs and terrorism, while climate change threatens to destabilise our entire ecosystem. And we’re supposed to worry about the modh coinniollach (sic)? "

    goa :D:D:D:D:D

    An tseafóid is measa a léigh mé ariamh, níl aon amhras faoi.
    Is féidir leat an blas nimhneach a bhlaiseadh ón údar.
    Is breá liom é, an náire faoi cheilt, na mothúcháin neamhdhóthanachta agus frith-Gaelachas i mbarr a réime.

    ó agus rinne mé dearmad... an dearg-éad!

    Is fuirseoir é an té seo freisin de réir dealraimh

    Tá sí ag cur ama amú féachaint ar Des cinnte, ba chóir di arm a chur le chéile, Bush a ciceáil amach as oifig, dul i gceannas ar an domhan agus gach duine nach Béarlóir íon iad a chur i slabhraí. Beidh fadhbanna na domhain réitithe ansin.

  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir

    Stollaire wrote: »
    "Léirmheas" ar an gclár In The Name of The Fada ag duine darbh ainm Abie Philbin Bowman

    I say old bean.."the global economy is in freefall, the World’s only superpower is leading misguided and un-winnable wars against drugs and terrorism, while climate change threatens to destabilise our entire ecosystem. And we’re supposed to worry about the modh coinniollach (sic)? "

    goa :D:D:D:D:D

    An tseafóid is measa a léigh mé ariamh, níl aon amhras faoi.
    Is féidir leat an blas nimhneach a bhlaiseadh ón údar.
    Is breá liom é, an náire faoi cheilt, na mothúcháin neamhdhóthanachta agus frith-Gaelachas i mbarr a réime.

    ó agus rinne mé dearmad... an dearg-éad!

    Is fuirseoir é an té seo freisin de réir dealraimh

    Duine eile a bhfuil a náire i leith easpa cumas Gaeilge á cheilt ag cáineadh iomarcach. :rolleyes: Ní fiú am a chur amú ar a leithéid.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire

    Múinteoir wrote: »
    Duine eile a bhfuil a náire i leith easpa cumas Gaeilge á cheilt ag cáineadh iomarcach. :rolleyes: Ní fiú am a chur amú ar a leithéid.

    Ceart agat cinnte, ach ceapaim go bhfuil an cineál meon sin an-shuimiúil.

    Dála an scéil tá "Léimigí Thart" ar fáil saor in aisce ó shuíomh Des
    http://www.desbishop.com/

    tá sé thar cionn ar fad

    "mo abhaile-aighs as Conamara"

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 601 ✭✭✭alexanderomahon

    Léimigi thart seanfhaisean

  • Advertisement
  • Closed Accounts Posts: 636 ✭✭✭conor2007

    ionatch!

    an bhfuil na lirici a fhail in aon ait?

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh

    Múinteoir wrote: »
    Duine eile a bhfuil a náire i leith easpa cumas Gaeilge á cheilt ag cáineadh iomarcach. :rolleyes: Ní fiú am a chur amú ar a leithéid.

    Ní fhaca mé alt le fuirseoir eile a raibh an oiread easpa gáirí aige riamh. Ní rachainn go dtí seó dá cuid choíche.
    conor2007 wrote: »
    ionatch!

    an bhfuil na lirici a fhail in aon ait?

    Níl siad feicthe agamsa - cad faoi iarracht grúpa a dhéanamh anseo iad a athscríobh?

  • Closed Accounts Posts: 127 ✭✭Tá Mé Gaeilge

    is maith liom an smaoineamh sin..... tosóidh mé....

    Dún do chlab, dún do bhéal
    Éist le mo scéal
    Má cheapann tú go dtuigeann tú- tá tú cuir i ________

    Tá mé as Nua Eabhrac
    Ceangail mé le sleabhra....

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 25,005 ✭✭✭✭Toto Wolfcastle

    is maith liom an smaoineamh sin..... tosóidh mé....

    Dún do chlab, dún do bhéal
    Éist le mo scéal
    Má cheapann tú go dtuigeann tú- tá tú cuir i géill?

    Tá mé as Nua Eabhrac
    Ceangail mé le sleabhra....

    B'fhéidir é!

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 5,297 ✭✭✭Ron DMC

    janeybabe wrote: »
    B'fhéidir é!

    Ceart iomlán.

    Éisteoidh mé leis arís ar ball agus scríobhfaidh mé síos níos mó de.

  • Advertisement
  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir

    Is ionann 'tá tú cuir i géill' agus 'Tá mé fear', rud a bheadh go hiomlán mícheart ó thaobh na Gaeilge. Léigh mé go bhfuair sé cabhair ó dhuine i gConamara le haistriú na bhfocal, mar sin ní chreidim go scríobhfadh sé a leithéid.

    An t-aon rud a bhfuil ciall leis ná 'Tá tú ag cur i gcéill'.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 25,005 ✭✭✭✭Toto Wolfcastle

    Múinteoir wrote: »
    Is ionann 'tá tú cuir i géill' agus 'Tá mé fear', rud a bheadh go hiomlán mícheart ó thaobh na Gaeilge. Léigh mé go bhfuair sé cabhair ó dhuine i gConamara le haistriú na bhfocal, mar sin ní chreidim go scríobhfadh sé a leithéid.

    An t-aon rud a bhfuil ciall leis ná 'Tá tú ag cur i gcéill'.

    Bhuel tá sé deacair é a thuiscint ach ceapaim gurb é sin (tá tú ag cur i gcéill) atá a rá aige.

    (Agus rinne mé dearmad ar an ‘c’ i ‘gcéill’ thuas! :o)

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 5,297 ✭✭✭Ron DMC

    D'fhág sé amach an focal 'ag'. Cén dochar i ndáiríre? Déantar sin in amhráin an t-am ar fad.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 25,005 ✭✭✭✭Toto Wolfcastle

    D'fhág sé amach an focal 'ag'. Cén dochar i ndáiríre? Déantar sin in amhráin an t-am ar fad.

    Aontaím leat. Tá mé cinnte go bhfuil sé ann ar aon nós ach nach féidir é a chloisint. Sin mar a bhíonn le an-chuid rud sa Ghaeilge. Tugann sé blas álainn don teanga.

    Chas mé don dara bhliain inniu é. Thatin sé go mór leo. Bhí siad ag caint faoi ‘mo abhail-ís' don lá ar fad.

  • Closed Accounts Posts: 636 ✭✭✭conor2007

    tá sé an-tapa

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh

    tar éis 'slabhra':

    Goile a mhac ?????? anseo i lár an tsamhraidh

  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir

    D'fhág sé amach an focal 'ag'. Cén dochar i ndáiríre? Déantar sin in amhráin an t-am ar fad.

    Is éard a bheadh á rá ag duine in amhrán mar sin ná "Tá tú a' cur i gcéill". Tá sé ann, ach ní deirtear é díreach mar a scríobhtar é. Tá alt fada Gaeilge faoi Des anois sa Vicipéid Ghaeilge.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh

    Píosa eile, ach níl mé cinnte faoi:

    ..súistí an búistí, mother f*ing búistí
    ná bí do phleidhce, má dhéanann tusa léice
    Níl mé ag iarraidh a' éisteacht le do sheafóid
    damhsa damhsa gan aon stró
    buachaillí gránna, cáilliní boga dána...

  • Closed Accounts Posts: 127 ✭✭Tá Mé Gaeilge

    Dún do chlab, dún do bhéal
    Éist le mo scéal
    Má cheapann tú go dtuigeann tú- tá tú cuir i géill

    Tá mé as Nua Eabhrac
    Ceangail mé le sleabhra
    Goile a mhac ?????? anseo i lár an tsamhraidh

    súistí an búistí, mother f*ing búistí
    ná bí do phleidhce, má dhéanann tusa léice
    Níl mé ag iarraidh a' éisteacht le do Cac Bó???
    damhsa damhsa gan aon stró
    buachaillí gránna, cáilliní boga dána..

    ________________________________

    ......Ní thugann mise aird ar na Gardaí Síochána,
    Ag an ceathrú rua, amuigh anseo faoin tuath,
    Léim anois léim anois, léim anois go luath

    Mar tá sé mícheart, mar tá sé mícheart,
    is cuma liom, is cuma liom, Léimigí thart
    Léim thart, léim thart, léim thart
    Fág seo, eirí as do pholl is léim thart

    Léim, léim, léim choille duine léim,
    léim léim gach duine léim,
    léim, léim, choille duine léim,
    léim léim

    Freastalóidh mé thú ar nós John McEnroe......

  • Closed Accounts Posts: 4 guestguest

    Seo e m'iarracht ach nil ach foghlaimeoir me! chuir me na "fuaimeanna" isteach nuair nach raibh na focail agam, so lion na bearnai le do thoil!
    Dun do chlab, dun do bheal
    Eist le mo sceal, Ma cheapann tu go dtuigeann tu, ta tu ag cur I gceill,
    Ta me ag dul go nua eabhrac, cheangal me na slabhra,
    Goile a mhac, na bi leis chaith me sa lár an tsamhraidh
    súistí an búistí, ???? rúistí
    ná bí i do phleidhce, ná dhéanann tusa léice
    Níl mé ag iarraidh a' éisteacht le do chac- bo
    damhsa damhsa gan aon stró
    buachaillí gránna, cáilin boga dána

    Ni thugann mise aird do na gardaí síochana
    Ag an gceathru rua, Amach anseo faoin tuath
    leim anois leim anois leim anois go luath
    mar ta se micheart, mar ta se micheart, Is Cuma liom, is Cuma liom leimigi thart, leim thart!

    leim thart! (leim thart) leim thart! (leim thart) leim thart! (leim thart)
    Fag seo, eirigh as do pholl is leim thart!

    Leim, Leim, leim , chuile duine leim, leim, leim, gach duine leim, leim, leim, chuile duine leim, leim, leim

    freastloidh me thu ar nos john mcenroe

    ma shiulann do bheal suas, buailfidh me an ho!
    Ca bhfuil do chlann ca bhfuil do chairde, ca bhfuil an ceol, suas is airde!
    Agus deanach I mo thuiscint, ta me a ra
    Ma fheiceann tu mise, ta barraiocht orthu
    Ta me ar nos tom cruise sa scannan sin top gun
    Ni stopann tu mise leis an Shotgun!
    Ma dheanann tu ‘s cuid de ruathar
    Agus beidh tu I do staic
    Ni eirionn tu aris go deo, sin an craic
    Anois mo stor, Eist le mo choir,
    amach ar an urlar ar nos peigi leitir mor
    mar ta se mi-cheart, mar ta se mi-cheart srl

    Is mise an fear is fearr, so ta me thar barr,
    Ni fheiceann tu mise I mo sheasadh as anonn
    ag deireadh ach an oiread an taobh acu le droichid (droch rud?)
    ma thagann se comh fadarnach, tabharfaidh mise e duit
    amach ar an bata, is iad I spas muineadh,
    De Deardaoin, de hAoine, de satharn de domhnaigh,
    Suas sios agus ar ais aris,
    Gan de scrios, taim éisealach agus cuthail leis m’aois
    O teigh de mo cloite, teigh le sin duitse,
    Fan acu fein agus ni thogfaidh me uaitse
    Mar ta se mi-cheart, mar ta se mi-cheart srl

    Ta mo homies as conamara
    M’abhailies, m’abhailies as conamara

    Muintir na Gaeltachta, agus muintir na heireann freisin, ta an reabhloid ag teacht go luath
    (sin e, sin e, sin e, sin e…)

  • Advertisement
  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 5,297 ✭✭✭Ron DMC

    guestguest wrote: »

    Fair play dhuit amach is amach.
    Bhí sé i gceist agam é seo a dhéanamh i gceart ach tá éacht déanta agat anseo.

    Léifidh mé tríd ar ball agus mé ag éisteacht agus breacfaidh mé síos aon ceartúcháin a fheicim no bearnaí atá le líonadh.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh

    Seo an snáithe is mó anseo riamh ó thaobh post agus radharc de. Maith thú Des!

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 601 ✭✭✭alexanderomahon

    guestguest wrote: »
    Seo e m'iarracht ach nil ach foghlaimeoir me! chuir me na "fuaimeanna" isteach nuair nach raibh na focail agam, so lion na bearnai le do thoil!
    Dun do chlab, dun do bheal
    Eist le mo sceal, Ma cheapann tu go dtuigeann tu, ta tu ag cur I gceill,
    Ta me ag dul go nua eabhrac, cheangal me na slabhra,
    Goile a mhac, na bi leis chaith me sa lár an tsamhraidh
    súistí an búistí, ???? rúistí
    ná bí i do phleidhce, ná dhéanann tusa léice
    Níl mé ag iarraidh a' éisteacht le do chac- bo
    damhsa damhsa gan aon stró
    buachaillí gránna, cáilin boga dána

    Ni thugann mise aird do na gardaí síochana
    Ag an gceathru rua, Amach anseo faoin tuath
    leim anois leim anois leim anois go luath
    mar ta se micheart, mar ta se micheart, Is Cuma liom, is Cuma liom leimigi thart, leim thart!

    leim thart! (leim thart) leim thart! (leim thart) leim thart! (leim thart)
    Fag seo, eirigh as do pholl is leim thart!

    Leim, Leim, leim , chuile duine leim, leim, leim, gach duine leim, leim, leim, chuile duine leim, leim, leim

    freastloidh me thu ar nos john mcenroe

    ma shiulann do bheal suas, buailfidh me an ho!
    Ca bhfuil do chlann ca bhfuil do chairde, ca bhfuil an ceol, suas is airde!
    Agus deanach I mo thuiscint, ta me a ra
    Ma fheiceann tu mise, ta barraiocht orthu
    Ta me ar nos tom cruise sa scannan sin top gun
    Ni stopann tu mise leis an Shotgun!
    Ma dheanann tu ‘s cuid de ruathar
    Agus beidh tu I do staic
    Ni eirionn tu aris go deo, sin an craic
    Anois mo stor, Eist le mo choir,
    amach ar an urlar ar nos peigi leitir mor
    mar ta se mi-cheart, mar ta se mi-cheart srl

    Is mise an fear is fearr, so ta me thar barr,
    Ni fheiceann tu mise I mo sheasadh as anonn
    ag deireadh ach an oiread an taobh acu le droichid (droch rud?)
    ma thagann se comh fadarnach, tabharfaidh mise e duit
    amach ar an bata, is iad I spas muineadh,
    De Deardaoin, de hAoine, de satharn de domhnaigh,
    Suas sios agus ar ais aris,
    Gan de scrios, taim éisealach agus cuthail leis m’aois
    O teigh de mo cloite, teigh le sin duitse,
    Fan acu fein agus ni thogfaidh me uaitse
    Mar ta se mi-cheart, mar ta se mi-cheart srl

    Ta mo homies as conamara
    M’abhailies, m’abhailies as conamara

    Muintir na Gaeltachta, agus muintir na heireann freisin, ta an reabhloid ag teacht go luath
    (sin e, sin e, sin e, sin e…)

    Obair iontach

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh

    Bhí mé beagnach ar 'In the name of the Fada' Déardaoin seo caite, ach bhí mé píosa beag ar dheis den phictiúr áfach.

    Des_beal_feirste.jpg

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire

    Maith thú go deo a ghuestguest

  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir

    Poll Dubh wrote: »
    Seo an snáithe is mó anseo riamh ó thaobh post agus radharc de. Maith thú Des!

    Is é; mar feiceann na Béarlóiri an teideal agus ceapann siad go bhfuil an snáithe as Béarla! :D:rolleyes:

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh

    Múinteoir wrote: »
    Is é; mar feiceann na Béarlóiri an teideal agus ceapann siad go bhfuil an snáithe as Béarla! :D:rolleyes:

    Tá mo bholgán pléasctha agat:(

  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir

    Poll Dubh wrote: »
    Tá mo bholgán pléasctha agat:(

    Ní gá a bheith diúltach faoi. Nach maith an rud é bob a bhualadh ar lucht an Bhéarla anois is arís. :)

  • Closed Accounts Posts: 4 guestguest

    Rinne duine eigin iarracht nios fearr ar suiomh eile (ta nios mo ciall ag baint leis anois!) seo e,

    Dún do chlab, dún do bhéal
    Éist le mo scéal, má cheapann tú go dtuigeann tú, tá tú ag cur i gcéill,
    Tá mé ag dul go nua Eabhrac, ceangal mé le slabhra,
    Goile a mhac, ná bí (ag caint anseo???) i lár an tsamhraidh
    (súistí búistín buaille beag a phústín???)
    ná bí i do phleidhce, nó gheobhaidh tusa léice
    Níl mé ag iarraidh a' éisteacht le do chac-bó
    damhsa damhsa gan aon stró
    buachaillí gránna, cailíní boga dána
    Ní thugann mise aird ar na gardaí síochána
    Ag an gCeathrú rua, Amach anseo faoin dtuath
    léim anois léim anois léim anois go luath
    má tá sé mícheart, má tá sé mícheart, is cuma liom, is cuma liom,
    léimigí thart!

    léim thart! léim thart léim thart! léim thart léim thart! léim thart
    Fág seo, éirigh as do pholl is léim thart!

    Léim, léim, léim , chuile duine léim, léim, léim, gach duine léim, léim, léim, chuile dhuine léim, léim, léim

    freastalóidh mé thú ar nós John McEnroe
    má shiúlann do bhean suas, buailfidh mé an hó!
    Cá bhfuil do chlann, cá bhfuil do chairde, cá bhfuil an ceol, (suas in airde???)
    Agus díreach (ar do thuiscint, tá mé ag rith???)
    Má fheiceann tú mise, (b’fhearr duit???) bagairt a rá
    Mar tá mé ar nós Tom Cruise sa scannán sin top gun
    Ní stopadh tú mise leis an Shotgun!
    Má dhéanann tú 's cuí go luath
    Agus beidh tú i do staic
    Ní éiríonn tú arís go deo, sin an craic
    Anois mo stór, éist le mo ghlór,
    amach ar an urlár ar nós Peigín leitir mór
    má tá sé mícheart, má tá sé mícheart srl

    Is mise an fear is fearr, so tá mé thar barr,
    Ní fheicfidh tú mise i mo sheasadh (as an lár???)
    Ná ag an deireadh ach an oiread an taobh eile don droichid
    má thagann siad chomh fada liom, cuireadh mise iad,
    amach ar an bportach, agus iad ag baint mhóna,
    Déardaoin, De hAoine, De Satharn De Domhnaigh,
    Suas suas ‘s síos agus ar ais arís,
    Dún do straois, tá sé salach agus clúdaithe le smaois
    (Do héadan bheidh caillte , an teallach sin duitse???),
    Fainic thú féin nó ní thógfaidh mé uaitse
    Má tá sé mícheart, má tá sé mícheart srl

    Tá mo homies as Conamara
    M'abhailies, m'abhailies as Conamara

    Muintir na Gaeltachta, agus muintir na hÉireann freisin, tá an réabhlóid ag teacht go luath

    Sin é, sin é, sin é , sin é [TRÉIG]

  • Advertisement
  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 18,503 ✭✭✭✭Also Starring LeVar Burton

    Cad a mheas éinne den chláir is déanai - le Des sna Stáit Aontaithe. Bhi mé thar a bheith impressed leis an fearr ó Korea ag labhairt Gaeilge i blás na tuaisceairte.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire

    Mór an trua go bhfuil clár Des críochnaithe, is féidir leis na hÉireannaigh a dhul ar ais ag déanamh neamhaird dár dteanga dhúchais aríst is dóigh.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh

    Folúntas do Laoch na nGael le líonadh anois agus Des imithe ar scor.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire

    Chonaic mé ar an mbileog le haghaidh féile Kilkenny Cat laughs gur scríobh nó gur chuir Des na sonraí faoi fhéin as Gaeilge.
    'Sé sin an t-aon rud as Gaeilge ar an mbileog.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire

    Stollaire wrote: »
    'Sé sin an t-aon rud as Gaeilge ar an mbileog.

    .... agus tá iontas ort faoi sin?!

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire

    An bhfaca éinne Deasún ar an nuacht aréir ag bualadh leis an Taoiseach nua?

    Thug sé Michael O'Leary na Gaeilge air fhéin toisc nár mhaith leis daoine a fheiceáil ag iompar a mbagáiste i leith na teangan a thuilleadh. :pac:

  • Advertisement
  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire

  • Closed Accounts Posts: 2,653 ✭✭✭conchubhar1

    laochra!!

    enda kenny- is fuath liom é
    nuair a raibh sé ag caint ar rté, an argoint faoi todchain deirneach, chriochnaigh sé ar pointe as gaeilge agus bhí ''utter ****e'' i gceist faoi cad a duirt sé

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh

    Is trua é go bhfuil Des ag insint an seanscéal faoin gcóras oideachais - go bhfuil athruithe de dhíth. Tá an diallait ar an each chontráilte aige - cuirtear an-iomarca béime i gcónaí ar na scoileanna. An fhadhb is mó ná nach bhfuil Gaeilge le cloisteáil agus le feiceáil taobh amuigh den chórais oideachais de ghnáth. Ní thugann a lán scoláirí aon mheas ar an teanga mar ní fheiceann siad í á n-úsáid sa ghnáth-shaol. Thug Des blas beag dúinn ar cén sórt tír a bheadh againn dá mbeadh Gaeilge le cloisteáil taobh amuigh de na geataí scoile. Ba bhreá liom é a fheiceáil ag caitheamh níos mó ama ag spreagadh daoine chun cainte mar atá déanta aige leis na TDeanna agus dearmad a dhéanamh ar na scoileanna.

    Alt seafóideach maslach eile ón Neamhspleách, cad a bhí an cac sin faoi ghasóga?

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire

    Poll Dubh wrote: »
    Alt seafóideach maslach eile ón Neamhspleách, cad a bhí an cac sin faoi ghasóga?

    B'fhéidir go raibh sí ag iarraidh a bheith cruthaitheach is greannmhar! Ach tháinig sé trasna go hamaideach
    Tá an diallait ar an each chontráilte aige - cuirtear an-iomarca béime i gcónaí ar na scoileanna

    Ach sin bun na faidhbe, is ceart dó a leithéid a ardú ag an leibhéal is airde. Molaim go deo é.
    labhrófaí í dá bhféadfaidh daoine í a labhairt i gceart.
    Freisin, agus sílim go bhfuil sé ráite aige cúpla uair anois, tá sé i gceist aige imeachtaí a chruthú chun deiseannaí a thabhairt do dhaoine óga í a úsáid thaobh amuigh den chóras oideachais .
    Neosfaidh an aimsir céard a bhíonns i gceist aige, ach ar a laghad tá sé gníomhach agus tioncharach.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh

    Tá áthas orm go bhfuil sé fós ag troid ar son na cúise, fiú anois agus an sraith teilifíse críochnaithe. Ach níl na scoileanna bun na faidhbe, féach ar na Gaelscoileanna - cé go bhfuil Gaeilge líofa ag na daltaí, fágann siad an teanga taobh thiar dóibh sa scoil de ghnáth. B'fhearr liom Des a fheiceáil ag cur brú ar Cowen chun Gaeilge a dhéanamh mar dlúthchuid den tsochaí na hÉireann agus dlíthe a chur i bhfeidhm le cinntiú go mbeadh gach uile seirbhíse (idir phríobháideach agus phoiblí) ar fáil i bhfoirm dhátheangach. Fheicfeadh na daltaí ansin go bhfuil sé nádúrtha agus praiticiúil a bheith ag caint i nGaeilge agus go bhfuil siad in ann í a thógáil amach as an scoil. Tá mo lán-tacaíocht ag Deasún, tá sé ag tarraingt airde ar an teanga, ach ní dóigh liom go mbeadh aon tionchar fadtéarmach aige mura bhfuil a thionchar dírithe ar na fíor bun-fhadhbanna. Tá Gaeilgeoirí an mionlach is mó faoi chois sa tír seo - agus tá sé thar am (86 bliana ó bhunú an stáit) go bhfuil cosaint cuí láidir tugtha dóibh.

  • Advertisement
Advertisement