Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie
Hi there,
There is an issue with role permissions that is being worked on at the moment.
If you are having trouble with access or permissions on regional forums please post here to get access: https://www.boards.ie/discussion/2058365403/you-do-not-have-permission-for-that#latest

2fm as Gaeilge?

  • 17-12-2007 12:27pm
    #1
    Closed Accounts Posts: 531 ✭✭✭


    An bhfuil gá le seirbhís raidió Gaeilge lán-aimseartha don aos óg ina bhfuil popcheoil Béarla le cloisteáil. Ceapaim féin gur smaoineamh maith é. Níl gach duine chomh tógtha le cúrsaí pleanála agus séarachais srl. is atá siad ar RNAG.


Comments

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 32,136 ✭✭✭✭is_that_so


    Chomh maith agus is cuimhin liom tá clár raideo le haghaidh na "n-óg" ar RNG. D'éist mé le clár pop oiche amháin thart ar a deich iarnóin ar RNG ach ní cuimhin liom cén lá.
    Ní dóigh liom go mbéadh spéis ar bith ag 2 FM in a leithéid seachas dá mba chlár den straith "TY Radio".


  • Closed Accounts Posts: 531 ✭✭✭dranoel


    Ba mhaith ceol maith a chloisteáil i rith an lae, ag tiomáint mo ghluaisteán, ag ithe mo dhinnéir agus é measctha le caint agus le comhrá bríomhar greannmhar as Gaeilge agus ag amanna a fheileann domsa. Ní bhím ag éisteacht leis an raidió idir 9 agus 12 san oíche de ghnáth. Ní thuigim cén fáth nach bhfuil rud ar bith dírithe ag daoine idir 18-35 bliana d'aois i rith an lae.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,142 ✭✭✭Karlusss


    Ní bheadh a dhóthain suim do dhá bhealaí raidió sa Ghaeilge.

    Ach dála an scéal, ar chuala éinne an Top 40 ar Spin 103.8 riamh? Tá sé as Gaeilge go h-iomlán. Dochreidte.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire


    Is aoibhinn liom an seó ceol atá ar RnaG, ach tá go leor iomaíocht ann i leith ceol don déagóir. Is maith liom an Gaeilge, ach má tá seó níos fearr ann ar stáisiún eile....


  • Closed Accounts Posts: 531 ✭✭✭dranoel


    Tóg é agus tiocfaidh siad. Tá go leor éileamh ann le haghaidh dhá stáisiún. Tá margadh mór amuigh ann nach bhfuil á fhreastal faoi láthair. Tá na mílte mílte daoine le Gaeilge agus nach bhfuil suim dá laghad acu i gcúrsaí Gaeltachta agus ní éistfidh siad go deo le RNAG. Ach tá seans maith go n-éistfidh siad le Raidió na Gaeilge seachas na Gaeltachta, stáisiún dírithe ar an náisiún ar fad in ionad dírithe ar na Gaeltachtaí amháin. Dar ndóigh, caithfear an caighdeán a bheith ar aon dul leis na stáisiúin eile agus cá bhfios, b'fhéidir go roghnódh duine an clár Gaeilge mar go bhfuil sé an ceann is fearr.


  • Advertisement
  • Closed Accounts Posts: 127 ✭✭Tá Mé Gaeilge


    An raibh éinne anseo ag an diaspóreacht faoi seo ag Oireachtas na Gaeilge, Tá Grúpa oibre curtha le chéile chun é a tosnú- bhí alt faoin stáisiún ar Lá Nua cúpla lá ó shin. Tá an diaspóireacht fós ag lanúint faoí stáisiún digiteach nó stáisiún FM- Ceard a ceapann sibh?


  • Closed Accounts Posts: 531 ✭✭✭dranoel


    B'fhearr liom stáisiún FM - níl clú dá laghad agam conas stáisiún digiteach a fháil.


Advertisement