Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie
Hi there,
There is an issue with role permissions that is being worked on at the moment.
If you are having trouble with access or permissions on regional forums please post here to get access: https://www.boards.ie/discussion/2058365403/you-do-not-have-permission-for-that#latest

Foinse ar ais

  • 16-01-2008 11:54pm
    #1
    Closed Accounts Posts: 531 ✭✭✭

    foinse.ie ar ais tar éis bliain iomlán ar strae!

Comments

  • Moderators, Education Moderators, Music Moderators Posts: 4,436 Mod ✭✭✭✭Suaimhneach

    Hah, léigh mé cás staidear Fionse inniú, bheul trí leathnach de...

    Suíomh maith!

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 5,297 ✭✭✭Ron DMC

    Fadhb ag éinne eile clárú leis an suíomh?

    Agus cén fáth a bhfuil an leathanach sin as Béarla?

    http://www.foinse.ie/register.php

  • Closed Accounts Posts: 531 ✭✭✭dranoel

    Fadhb ag éinne eile clárú leis an suíomh?

    Agus cén fáth a bhfuil an leathanach sin as Béarla?

    http://www.foinse.ie/register.php

    Níl an shuíomh críochnaithe go fóill agus níl aon tairbhe le clárú faoi láthair. Ní dóigh liom go bhfuil sé proifisiúnta suíomh neamhchríochnaithe a chur suas ach sin a bhfuil. De réir dealraimh tá sé ar intinn ag Foinse táille a ghearradh orainn chun an eagráin is déanaí a fheiceáil ar líne. Tá na heagráin go léir suas go 06/01/08 le fáil faoi "view all editions".

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire

  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir

    Stollaire wrote: »

    Is maith an rud é go mbeidh cartlann cheart ann. Is tábhachtach an rud é sin, dar liom.

  • Advertisement
  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire

    Múinteoir wrote: »
    Is maith an rud é go mbeidh cartlann cheart ann. Is tábhachtach an rud é sin, dar liom.

    Is fíor duit faoi sin.

    Is mór an trua é nach bhfuil sé ag oibriú fós, ba bhreá liom teach ar an alt scríofa ag Cathal Mac Coille an tseachtain seo i leith na nGlasach agus an Tadhg an dá thaobhachas/cuir i gcéill atá forleathan sa bpáirtí fé láthair.

  • Closed Accounts Posts: 531 ✭✭✭dranoel

    Stollaire wrote: »
    Is mór an trua é nach bhfuil sé ag oibriú fós, ba bhreá liom teach ar an alt scríofa ag Cathal Mac Coille an tseachtain seo i leith na nGlasach agus an Tadhg an dá thaobhachas/cuir i gcéill atá forleathan sa bpáirtí fé láthair.

    Níl an alt sin léite agam fós ach oiread mar níor nocht an t-eagrán is déanaí ar an tseilf i mo shiopa áitiúil (rud a tharlaíonn ó am go ham).

    A Stollaire, is léir nach bhfuil tú róshásta lenár gcairde glasa. Ceapaim féin go bhfuil siad ag déanamh dul chun cinn maith cé go bhfuil srianta orthu mar pháirtí mionlach i gcomhrialtas.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire

    dranoel wrote: »

    Nílim sásta leob ar chor ar bith agus nílim sásta lena gcur i gcéill agus an deargseafóid ag tíocht as béal Ghormley le déanaí i leith an chonartha seo.
    Ní bheidh an "páirtí" ag tógáil seasaimh ar an gconradh Liospóin, ach ag an am céanna beidh na boic mhóra ón bpáirtí ag tógáil seasaimh!! Is focain ionann sin agus an páirtí a bheith ag tógáil seasaimh ar an ábhar!

    Dá dtiocfadh Gormley chun mo dhoras ag iarraidh cur in iúl dhom go ndéanfadh an deabhal chonradh seo an AE níos éifeachtaí agus níos fearr...bhuel ní chuirfidh mé fiacail ann, má thuigeann tú leat mé.

    Agus is mór an trua é anois nach bhfuil fágtha ar an taobh "Níl" ach Sinn Féin! Mhac go deo.

  • Closed Accounts Posts: 531 ✭✭✭dranoel

    A Stollaire, ba mhaith liom é seo a phlé leat a thuilleadh faoi na Glasaigh agus an conradh ach feicim go bhfuil snáithe faoi ábhar seo cheanna féin ar politics.ie. B'fhearr liom leanúint ar aghaidh thall mura mhiste leat mar thugann daoine níos mó ionchur ann ar an chineál seo d'ábhar. Is mise Poll Dubh thall.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire

    dranoel wrote: »
    A Stollaire, ba mhaith liom é seo a phlé leat a thuilleadh faoi na Glasaigh agus an conradh ach feicim go bhfuil snáithe faoi ábhar seo cheanna féin ar politics.ie. B'fhearr liom leanúint ar aghaidh thall mura mhiste leat mar thugann daoine níos mó ionchur ann ar an chineál seo d'ábhar. Is mise Poll Dubh thall.

    is mise Cú Chonnacht

  • Advertisement
Advertisement