Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie

Filíocht

Options
  • 20-01-2008 10:36am
    #1
    Closed Accounts Posts: 531 ✭✭✭


    Fuair mé an leabhar "Aniar - Véarsaíocht ón Traidisiún Gaelach" mar bhronntanas Nollag. An rud is fearr faoin leabhar ná tá dlúthdhiosca leis agus is féidir liom na dánta a chloisteáil á rá os ard. Seo ceann dóibh:

    Is Mé an Ghaoth ar Muir

    Is mé an ghaoth ar muir
    Is mé an tonn tréan
    Is mé glór na mara
    Is mé seitreach daimh
    Is mé seabhac na haille
    Is mé an ga gréine
    Is mé áilleacht na luibhe
    Is mé torc ar ghail
    Is mé an bradán sa linn
    Is mé an loch ar an má.

    Taitníonn an dán seo go mór liom mar chur síos ar dhúlra na tíre seo, (bhuel ar an bpíosa atá fágtha fós againn, ach sin scéal eile). De réir an tseanchais, tá siad seo ar na chéad línte filíochta a cumadh riamh sa nGaeilge. Is leabhar dátheangach é "Aniar" agus cuirfidh mé suas an leagan Béarla ar an bhfóram Gaeilge má iarrann aon duine orm é sin a dhéanamh.


Comments

  • Registered Users Posts: 865 ✭✭✭Stollaire


    dranoel wrote: »
    Fuair mé an leabhar "Aniar - Véarsaíocht ón Traidisiún Gaelach" mar bhronntanas Nollag. An rud is fearr faoin leabhar ná tá dlúthdhiosca leis agus is féidir liom na dánta a chloisteáil á rá os ard. Seo ceann dóibh:

    Is Mé an Ghaoth ar Muir

    Is mé an ghaoth ar muir
    Is mé an tonn tréan
    Is mé glór na mara
    Is mé seitreach daimh
    Is mé seabhac na haille
    Is mé an ga gréine
    Is mé áilleacht na luibhe
    Is mé torc ar ghail
    Is mé an bradán sa linn
    Is mé an loch ar an má.

    Taitníonn an dán seo go mór liom mar chur síos ar dhúlra na tíre seo, (bhuel ar an bpíosa atá fágtha fós againn, ach sin scéal eile). De réir an tseanchais, tá siad seo ar na chéad línte filíochta a cumadh riamh sa nGaeilge. Is leabhar dátheangach é "Aniar" agus cuirfidh mé suas an leagan Béarla ar an bhfóram Gaeilge má iarrann aon duine orm é sin a dhéanamh.

    Conas atá a fhios acu go bhfuil sé sin fíor?


  • Closed Accounts Posts: 531 ✭✭✭dranoel


    Tá ceart agat a bheith amhrasach, níl ach finscéal ann, rud atá soiléir ón cuid eile den sliocht:

    "Leagtar iad ar Aimhirgín Glúingheal Mac Míleadh, an chéad duine daonna a leag cois riamh ar thalamh na hÉireann. Deirtear gurb iad na línte seo a tháinig óna bhéal agus é ag teacht i dtír"

    Nach raibh ainm deas Gaelach ag an bhfear mhéisiliteach seo?


  • Registered Users Posts: 1,142 ✭✭✭Karlusss


    Mac Míleadh - sin Milesus an ea? Bheinn an-amhrasach faoin dán sa gcás sin.

    Ach is páirt den seanchais é, ní gá dó bheith fíor.


  • Registered Users Posts: 865 ✭✭✭Stollaire


    Bhuel bheadh gaelú déanta ar a ainm ar aon chaoi, an Aimhirgín Glúingheal seo de clanna Mhíleadh ón Éigipt

    "éirigh iomad áithis lé Mílidh is go ndeachaidh a chlú is a oirdhearcas fá na críochaibh; ionnus go dtáinig dhe sin go dtug Pharao a inghean féin 'n-a mnaoi dhó; agus Scota ghairthear di ar mbeith 'n-a mnaoi ag Mílidh do bhí do chine Scuit. Agus rug sí dias mac dó san Éigipt mar atá Éibhear Fionn is Aimhirgin; agus do láthair iar rochtain na h-Éigipte do Mhílidh do chuir dá fhear dhéag do na hógaibh do bhí 'n-a fhochair d' fhoghluim prímhcheard na h-Éigipte go beith da gach aon díobh cliste 'n-a cheird féin i gcionn na seacht mbliadhan do chomhnuigh sé san Éigipt."

    "Milidh was most successful, so that his fame and renown spread throughout the nations, so that, as a consequence, Pharao gave him his own daughter to wife, who was called Scota, from being the wife of Milidh, who was of the race of Scot. And she bore him two sons in Egypt, namely, Eibhear Fionn and Aimhirgin; and immediately on Milidh's reaching Egypt, he set twelve of the youths who accompanied him to learn the principal crafts of Egypt, so that each of them might become proficient in his own craft at the end of the seven years that he dwelt in Egypt."

    http://www.ucc.ie/celt/published/G100054/index.html


    Ocht mic Ghalaimh na nGáire,
    Darbh ainm Mílidh Easpáine,
    Leagadar na mílte maigh;
    Cén tíre a rugadh iad?

    Airíoch Feabhruadh is Donn na gcaismirtí,
    Rugadh iad san Scitia;
    Rugadh san Éigipt aibhnigh
    Éibhear Fionn is Aimhirgin.


Advertisement