Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie
Hi there,
There is an issue with role permissions that is being worked on at the moment.
If you are having trouble with access or permissions on regional forums please post here to get access: https://www.boards.ie/discussion/2058365403/you-do-not-have-permission-for-that#latest

Cathal Ó Searcaigh agus an conspóid coiriúlach

  • 26-02-2008 7:44pm
    #1
    Closed Accounts Posts: 1,131 ✭✭✭


    Ba bheag nár thit mé i bhfeanntais nuair a chuala mé an scannal faoi Cathal Ó Searcaigh le déanaí. I ndairíre, an gcreidfeá? Ní feidir a shéanadh gur file den scoth ba ea é ach faraor an mbeadh a hainm scroiste go deo mar dheall ar a chleasaíochta deireanach?


Comments

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh


    Creidim é agus cuireann sé múisc orm. Níor shéan sé go bhfuil sé ag bualadh craicinn le fir óga thall. An rud a cuireann iontas orm ná ní chreideann eisean, fear intleachtach, go bhfuil rud ar bith contráilte déanta aige. Cé go bhfuil sé soiléir don shaol mór nach mbeadh fonn ar bith ag na leaideanna óga leaba a roinnt le fear gránna ramhar ina chaogaidí mura mbeadh siad chomh bocht sin.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,142 ✭✭✭Karlusss


    Breathnaigh ar sa chaoi seo:

    Dá tagtar ar dialann nua WB Yeats nó fiú Shakespeare nó pé duine - ní fá é sin an fhilíocht a thréigeadh. Is ceann de na filí is fearr sa Nua-Ghaeilge é Cathal Ó Searcaigh, agus níl suim dá laghad agam in a shaol priobháideach.

    Ach sin ráite, bhí mé ag caint ar feadh giota le fear éigsiúil i gClub an Chonartha anuraidh agus dúirt sé gur léigh sé dírbheathaisnéis Uí Shearcaigh faoi Nepal agus go raibh rud éigin "dodgy" faoi gan dabht. So ní rud úr-nua é.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh


    Ní féidir saol pearsanta a scaradh ón saothar mar a léiríonn an ceann seo ag Ó Searcaigh:

    Buachaill

    Buachaill dea-chumtha
    A thóin teann leis an bhalla
    Méanar don bhalla.


    Ag Tnúth leis an tSolas 1975-2000 lch 226


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,142 ✭✭✭Karlusss


    Agus cén fáth nár thosaigh Liveline ag béiceail ansin?

    Duirt Maire Mhic an tSaoi ar an chlár sin nuair a bhris an chonspóid go raibh ar páisti Éireannacha Ó Searcaigh a staidéar chun an "aperture to passion" a choimead ar oscailt. Naith an-ceolmhar as an fhile.

    Nuair a chuirtear Ó Searcaigh i bpriosuin, bain na dánta den cursa, sin a cheapaimse.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh


    An gcuirfear Ó Searcaigh i bpríosún? Ní bheadh sé éasca ar na gardaí é a eiseachaid ó Neipeal agus ionchúiseamh a fháil ach ní chiallaíonn sín nach bhfuil príosún tuillte aige.

    Is cuma liom cad a bhí déanta ag filí marbha. Ach tá Ó Searcaigh fós ag baint úsáid as an "aperture to passion" ar chúl na leaideanna bochta óga, páistí atá faoi aois na hArdteist. Dá bhfágfaí a shaothar ar an gcúrsa, bheadh an stát ag tabhairt amach an teachtaireacht go bhfuil a leithéid d'iompar inghlactha. Ba chóir a fhilíocht a bhaint den chúrsa go dtí an lá a n-athraíonn sé a mheon agus a iompar.


  • Advertisement
  • Closed Accounts Posts: 1,131 ✭✭✭MissHoneyBun


    Aontaim go hiomlan leat Poll Dubh


  • Administrators, Entertainment Moderators, Social & Fun Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 18,753 Admin ✭✭✭✭✭hullaballoo


    Cuirtear iontas orm freisin ag an scannal láithreach faoin file seo a raibh meas an phobal air le mblianta. Aontaím go bhfuil an rud is dorcha faoi ná go bhfuil séanadh déanta aige ó thaobh an "dodginess" de.

    Caithfidh muid bheith cothromach dó, áfach. Deirtear go minic go ndearna sé iompar coiriúil sa Neipeal. Ach níl an fianaise romhainn: níor chualas ach go bhfuil na mbuachaillí i gceist os coinn 16 bliana d'aois. Tá seans go bhfuil siad níos aosta ná 17 mbliana d'aois - an aois dlíúil chun páirt a ghlacadh in eachtraí ghnéasúla. Níl mé chun seasamh suas agus cosaint láidir a chur chun cinn don Searcach mar ní aontaím le hiompar an fear, i ghinearálta. Ach, níl mé chun é a chiontadh díreach gan an fianaise atá á fáil amach ag na nGardaí. Tá sé (agus pén duine atá os chomhar na cúirte) mí-chiontach go dtí go gcruthóidh an ionchúiseamh an chás ina gcoinne.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh


    Fad is a táimid ag fanacht ar an gcóras dlí an scéal seo a fhiosrú, ba chóir don Roinn Oideachais cuireadh a thabhairt don Shearcach teacht anall agus ceardlanna a dhéanamh le daltaí Ardteistiméireachta. B'fhéidir go ndéanfadh sé é saor in aisce do na scoileanna buachaillí.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 5,297 ✭✭✭Ron DMC


    Poll Dubh wrote: »
    B'fhéidir go ndéanfadh sé é saor in aisce do na scoileanna buachaillí.

    GOA (Gáire os ard)


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,142 ✭✭✭Karlusss


    The Dubliner ar taobh an tSearcach.


  • Advertisement
  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir


    Beidh an clár faisnéise ar RTÉ go luath, nach mbeidh?


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh


    Múinteoir wrote: »
    Beidh an clár faisnéise ar RTÉ go luath, nach mbeidh?

    RTE1, oíche Dé Máirt an tseachtain seo chugainn, an t-aonú lá déag, ag deich tar éis a deich.


  • Closed Accounts Posts: 1,131 ✭✭✭MissHoneyBun


    Cheapfainn go mbeadh an chlár seo saghas spéisúil! Beidh mé ag feachaint go géar.... Agus ag súil go géar dona chuid thuairimí freisin


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh


    Cheapfainn go mbeadh an chlár seo saghas spéisúil! Beidh mé ag feachaint go géar.... Agus ag súil go géar dona chuid thuairimí freisin

    Ní dóigh liom go mbeidh mórán fiúntach le rá aige ar an gclár ón méid atá léite agam. Ní labhraíonn an stiúrthóir leis faoin ábhar seo go dtí deireadh an chláir agus ní raibh sé ag súil leis na cineál ceisteanna a chuir sí air ar chor ar bith.

    Ní thuigim cén fáth nach bhfuil agallaimh déanta aige ó shín chun a ainm a ghlanadh.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,142 ✭✭✭Karlusss


    Cad is féidir leis a rá? Is maith leis déagóiri...


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh


    Is maith leis déagóiri...ach go bhfanfaidh sé glan amach ó dhéagóirí sa tríú domhain go deo.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh


    B'fhéidir nach bhfuil meabhrúchán de dhíth de bharr an oiread sin poiblíochta faighte aige ach beidh "Fairytale of Kathmandu" ar RTE1 anocht ag 10:15. Theip ar Ó Searcaigh cosc nó moill a chur ar an gclár ach bhí ar RTE sleachta dá chuid filíochta a thógáil amach as an gclár mar níor thug a fhoilsitheoirí cead iad a úsáid.


  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir


    Poll Dubh wrote: »
    B'fhéidir nach bhfuil meabhrúchán de dhíth de bharr an oiread sin poiblíochta faighte aige ach beidh "Fairytale of Kathmandu" ar RTE1 anocht ag 10:15. Theip ar Ó Searcaigh cosc nó moill a chur ar an gclár ach bhí ar RTE sleachta dá chuid filíochta a thógáil amach as an gclár mar níor thug a fhoilsitheoirí cead iad a úsáid.


    Sin mar atá an scéal de réir Lá Nua inniu, cibé ar bith.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire


    Chuala mé ar RnaG ar maidin go mbeidh sé ag dhul ar aghaidh gan aon amhras, dúirt RTÉ go raibh sé "do leas an phobail" go mbeadh an clár craolta mar bheartaithe cheana.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire


    Léirmheas suimiúil thíos faoin gclár;

    http://bonhom.ie/2008/03/bootboy-fairytale-of-kathmandu.html

    Agus alt suimiúil eile freisin ón úadar céanna;

    http://bonhom.ie/2008/03/the-young-men-of-kathmandu-speak-for-themselves.html


  • Advertisement
  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 25,005 ✭✭✭✭Toto Wolfcastle


    An raibh aon duine ag feachaint ar an gclar seo anocht? Bhi na buachailli chomh bronach.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire


    Bhí a iompar thall ansin déistineach, samhnasach is masmasach.


  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir


    janeybabe wrote: »
    Bhi na buachailli chomh bronach.

    Bheifeá-sa brónach dá mbeifeá ag bualadh craicinn le fear ramhar maol meánaosta! :eek:


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh


    Ní thuigim cén fáth go bhfuil siad chomh brónach, nach bhfuair siad rothair dheasa nua agus éadaí deasa nua.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire




  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,142 ✭✭✭Karlusss


    Poll Dubh wrote: »
    Ní thuigim cén fáth go bhfuil siad chomh brónach, nach bhfuair siad rothair dheasa nua agus éadaí deasa nua.

    Haha, sin an fhadhb. Níl siad chun diultiú oideachas agus gach rud eile ón fear deas Gaelach seo...

    Bhí mé ag chosaint an tSearcach roimhe seo, agus cheapaim fós gur fhile den scoth é, ach... ní iompar ceart é sin d'éinne.


  • Closed Accounts Posts: 1,131 ✭✭✭MissHoneyBun


    Caithfear a ra go bhfuil an suiomh ag dul in olcas..........
    Ar chuala einne an raiteas a leigh Pat Kenny amach ar son an tSearcach ar an "Late Late" areir?


  • Closed Accounts Posts: 7,794 ✭✭✭JC 2K3


    Poll Dubh wrote: »
    Dá bhfágfaí a shaothar ar an gcúrsa, bheadh an stát ag tabhairt amach an teachtaireacht go bhfuil a leithéid d'iompar inghlactha. Ba chóir a fhilíocht a bhaint den chúrsa go dtí an lá a n-athraíonn sé a mheon agus a iompar.
    Tá filíocht Sylvia Plath ar shiollabas Bhéarla na hArdteiste, an gciallaíonn sé sin go bhfuil an stáit ag cur féinmharú chun cinn?


  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir


    JC 2K3 wrote: »
    Tá filíocht Sylvia Plath ar shiollabas Bhéarla na hArdteiste, an gciallaíonn sé sin go bhfuil an stáit ag cur féinmharú chun cinn?

    Pointe maith.


  • Advertisement
  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire


    Caithfear a ra go bhfuil an suiomh ag dul in olcas..........
    Ar chuala einne an raiteas a leigh Pat Kenny amach ar son an tSearcach ar an "Late Late" areir?

    níor chuala! Cad a bhí le rá aige?


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh


    JC 2K3 wrote: »
    Tá filíocht Sylvia Plath ar shiollabas Bhéarla na hArdteiste, an gciallaíonn sé sin go bhfuil an stáit ag cur féinmharú chun cinn?

    Níl aithne agam ar Sylvia Plath, cad a tharla di?


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 25,005 ✭✭✭✭Toto Wolfcastle


    Poll Dubh wrote: »
    Níl aithne agam ar Sylvia Plath, cad a tharla di?

    Thóg sí a saol féin


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh


    janeybabe wrote: »
    Thóg sí a saol féin

    Má tá sí marbh ní féidir í a thabhairt ar ais, tá an dochar déanta. Ach tá an dochar á déanamh ag an Searcach ag méadú an t-am ar fad. Caithfimid brú a chur air le go n-éireoidh sé as na grinds i seomra 405. Is eol dúinn go léir anois cad atá ar siúl aige agus dá bhrí sin tá muid go léir freagrach as gach buachaill úr a théann suas na staighre san óstán. As cén áit a thagann an airgead aige chun dul go dtí Neipeal agus buachaillí bochta a fháil? As a chuid filíochta dar ndóigh. Ní amháin gurbh chóir don Roinn Oideachais a saothair a bhaint den chúrsa, ba chóir do gach duine baghcat a dhéanamh air go dtí go n-athraíonn sé a iompar.


Advertisement