Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie

Gealt ar iarraidh

  • 06-03-2008 2:18pm
    #1
    Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭


    Cá bhfuil Stollaire na laethanta seo? Cronaím uaim a ghreann searbh.


Comments

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire


    Poll Dubh wrote: »
    Cá bhfuil Stollaire na laethanta seo? Cronaím uaim a ghreann searbh.

    Ó táim fós ann, ach le déanaí bhíos ag caitheamh níos mó ama thall ar Phloitics.ie... suíomh nach bhfuil ag oibriú i gceart faoi láthair..:( nó an bhfuil cosc curtha orm!?


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh


    Deas tú a fheiceáil arís a mhac. Níl politics ag oibriú domsa ach an oiread. Ní fheadar cad atá duine n agus na daoine eile thall ag déanamh lena n-am saor.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire


    Poll Dubh wrote: »
    Deas tú a fheiceáil arís a mhac. Níl politics ag oibriú domsa ach an oiread. Ní fheadar cad atá duine n agus na daoine eile thall ag déanamh lena n-am saor.

    'Maise Duine n bocht...táim fhéin ag fulaingt ó airíonna éirí as cheana fhéin...


  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir


    Stollaire wrote: »
    Ó táim fós ann

    Damnú ort! Bhí mé ag tnúth le dul ar do thóir.

    child_catcher2_470x300.jpg


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh


    Stollaire wrote: »
    'Maise Duine n bocht...táim fhéin ag fulaingt ó airíonna éirí as cheana fhéin...

    Ní bheidh politics.ie ar ais go dtí Dé Luain! Is dócha go mbeidh do bhainisteoir sásta d'aschur oibre a fheiceáil ag méadú (go dtí Dé Luain ar aon nós). Ní fheadar an bhfeicfimid Duine n srl. ag snámh thart anseo san idirlinn.

    Múinteoir wrote: »
    Damnú ort! Bhí mé ag tnúth le dul ar do thóir.

    child_catcher2_470x300.jpg


    Sílim go mbeadh trealamh níos fearr uainn.

    cinema.jpg


  • Advertisement
  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire


    Ní bheidh politics.ie ar ais go dtí Dé Luain! Is dócha go mbeidh do bhainisteoir sásta d'aschur oibre a fheiceáil ag méadú (go dtí Dé Luain ar aon nós). Ní fheadar an bhfeicfimid Duine n srl. ag snámh thart anseo san idirlinn.

    Conas atá a fhios agat? Agus céard atá ag tarlú thall ansin.

    Go hifreann leis an gceannasaí, ar aon chaoi níor chaith mé an-iomarca ama ann i ndáiríre, cúpla teachtaireacht anseo is ansiúd.

    Duine n, bíonn sé/sí páirteach i nDaltaí agus Beo, ach ní ar an gceann seo.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh


    Stollaire wrote: »
    Conas atá a fhios agat? Agus céard atá ag tarlú thall ansin.

    Tar éis dian-imscrúdú a dhéanamh, léigh mé an comhartha curtha suas ar an suíomh.
    Go hifreann leis an gceannasaí, ar aon chaoi níor chaith mé an-iomarca ama ann i ndáiríre, cúpla teachtaireacht anseo is ansiúd.

    Ba chóir dó/di ardú céim a thabhairt duit.
    Duine n, bíonn sé/sí páirteach i nDaltaí agus Beo, ach ní ar an gceann seo.

    Rinne mé dhá iarracht clárú le beo.ie míonna ó shín ach tá mé fós ag feitheamh orthu cead a thabhairt dom. Is cosúil nach bhfuil siad ag glacadh l'éinne nua ar chor ar bith. Is trua é mar is é an fóram amháin a bhfuil fíor lán-ghaeilge.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire


    Poll Dubh wrote: »
    Rinne mé dhá iarracht clárú le beo.ie míonna ó shín ach tá mé fós ag feitheamh orthu cead a thabhairt dom. Is cosúil nach bhfuil siad ag glacadh l'éinne nua ar chor ar bith. Is trua é mar is é an fóram amháin a bhfuil fíor lán-ghaeilge.

    Caithfidh tú ríomhphost a sheoladh chuig an eagarthóir anois sílim.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh


    Stollaire wrote: »
    Caithfidh tú ríomhphost a sheoladh chuig an eagarthóir anois sílim.

    Sheol mé ach d'fhreagair sí go raibh fadhbanna teicniúla ann. Tá fadhb OLLMHÓR acu cinnte, is léir óna mball-liosta nach bhfuil cead tugtha do dhaoine nua postáil a dhéanamh le bliain anuas - ba 'mbm' an duine deireanach ar an 9ú Márta 2007. Tá níos mó ná seacht míle duine cláraithe i ndiaidh mbm agus níl post ar bith curtha suas acu. Cad atá ag tarlú anseo? Dealraíonn sé domsa nach bhfuil Beo ábalta déileáil le spamóirí a bhí ag clárú ar an suíomh agus de bharr sin stop siad ag tabhairt cead postála do gach uile duine, mise san áireamh (cé nach bhfuil cead postála tugtha amach, fanann gach duine ar an mball-liosta tar éis clárúchán) . Ní dóigh liom go bhfuil na baill rialta ar a n-eolas faoi seo ach is dócha gur thug siad faoi deara an easpa fola úr san áit.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire


    Sea tá an clár plé sin chomh marbh le hart anois. Ní raibh a fhios agam go bhfuil sé chomh deacair ruaig a chur ar spambotannaí


  • Advertisement
  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh


    Stollaire wrote: »
    Sea tá an clár plé sin chomh marbh le hart anois. Ní raibh a fhios agam go bhfuil sé chomh deacair ruaig a chur ar spambotannaí

    Níl sé deacair ar chor ar bith - ní thuigim cén fáth nach bhfuil siad abálta duine teicniúil a aimsiú chun an fhadhb seo a réiteach sula dtréigeann gach duine an áit.


Advertisement