Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie
Hi there,
There is an issue with role permissions that is being worked on at the moment.
If you are having trouble with access or permissions on regional forums please post here to get access: https://www.boards.ie/discussion/2058365403/you-do-not-have-permission-for-that#latest

Lá Cac

  • 10-03-2008 1:48pm
    #1
    Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭


    Alt eile inniu i Lá Nua a léiríonn cé chomh claonta is atá an nuachtán. Tá cuma ar an alt faoi Ghiobráltar gur tháinig sé díreach ó phreasoifig Sinn Féin. Níl tagairt ar bith san alt go raibh na triúr ar an oileán chun buama a phlandáil. Tá siad ag iarraidh mairtírigh a dhéanamh díobh. Dochreidte.


Comments

  • Moderators, Arts Moderators Posts: 17,231 Mod ✭✭✭✭Das Kitty


    Cuireann an saghas seo rud isteach go mór orm. Ceapann go leor daoine más Gaelgóir thú gur ball Shinn Féin thú chomh maith. Agus níl rudaí mar seo ag cúineamh leis an scéal.

    Ní h-amháin sna nuachtáin Gaelige go bhfuil an craic seo le feiceál ach oiread. Tá nuachtán saor i nGaillimh go bhfuil baill Shinn Féin ag scríobh nuacht dóibh. Tá go leor de na scéalta a scríobhann an duine seo claonta go h-iomlán ar thaobh Shinn Féin, no an "Galway Alliance Against War" (nó an Galway Alliance Against America" mar a thugann mise orthu!).

    Tá dhá thaobh le chuile scéal agus ba chóir don nuacht an dá thaobh a léiriú go h-iomlán.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 5,297 ✭✭✭Ron DMC


    Ná dearmad freisin go n-imríonn muid uilig iománaíocht, agus ní ithimid ach cabáiste.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,142 ✭✭✭Karlusss


    Nah, tá Lá ceart go leor leis na steiréitíopaí* sin - níos fearr ná Foinse, i mo thuairim - ach maidir leis an pholaitíocht, tá siad lochtach go leor.

    Ach cad a mbeifí ag súil le, ó nuachtáin Ghaeilge Bhéal Feirsteach?

    Ní cabhraíonn stuif mar seo le tóir an dtuarastail.


    * sin an fhocal is fearr ar "stereotype" le fáil ar Acmhainn... Béarlachas dochreidte!


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh


    Tá focal níos fearr le fáil ar focal.ie - buancruth


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire


    Tá sé beagáinín claonta sa treo sin níl aon amhras faoi.
    Agus ag caint le daoine faoi nuachtán tagann sé trasna domsa go gcuireann an t-ainm fhéin daoine as an nuachtán fiú amháin. "Tiocfaidh ár Lá Nua"!


  • Advertisement
  • Moderators, Arts Moderators Posts: 17,231 Mod ✭✭✭✭Das Kitty


    Bhí madra ag cailín go raibh aithne agam uirthi sa choláiste darbh ainm "Chuck", ie. Chuck-faidh ár Lá. Is baill Sinn Féin anois í, ní chuireann sé mórán ionadh orm.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh


    Das Kitty wrote: »
    Bhí madra ag cailín go raibh aithne agam uirthi sa choláiste darbh ainm "Chuck", ie. Chuck-faidh ár Lá. Is baill Sinn Féin anois í, ní chuireann sé mórán ionadh orm.

    :D Tá ciall do ghreann aici ar a laghad


Advertisement